Skip to main content
Menu

Is seirbhís chomhroinnte náisiúnta í Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO) a oibríonn thar ceann 31 údarás áitiúil in Éirinn. Déanann sé na hiarrachtaí a chomhordú chun dea-chaoi nó an-dea-chaoi a choinneáil ar chaighdeán an uisce in aibhneacha, i lochanna, in uiscí idir eatarthu agus cósta, mar a cheanglaítear le Creat-treoir Uisce an Aontais Eorpaigh.

Is acmhainn ríthábhachtach iad dobharlaigh: is é sin, aibhneacha, lochanna, agus uiscí cois cósta na tíre seo. Beathaíonn siad ainmhithe agus plandaí, tacaíonn siad le héiceachórais, agus cothaíonn siad folláine an duine. Is den ríthábhacht é go gcosnaítear iad do lucht na linne seo agus do na glúnta atá le teacht.

D’fhonn feabhas a chur ar chaighdeán uiscí na hEorpa, chuir an tAontas Eorpach an Chreat-treoir Uisce (WFD) ar bun. Leagann an treoir seo na spriocanna síos i leith caighdeán an uisce, agus leagtar amach inti na bearta atá le déanamh ag na ballstáit chun iad a bhaint amach.

Feidhmíonn LAWPRO mar an oifig WFD náisiúnta in Éirinn. Oibríonn sé i ndlúthchomhar le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí rialtais agus le páirtithe leasmhara eile d’fhonn oibleagáidí WFD na hÉireann a chomhlíonadh, agus chun caighdeán uiscí na hÉireann a chosaint agus a fheabhsú.

Tá roinnt bealaí ina ndéanann LAWPRO é seo.

  • Déanann sé iarrachtaí na bpáirtithe leasmhara a chomhordú. Is le Pleananna Bainistithe Abhantraí (RBMPanna) agus le Cláir na mBeart (POManna) a chuirtear cuspóirí WFD i gcrích. Cabhraíonn LAWPRO le húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí rialtais obair as lámha a chéile chun na RBMPanna agus POManna seo a fhorbairt.
  • Tugann sé acmhainní agus treoir d’údaráis áitiúla le caighdeán an uisce ina gceantar féin a fheabhsú.
  • Spreagann sé an pobal chun bheith páirteach, fad is a oibríonn sé le pobail agus le gnólachtaí d’fhonn feasacht a mhúscailt maidir le caighdeán ár n-uiscí nádúrtha agus conas é a chosaint. Mar gheall air seo is i líonmhaire atá grúpaí agus daoine atá ina gcrann taca ag dul maidir le cuidiú le haire a thabhairt do thimpeallacht uisce a gceantair féin.

Is iad Comhairle Contae Chill Chainnigh agus Comhairle Contae Thiobraid Árann a chomhbhainistíonn LAWPRO. An 60 ball foirne speisialtóireachta atá fostaithe aige, oibríonn siad ar fud 13 ionad údaráis áitiúil ar leith laistigh de struchtúr cúig réigiún: Teorainn, Lár agus Oirthear na Tíre, Oirdheisceart, Iardheisceart, Iarthar.

Tá breis eolais faoin gclár le fáil ag lawaters.ie.