Skip to main content
Menu

Soláthraíonn agus déanann údaráis áitiúla cothabháil ar áiseanna éagsúla fóillíochta agus áineasa chun cabhrú leat an leas is mó a bhaint as an gceantar áitiúil. Áirítear leis sin aire a thabhairt do pháirceanna agus bhinsí, do threalamh agus do pháirceanna spóirt lasmuigh, d’áiseanna folláine, páirceanna poiblí carbhán agus campála, agus conairí agus glasbhealaí.

Sa chuid seo

Páirceanna agus tránna poiblí

Tá clú agus cáil ar thírdhreach nádúrtha na hÉireann, agus ligeann ár gcuid páirceanna agus tránna poiblí do chónaitheoirí agus do chuairteoirí am a chaitheamh amuigh faoin aer, taitneamh as a bhaint as an dúlra agus ár mbithéagsúlacht a fhiosrú. Trí dhea-bhail a choinneáil ar na spásanna sin, agus iad a choinneáil cosanta agus inrochtana, ligtear do gach duine an leas is mó a bhaint astu.

Déanann údaráis áitiúla forbairt agus cothabháil ar pháirceanna poiblí chun gur féidir linn go léir taitneamh a bhaint astu. Is féidir leat a fháil amach cá háit a bhfuil na páirceanna is gaire duit ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Áirítear le páirceanna raon áiseanna mar:

  • Conairí agus bealaí rothaíochta
  • Faichí súgartha agus cúirteanna
  • Áiteanna súgartha
  • Ceantair scátála
  • Áiteanna aclaíochta agus trealamh aclaíochta lasmuigh
  • Páirceanna madra
  • Ceantair léirithe agus taispeántais
  • Seomraí tae
  • Gairdíní agus ceapacha bláthanna
  • Araidí

Freisin tugann údaráis áitiúla aire dár gcuid tránna trí:

  • Ghlanadh agus bruscar a láimhseáil
  • Áiseanna feistis a sholáthar do shnámhaithe
  • Gardaí tarrthála a sholáthar
  • Páirceáil a fhorfheidhmiú
  • Cathaoireacha rothaí trá a sholáthar
  • Bithéagsúlacht na trá a chosaint
  • Oibriú i dtreo stádas Brataí Goirme agus Cósta Ghlais le haghaidh chaighdeáin arda chomhshaoil ar ár dtránna

Áiseanna spóirt agus folláine

Trí spásanna a chur ar fáil don spórt agus don aclaíocht ligtear do gach duine sa phobal taitneamh a bhaint as stíl mhaireachtála shláintiúil agus ghníomhach.

Soláthraíonn údaráis áitiúla go leor áiseanna spóirt. D’fhéadfadh go n-áireofaí leo siúd:

  • Faichí
  • Cúirteanna cispheile
  • Cúirteanna leadóige
  • Raonta reatha
  • Linnte snámha poiblí
  • Ionaid aclaíochta
  • Galfchúrsaí poiblí
  • Cúrsaí galf dhá mhaide

Más mian leat foghlaim faoi na háiseanna atá gar duit, seiceáil láithreán gréasáin d’údaráis áitiúil nó ar láithreán gréasáin Éirigh Gníomhach.

Freisin is féidir le húdaráis áitiúla deontais agus maoiniú a chur ar fáil do chlubanna spóirt tríd an gComhpháirtíocht Áitiúil Spóirt.

Conairí, glasbhealaí agus gormbhealaí

Tá an siúl, an fhánaíocht agus ag dul amach ar an uisce ar fad go hiontach don fholláine fhisiceach agus mheabhrach araon. Is bealaí iontacha conairí, glasbhealaí agus gormbhealaí le fiosrú a dhéanamh, am a chaitheamh amuigh faoin aer agus foghlaim faoi bhithéagsúlacht shaibhir ceantair. Comhcheanglaítear bealaí siúil agus rothaíochta leis na glasbhealaí, go minic bailte agus sráidbhailte á nascadh tríd an gcóras glasbhealaigh. Is conairí uisce iad na gormbhealaí áit ar féidir le daoine lapadaíl, canúáil nó cadhcáil a dhéanamh.

Má tá spéis agat cuairt a thabhairt ar conairí siúil nó fánaíochta nó glasbhealaí nó gormbhealaí, téigh chuig suíomh gréasáin údarás áitiúil na háite ina mbeidh cuairt a thabhairt agat uirthi.

Páirceanna Poiblí Carbhán agus Campála

Roghnaíonn go leor daoine campáil nó fanacht i gcarbhán agus iad ag taisteal timpeall na hÉireann. Féadann an champáil bheith ina bhealach spreagúil le blas a fháil d’áit nua agus nascadh arís leis an saol amuigh faoin aer. Tá sé mar fhreagracht orainn go léir, áfach, an timpeallacht a chosaint, meas a léiriú ar úinéirí talún, agus muid féin a chur ar an eolas faoi na rialacha a bhaineann le campáil in áiteanna áirithe. Is tábhachtach fios a bheith agat cá háit ar féidir agus cá háit nach féidir leat campáil i bpuball nó i gcarbhán agus tú ag taisteal timpeall na hÉireann.

Má tá sé ar intinn agat campáil i bpuball nó i gcarbhán, pleanáil do thuras roimh ré agus cá háit a bhfuil tú chun fanacht gach oíche. Is gnách nach gceadaítear campáil fhiáin (fanacht lasmuigh de láithreán campála ainmnithe) i go leor áiteanna in Éirinn. Mura bhfuil tú ag fanacht ar thailte príobháideacha, beidh cead an úinéara talún ag teastáil uait.

Ritheann roinnt údarás áitiúil páirceanna carbhán agus campála poiblí a thairgeann raon áiseanna, lena n-áirítear bánna carbhán, áiteanna campála, cithfholcadáin, leithris agus saoráidí athchúrsála.

Faigh eolas ar na páirceanna campála agus carbhán sa cheantar ina bhfuil tú chun cuairt a thabhairt air ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil.