Skip to main content
Menu

Tá gnólachtaí Éireannacha ina gcrann taca ag geilleagar na tíre, cuireann siad poist ar fáil, agus seachadann siad earraí agus seirbhísí d’fhonn freastal ar riachtanais mhuintir na hÉireann. Tacaíonn údaráis áitiúla le gnólachtaí ar roinnt bealaí. Mar chuid de seo tá infheistiú i ngeilleagar na háite a fhorbairt, deontais a thabhairt, agus comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil trí bhíthin na hOifige Fiontair Áitiúil.

Sa chuid seo

Tacaíochtaí do ghnóthais bheaga

Ní fhéadfadh an geilleagar áitiúil déanamh gan gnóthais bheaga, agus is den ríthábhacht iad chun poist a sholáthar agus daoine a spreagadh chun a gcuid airgid a chaitheamh go háitiúil. Ar na tosaíochtaí is mó atá ag údaráis áitiúla tá féachaint chuige go bhfuil an tacaíocht atá de dhíth orthu ag gnólachtaí chun iad féin a chur ar bun agus leanúint orthu ag dul ó neart go neart.

Má tá do ghnólacht féin agat nó má tá fonn ort gnólacht a chur ar bun, seans go mbeadh d’údarás áitiúil in ann cabhrú leat leis sin ach comhairle a chur ort agus tacaíocht a thabhairt duit trí bhíthin na hOifige Fiontair Áitiúil nó tionscnaimh eile.

Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ)

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil d’ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le gnólacht a chur ar bun nó a fhorbairt in Éirinn.

Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 fhoireann dírithe go hiomlán air seo ag obair leo ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar.

Le fáil ó Oifigí Fiontair Áitiúil tá:

  • Deontais airgeadais agus tacaíochtaí mar chabhair duit gnólacht a chur ar bun nó ceann a fhorbairt
  • Comhairle maidir le deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí stáit
  • Eolas maidir le seirbhísí áitiúla agus ceanglais atá le comhlíonadh
  • Cláir a thacaíonn le héifeachtúlacht, inbhuanaitheacht, agus iomaíochas gnó
  • Oiliúint do dhaoine ar mian leo gnóthas beag a chur ar bun nó daoine a bhfuil gnóthas beag acu cheana féin
  • Cláir mheantóireachta

Tá cuntas iomlán ar thacaíochtaí OFÁ le fáil ag LocalEnterprise.ie.

Más mian leat gnóthas beag a chur ar bun nó a fhorbairt, ná bíodh leisce ort dul chun cainte leis an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar.

Deontais agus tionscnaimh do ghnólachtaí

Tá teacht ag lucht gnó in Éirinn ar roinnt deontas agus tionscnamh más mian leo gnólacht a chur ar bun nó a fhorbairt. Is féidir cuid mhaith de na deontais a fháil ón Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar, agus tá teacht ar na cinn eile ach dul trí d’údarás áitiúil.

Scéimeanna feabhsúcháin sráid-dreacha agus ceantair

Más taitneamhach iad ár mbailte móra agus ár sráidbhailte, beidh fonn ar dhaoine am a chaitheamh iontu. Má chaitheann daoine níos mó ama inár mbailte móra agus inár sráidbhailte, is cabhair é seo maidir le tacú le gnólachtaí áitiúla agus iad a fhorbairt.

Tá maoiniú deontais le fáil ó scéimeanna feabhsaithe sráid-dreacha agus ceantair más úinéir foirgnimh tráchtála, chónaithe nó fholaimh thú in áiteanna ar leith agus é de rún agat aghaidh siopa nó aghaidh sráide i mbaile mór nó i sráidbhaile faoin tuath a uasghrádú nó a fheabhsú.

Le fáil amach faoi scéimeanna feabhsaithe sráid-dreacha i do cheantar, tabhair cuairt ar an rannán gnó ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Ceantair feabhsaithe ghnó

Molann údaráis áitiúla go ndéanfaí Ceantar Feabhsaithe Gnó de cheantar ar leith ó am go chéile. Tugann an scéim seo deis d’íocóirí rátaí sa cheantar atá beartaithe a moltaí féin a chur isteach maidir le tionscadail, seirbhísí agus oibreacha a rachadh chun tairbhe gnólacht i mbun gnó sa cheantar sin. Is chun tairbhe na ngnólachtaí amháin a dhéanfaí na hoibreacha seo, agus ghearrfaí tobhach ráta breise chun tionscadail agus seirbhísí den sórt seo a mhaoiniú.

