Skip to main content
Menu

Táirgeann leabharlanna poiblí na hÉireann raon leathan seirbhísí ar féidir rochtain a fháil orthu i bpearsa agus ar líne. Cruthaíonn leabharlanna áit fháilteach do gach duine sa phobal.

Déantar seirbhísí leabharlainne áitiúla a bhainistiú ag gach údarás áitiúil ach feidhmíonn siad catalóg náisiúnta leabharlainne. Is féidir rochtain a fháil ar an gcatalóg náisiúnta leabharlainne trí do leabharlann áitiúil nó trí LibrariesIreland.ie.

Sa chuid seo

Conas ballraíocht den leabharlann a ghlacadh

Is féidir le gach duine ballraíocht leabharlainne a fháil saor in aisce. Is féidir leat ballraíocht a fháil ag aois ar bith agus rochtain a fháil ar na seirbhísí go léir a sholáthraíonn an leabharlann. Is féidir leat ballraíocht a fháil ar líne nó i bpearsa.

Ballraíocht a fháil ar líne

Is féidir leat ballraíocht a fháil i do leabharlann ar líne anois ag LibrariesIreland.ie. Má thógann tú ballraíocht ar líne, beidh rochtain agat ar roinnt seirbhísí ar líne ach beidh ort do bhallraíocht a chríochnú i bpearsa sa leabharlann chun míreanna fisiceacha a thógáil ar iasacht.

Ballraíocht a fháil i bpearsa

Chun ballraíocht a fháil ar an leabharlann nó do bhallraíocht leabharlainne a chríochnú beidh ort cuairt a thabhairt ar an leabharlann agus an méid seo a leanas a thabhairt leat:

  • Cruthúnas ar do sheoladh chun taispeáint cá háit a bhfuil cónaí ort
  • Cruthúnas aitheantais

Iarrfaidh do leabharlann áitiúil ort foirm bhallraíochta a líonadh isteach le ballraíocht a fháil.

Má tá tú níos óige ná 18 mbliana d’aois, beidh cead tuismitheora nó caomhnóra uait chun ballraíocht leabharlainne a ghlacadh agus is iad siúd a bheidh freagrach as úsáid na seirbhísí leabharlainne agat.

Iasacht a fháil ón leabharlann

Tá catalóg leathan leabhar, scannán, ceoil agus níos mó ag leabharlanna poiblí in Éirinn, ar féidir a fháil ar iasacht saor in aisce.

Mar bhall de leabharlann phoiblí in Éirinn, tá rochtain agat ar an gcatalóg náisiúnta iomlán, a chiallaíonn gur féidir leat míreanna a thógáil ar iasacht ó leabharlann ar bith in Éirinn. Nuair a chuireann tú mír in áirithe, seoltar chuig do bhrainse áitiúil í agus is féidir leat í a phiocadh suas agus a fhilleadh nuair atá tú críochnaithe léi.

Is féidir leat suas le 12 mhír a thógáil ar iasacht ag aon uair ar leith. I measc míreanna ar féidir leat a thógáil ar iasacht ó do leabharlann tá:

  • Leabhair (lena n-áirítear eagráin mhóra chlóite)
  • Ríomhleabhair
  • Closleabhair
  • Irisí
  • Nuachtáin
  • DVDanna
  • CDanna
  • Caiséid

Conas míreanna a fháil ar iasacht ón leabharlann

Leabhair agus míreanna fisiceacha

Más mian leat leabhar nó mír eile a thógáil ar iasacht ón leabharlann, is féidir leat í a chuardach ar an gcatalóg ar líne trí láithreán gréasáin do leabharlainne nó ar LibrariesIreland.spydus.ie. Freisin is féidir leat í a lorg i do bhrainse áitiúil nó iarraidh ar leabharlannaí cabhrú leat í a aimsiú.

Nuair a aimsíonn tú an mhír atá uait, is féidir leat í a chur in áirithe. Má tá sé ar fáil i do bhrainse áitiúil, is féidir leat é a phiocadh suas. Má tá sé ar iasacht nó más gá é a sheoladh ó bhrainse eile, cuirfear ar an eolas tú nuair atá sé réidh le piocadh suas. Má tá an mhír curtha in áirithe ag daoine eile, rachaidh tú i scuaine agus cuirfear ar an eolas tú nuair a bheidh cóip ar fáil duit.

Mura bhfuil an mír sa chatalóg náisiúnta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an leabharlann í a cheannach.

Is féidir leat suas le 12 mhír a thógáil ar iasacht ag aon uair ar leith. 

Borrowbox

Foinse ríomhleabhar agus ríomh-chlosleabhar é seo. Féadfaidh tú suas le 5 ríomhleabhar agus 3 ríomh-chlosleabhar a fháil ar iasacht ag aon am amháin. Féadfaidh tú na ríomhleabhair a léamh ar fón cliste Android nó iPhone, nó ar do ríomhaire, ríomhaire glúine nó táibléad. Féadfaidh tú éisteacht leis na ríomh-chlosleabhair ar sheinnteoir MP3 ar bith.

Cad is féidir liom a thógáil ar iasacht sa leabharlann?

Braitheann na nithe ar féidir leat a fháil ar iasacht ón leabharlann ar d’aois.

Baill ar Daoine Fásta Iad
Is féidir le baill ar daoine fásta iad leas a bhaint as gach bailiúchán agus seirbhís leabharlainne agus is féidir leo na ríomhairí sa leabharlann a úsáid chun dul ar an idirlíon.

Aosach Óg (15-17)
Tá cead ag baill 15-17 mbliana d’aois leas a bhaint as gach bailiúchán leabharlainne, DVDanna suas go rátáil 15 mbliana d’aois a fháil ar iasacht, agus na ríomhairí sa leabharlann a úsáid chun dul ar an idirlíon*.

Aosach Óg (12-14)
Tá cead ag baill 12 - 14 mbliana d’aois leas a bhaint as na bailiúchán do pháistí agus d’aosaigh óga, DVDanna suas go rátáil 12 bhliain d’aois a fháil ar iasacht, agus seirbhísí idirlíne do pháistí a úsáid*.

Páistí (faoi 12 bhliain d’aois)
Beidh teacht ag baill faoi 12 ar leabharlann na bpáistí, DVDanna suas go rátáil PG (Treoir Tuismitheora), agus seirbhísí idirlín do pháistí a úsáid.*

* Tá rochtain idirlín faoi réir an pholasaí rochtain idirlíne atá ag gach leabharlann ar leith agus d’fhéadfadh sé seo a bheith difriúil ag brath ar cén leabharlann ina bhfuil tú – ceistigh foireann do leabharlann áitiúil faoi, le do thoil.

Míreanna a fhilleadh nó a athnuachan

Is féidir leat míreanna fisiceacha mar leabhair a fháil ar feadh trí seachtaine i ndiaidh a chéile.

Mura bhfuil tú críochnaithe leis an mír ag deireadh na dtrí seachtaine, is féidir leat é a athnuachan ar feadh trí seachtaine eile murar iarr iasachtaí eile é.

Is féidir leat míreanna a athnuachan trí

  • Logáil isteach i do chuntas ar líne
  • Cuairt a thabhairt ar an leabharlann chun athnuachan a dhéanamh ag an deasc nó úsáid a bhaint as both féinseirbhíse
  • Glaoch ar do bhrainse áitiúil agus sonraí do chárta leabharlainne a thabhairt

Beidh do chárta leabharlainne ag teastáil uait chun míreanna a athnuachan.

Fillfear míreanna ar líne ar nós ríomhleabhar agus closleabhar ar BorrowBox go huathoibríoch ar an leabharlann nuair a bheidh tréimhse d’iasachta caite, ach amháin má dhéanann tú an mhír a athnuachan sula dtagann deireadh leis an tréimhse iasachta.

Míreanna a fhilleadh go deireanach ar an leabharlann

Ní ghearrtar aon fhíneáil ná táille deireanach as míreanna a fhilleadh go deireanach ar an leabharlann. Dá luaithe is a fhilleann tú rud éigin áfach, is ea is luaithe a bheidh sí ar fáil don chéad dhuine eile.

Cé nach ngearrtar aon fhíneáil as leabhair a fhilleadh go deireanach, má tá naoi seachtaine caite agus mura bhfuil an mhír fillte go fóill ar an leabharlann, measfar go bhfuil an mhír caillte, agus cuirfear stad le do chuid pribhléidí iasachta go bhfilleann tú ar an leabharlann le labhairt le duine éigin ag an deasc.

Má chailltear leabhar nó má dhéantar dochar dó, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ort muirear a íoc as é a athsholáthar. Ní chuirtear muirir athsholáthair i bhfeidhm ach ar mhíreanna aosaigh a thógtar ar iasacht le cárta ballraíochta aosaigh (os cionn 18 mbliana d’aois). Is féidir an muirear athsholáthair a íoc i mbrainse leabharlainne ar bith, is cuma cá háit as a dtáinig an mhír.

Is féidir leat sonraí do bhallraíochta a sheiceáil anseo, lena n-áirítear cibé acu an bhfuil míreanna thar am agat uair ar bith, trí logáil isteach i do chuntas ar líne.

Seirbhísí leabharlainne ar líne

Tá go leor seirbhísí leabharlainne ar fáil ar líne, rud a chiallaíonn gur féidir leat rochtain a fháil ar do leabharlann uair ar bith, áit ar bith.