Le tuilleadh a fháil amach faoi cheantair feabhsaithe ghnó, tabhair cuairt ar an rannán gnó ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Deontas Scéime Dreasachta Gnó

Tá neart údarás áitiúil ann a chuireann Deontas Scéime Dreasachta Gnó ar fáil. Tá sé mar aidhm ag an deontas seo líon na bhfoirgneamh folamh a laghdú ach gnólacht nua a mhealladh chun cur faoi in áitreabh atá folamh ar feadh tréimhse áirithe. Féadann sé seo brí nua a chur i mbailte móra, sráidbhailte, agus i gcathracha, gan trácht ar thacaíocht airgeadais a thabhairt do ghnólachtaí nua i gcomhair a n-áitreabh.

Le tuilleadh a fháil amach faoin Dheontas na Scéime Dreasachta Gnó, tabhair cuairt ar an rannán gnó ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Forbairt gheilleagrach

Le go spreagfaí gnólachtaí chun infheistiú agus leathnú a dhéanamh i do cheantar áitiúil, caithfidh an rialtas áitiúil an timpeallacht a chur ar bun is gá le go mbeadh rath ar ghnólachtaí. Fónann forbairt gheilleagrach do phoist a chruthú, borradh a chur faoin ngeilleagar, earraí agus seirbhísí a bhfuil géarghá leo a thabhairt isteach, agus bonneagar na háite a fheabhsú ar mhaithe le gach duine.

Féachann údaráis áitiúla le tacú le geilleagar náisiúnta agus áitiúil atá faoi bhláth trí:

  • Infheistiú i mbonneagar
  • Spásanna agus áiseanna poiblí a fheabhsú
  • Infheistíocht straitéiseach agus pleananna forbartha geilleagraí
  • Tacú le tionscnaimh ghnó
  • Tacú le hionaid fiontraíochta agus le moil nó iad a fhorbairt
  • Infheistíocht Dhíreach Eachtrach a Spreagadh

Le fáil amach faoi na tionscnaimh forbartha geilleagraí i do cheantar, tabhair cuairt ar an rannán gnó ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Pleananna Gheilleagar agus Phobal na hÁite (LECP)

Is bealach iad Pleananna Gheilleagar agus Phobal na hÁite (LECP) chun na pobail ina gcónaímid a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe ach cuspóirí agus gníomhaíochtaí a leagan síos a fhónfaidh d’fhorbairt gheilleagrach, áitiúil agus phobail a chur chun cinn i limistéar údaráis áitiúil.

Agus iad ag obair i bpáirt le páirtithe leasmhara geilleagracha agus pobail amhail grúpaí pobail agus gnólachtaí áitiúla, féachann LECPanna le:

  • Feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála agus folláine pobal
  • Tacú le hoiliúint, uasoiliúint, agus cruthú post
  • Bonneagar agus áiseanna a chur ar fáil do mhuintir na háite
  • Tacú le fiontraíocht shóisialta, le hobair dheonach agus le saoránacht ghníomhach sa cheantar
  • Deis a thabhairt do mhuintir na háite páirt a ghlacadh i bhforbairt beartais agus sna próisis chinnteoireachta maidir le seirbhísí a fhorbairt agus a sholáthar ina gceantar féin.

Chun an leagan foilsithe den LECP a fháil, níl le déanamh agat ach dul chuig suíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Rátaí tráchtála

Tá rátaí tráchtála le híoc ar ionaid réadmhaoine tráchtála. Caitear le gach ionad réadmhaoine tráchtála nó tionsclaíoch mar ‘ionad réadmhaoine inrátaithe’ a bhfuil rátaí tráchtála le híoc air. Is ar áititheoir an ionaid réadmhaoine a ghearrtar na rátaí.

An t-airgead a fhaightear ó rátaí tráchtála, caitear é ar na seirbhísí laethúla a chuireann an t-údarás áitiúil ar fáil, lena n-áirítear soilsiú sráide, glanadh sráide, caoi a choinneáil ar chosáin agus ar bhóthair, páirceanna agus spásanna poiblí, cosaint na timpeallachta, leabharlanna, seirbhísí dóiteáin, agus eile.

Conas a ríomhtar rátaí tráchtála?

Iolraítear luacháil inrátaithe an ionaid réadmhaoine faoin Ráta Bliantúil ar an Luacháil (ARV) – arb é an t-údarás áitiúil a shocraíonn é sin – chun rátaí tráchtála a ríomh.

Luacháil Inrátaithe

Is éard is luach inrátaithe ionaid réadmhaoine ann an méid cíosa a d’fhéadfaí a shaothrú ón ionad réadmhaoine, dar leis an gCoimisinéir Luachála. Is féidir Léarscáil Luachála na hOifige Luachála a úsáid le Luacháil Inrátaithe d’ionad réadmhaoine a fháil amach

Ráta Bliantúil arLuacháil(ARV)

Is iad comhaltaí tofa na Comhairle a shocraíonn an ARV gach bliain ag an gcruinniú buiséid bliantúil. Baintear caiteachas don bhliain atá le teacht ó ioncam na Comhairle chun an ARV a shocrú. Tá an ARV bunaithe ar an easnamh idir an dá fhigiúr sin.