Is féidir leat rochtain a fháil ar ríomhleabhair, closleabhair, irisí agus nuachtáin trí aipeanna ar ghutháin nó tháibléid agus tá go leor cúrsaí ar líne gur féidir leat a dhéanamh le uasoiliúint a dhéanamh saor in aisce tríd an leabharlann.

R-leabhair, closleabhair agus irisí a thógáil ar iasacht trí BorrowBox

Is é BorrowBox an aip a úsáideann leabharlanna Éireannacha le ligean duit, ríomhleabhair, closleabhair agus leaganacha leictreonacha irise a thógáil ar iasacht. Chun BorrowBox a úsáid, ar dtús beidh ort ballraíocht a ghlacadh ar do leabharlann áitiúil, rud is féidir leat a dhéanamh ar líne ag LibrariesIreland.ie Nuair a chláraíonn tú, is féidir leat tosú ar iasachtaí a fháil ó BorrowBox láithreach. Ansin is féidir leat do chuid sonraí logála isteach a úsáid chun rochtain a fháil ar na mílte leabhar le léamh nó le héisteacht leo ar d’fhón nó do tháibléad.

Cúrsaí ar líne

Tá na mílte cúrsa ar fáil le déanamh ar líne trí do leabharlann áitiúil. I measc na gcúrsaí sin tá cúrsaí ar na healaíona, ar cheol, chultúr, theicneolaíocht, innealtóireacht, agus go leor ábhar eile nach iad. Freisin tá cúrsaí teanga ar fáil a fhéadann cabhrú leat breis is 100 teanga a fhoghlaim.

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin do leabharlainne chun rochtain a fháil ar chúrsaí ar líne.

Seirbhísí i do bhrainse leabharlainne áitiúil

Tá do leabharlann áitiúil oscailte do gach duine, mar áit chiúin um léamh, staidéar, rochtain ar an idirlíon nó chun eolas a fháil. Tá go leor ar féidir leat a dhéanamh i do leabharlann áitiúil seachas díreach leabhair a thógáil ar iasacht nó a léamh.

Imeachtaí agus gníomhaíochtaí

Eagraíonn leabharlann go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar féidir le baill den phobal freastal orthu saor in aisce. Tá imeachtaí ann do dhaoine de gach aois.

Le haghaidh leanaí tá imeachtaí ann mar am scéalaíochta, grúpaí lapadáin, clubanna cluiche agus ceardaíocht agus níos mó.

Le haghaidh daoine fásta, tá gníomhaíochtaí ann mar chlubanna leabhair, chainteanna, léamha, ranganna, ciorcail cheardaíochta agus eile.

Téigh chuig do leabharlann áitiúil nó chuig láithreán gréasáin do leabharlainne chun fáil amach cén imeachtaí atá ar siúl, agus má tá smaoineamh agat le haghaidh gníomhaíochta nua, labhair leis an leabharlannaí chun féachaint an féidir í a eagrú.

Spás don phobal

Áiteanna sábháilte agus fáilteacha don phobal iad leabharlanna Ó áit chompordach um shuí agus léamh, áit chiúin don staidéar, nó bealach le rochtain a fháil ar an idirlíon, is féidir leis an leabharlann an méid atá uait a thairiscint. Áirítear iad seo a leanas:

  • Spásanna le haghaidh staidéir
  • Rochtain ar ríomhairí agus an idirlíon
  • Áit um shuí agus léamh
  • Áit do ghrúpaí pobail

Tá spás ag go leor leabharlann áitiúil ar féidir le grúpaí pobail a úsáid le haghaidh cruinnithe agus imeachtaí. Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil chun fáil amach an féidir seomra nó áit sa leabharlann a úsáid le haghaidh imeachta.

Seirbhísí ríomhaire agus priontála

Táirgeann leabharlann WiFi saor in aisce agus is féidir le go leor brainsí rochtain a thabhairt ar ríomhairí agus phrintéirí. Dá mba mhaith leat ríomhaire a úsáid nó rochtain a fháil ar an idirlíon i do leabharlann áitiúil, taispeánfaidh an leabharlannaí duit conas tosú ar an ríomhaire. D’fhéadfadh go mbeadh difríochtaí idir rochtain idirlín, ag brath ar an leabharlann atá á húsáid agat - seiceáil le do thoil le do leabharlann áitiúil.

Freisin d’fhéadfadh go mbeifeá in ann na printéirí agus na scanóirí i do leabharlann a úsáid. Tá printéirí 3D i roinnt brainsí freisin ar féidir a úsáid saor in aisce.

Chun níos mó a fhoghlaim faoi sheirbhísí ríomhaire agus priontála i do leabharlann, déan teagmháil le do bhrainse áitiúil.