An Coimisinéir Luachála

Is oifig rialtais neamhspleách í an Coimisinéir Luachála atá freagrach as luachálacha suas chun dáta a sholáthar ar ionaid réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíocha d’íocóirí rátaí agus d’údaráis áitiúla. Is féidir iarraidh ar an Oifig Luachála athbhreithniú a dhéanamh ar do luacháil i gcúinsí áirithe.

An chaoi a ríomhtar rátaí tráchtála

D’fhonn an ráta tráchtála a ríomh, caithfear an luacháil inrátaithe a iolrú faoin Ráta Bliantúil ar Luacháil (ARV):

Luacháil Inrátaithe x Ráta Bliantúil ar Luacháil(ARV) = Rátaí atá le híoc

Socraíonn gach údarás áitiúil a ARV féin gach bliain. Téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil chun do ARV a fháil amach.

Deiseanna gnó le d’údarás áitiúil

Más spéis leat éirí i do sholáthraí nó i do sholáthraí seirbhíse d’údaráis áitiúil, beidh ort páirt a ghlacadh i bpróiseas soláthar phoiblí.

Toisc gur soláthar poiblí atá i gceist tá rialacha áirithe ann a gcaithfidh údaráis áitiúla agus comhlachtaí poiblí eile cloí leo nuair atá earraí agus seirbhísí á gceannach acu. Is iad treoracha ón AE, reachtaíocht na hÉireann agus beartas an rialtais a leagann síos na rialacha. Braithfidh an nós imeachta atá le déanamh ar luach an chonartha.

eTenders

Úsáideann údaráis áitiúla ardán tairisceana ar líne, eTenders, chun an próiseas meastacháin agus tairisceana a bhainistiú. Is é seo ardán tairisceana Rialtas na hÉireann agus is í an Oifig um Sholáthar Rialtais a dhéanann é a riaradh. Is áis lárnach é an t-ardán do gach údarás conarthach san earnáil phoiblí le fógraíocht a dhéanamh faoi dheiseanna soláthair agus le cinntí a fhógairt maidir le gnólachtaí ar éirigh leo conradh a fháil mar thairgeoir.

D’fhonn iarraidh ar mheastachán nó iarraidh ar thairiscint a fhreagairt, caithfidh gnólacht a bheith cláraithe go hiomlán ar an ardán eTenders. Is féidir le soláthraithe clárú ar eTenders.gov.ie

Meastacháin

Bíonn údaráis áitiúla ag iarraidh meastacháin a fháil i gcomhair earraí agus seirbhísí ar fiú suas le €50,000 iad.

Is túsphointe é seo a oireann go seoigh do ghnólachtaí ar mian leo gnó a dhéanamh lena n-údarás áitiúil, agus is ag an leibhéal seo a dhéanann údaráis áitiúla mórchuid dá ngnó.

Féachann údaráis áitiúla le meastacháin a fháil tríd an áis QuickQuotes ar eTenders uaireanta, nó téann siad i dteagmháil le gnólachtaí trí ríomhphoist chun meastacháin a fháil uaireanta eile. Le go mbreithnítear iad le haghaidh iarrataí ar mheastachán ar eTenders, caithfidh soláthraithe a bheith cláraithe go hiomlán ar an ardán.

An próiseas tairisceana

Má tá luach níos mó ná €50,000 ar an gconradh i gcomhair earraí agus seirbhísí, caithfear tabhairt faoi phróiseas foirmeálta tairisceana. Má thugtar faoin bpróiseas tairisceana, cinnteoidh sé sin go mbronnfar na conarthaí ar bhealach cothrom trédhearcach. Foilseoidh na húdaráis áitiúla Iarraidh ar Thairiscint (RFT) ina leagtar amach: sonraíochtaí na hoibre; na critéir faoina bhfágtar gnólachtaí as an áireamh, a roghnaítear iad, agus a mbronntar tairiscintí orthu; chomh maith le heolas faoin gcaoi ina ndéantar na tairiscintí a mheas. Soláthrófar Cáipéis Freagartha Tairisceana (TRD) agus caithfear í a úsáid le tairiscint a chur isteach.

SupplyGov.ie

Le cois eTenders, baineann údaráis áitiúla leas as an ardán SupplyGov le mion-chomórtais a reáchtáil i gcomhair mionoibreacha tógála agus sibhialta agus le haghaidh gléasra a fháil ar cíos. Is féidir SupplyGov a úsáid chun iarrataí ar thairiscint a thagann faoi na catagóirí seo a bhainistiú.

Le clárú mar sholáthraí i gcomhair mionoibreacha tógála agus sibhialta agus gléasra a fháil ar cíos tabhair cuairt ar SupplyGov.ie.