Seirbhísí eolais i do bhrainse leabharlainne áitiúil

Tá do leabharlann ann chun eolas agus tacaíocht a thabhairt le rochtain a fháil ar na seirbhísí atá uait. Áirítear leis sin eolas faoi sheirbhísí rialtais mar leas sóisialach agus do chuid teidlíochtaí.

Áirítear le heolas ar féidir leat rochtain a fháil air i do leabharlann áitiúil eolas faoi:

  • Seirbhísí rialtais
  • Tacaíochtaí leasa shóisialaigh
  • Stair agus cultúr áitiúil
  • Sláinte agus folláine
  • Tacaíocht oideachais
  • An comhshaol
  • Eolas ar an Aontas Eorpach trí Europe Direct

Éire Shláintiúil i do leabharlann

Straitéis náisiúnta í tionscnamh Éire Shláintiúil chun sláinte agus folláine a fheabhsú i n Is í aidhm Éire Shláintiúil feasacht a scaipeadh chun tacú le daoine bheith níos folláine agus fanacht folláin ar feadh níos mó ama.

Tá leabharlanna poiblí na hÉireann ina ngné lárnach de thionscnamh Éire Shláintiúil, agus iad ag soláthar ábhar agus leabhar, ag rith imeachtaí agus oiliúna agus ag cur chun cinn an tionscnaimh sa phobal. Is féidir leat rochtain a fháil ar raon ábhar agus imeachtaí faoi aire a thabhairt do do shláinte agus do d’fholláine trí do leabharlann áitiúil.

Tacaí gnó agus fostaíochta i do leabharlann

Má tá tú ag lorg poist nua agus mura bhfuil tú cinnte cá háit le tosú, is féidir le do leabharlann eolas agus tacaíocht a thabhairt le cabhrú leat leis an aistriú.

Cuimsíonn an tacaíocht sin:

  • Poist a chuardach
  • Taighde a dhéanamh ar ghairmeacha difriúla
  • Iarratas poist a ullmhú
  • Do CV a chruthú
  • Ullmhú le hagallaimh
  • Déileáil le dífhostaíocht

Más mian leat do ghnóthas féin a thosú nó a fhás ach mura bhfuil a fhios agat cá háit le tosú, tá tacaíocht agus eolas ar fáil i do leabharlann áitiúil chun cabhrú leat an chéad chéim a thógáil.

Áirítear iad seo a leanas:

  • Taighde a dhéanamh le haghaidh do ghnó
  • Airgeadas agus maoiniú
  • Cearta maoine intleachtúla
  • Conas do ghnóthas féin a thosú agus a rith

Tacaíocht leabharlainne do luathfhoghlaim, do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile.

Is féidir le do leabharlann áitiúil raon acmhainní agus gníomhaíochtaí a thairiscint do dhaltaí ó luathfhoghlaim agus bhunscoil go hiar-bhunscoil, a fhéadann cabhrú le tacú le scileanna litearthachta, uimhearthachta,cruthaitheachta, agus scileanna cumarsáide leanaí.

Is féidir leis an tacaíocht sin na gnéithe seo a leanas a áireamh:

  • Cuairteanna ranga ar an leabharlann
  • Cárta múinteora chun míreanna a fháil ar iasacht don rang
  • Acmhainní leabharlainne a chur ar fáil don scoil
  • Tacaíocht le hobair taighde agus tionscadail

Chun níos mó a fhoghlaim faoi na seirbhísí a fhéadann leabharlanna a thairiscint do scoil, téigh chuig LibrariesIreland.ie.

Mo Leabharlann Oscailte

Is fusa ná riamh rochtain a fháil ar an leabharlann a bhuí don tionscnamh Mo Leabharlann Oscailte. Le Mo Leabharlann Oscailte, bíonn brainsí leabharlainne áirithe ar fáil ar feadh níos mó uaireanta an chloig, a ligeann duit míreanna a fháil ar iasacht agus a fhilleadh, an printéir nó an fótachóipeálaí a úsáid, rochtain a fháil ar an idirlíon nó an WiFi agus áit staidéir a úsáid.

Leabharlann féinseirbhíse gan fhoireann é Mo Leabharlann Oscailte a bhíonn ar fáil ó 8am-10pm, 7 lá sa tseachtain. Beidh foireann ar fáil le linn ghnáth-uaireanta foirne sceidealaithe. Lasmuigh d’uaireanta foirne sceidealaithe, bíonn féinseirbhís ar fáil.

Chun clárú do Mo Leabharlann Oscailte, ní mór duit bheith i do bhall den leabharlann agus clárú trí bhrainse áitiúil Mo Leabharlainne Oscailte. Chun níos mó a fhoghlaim faoi bhrainsí Mo Leabharlann Oscailte gar duit, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin do leabharlainne áitiúla.