Skip to main content
Menu

Soláthraíonn údaráis áitiúla seirbhísí éigeandála bunriachtanacha ar mhaithe le pobail a choinneáil slán ó dhíobháil. Ar na seirbhísí seo tá seirbhísí dóiteáin, Cosaint Shibhialta, sábháilteacht san uisce, agus freagairt do mhór-éigeandálaí agus d’eachtraí adhaimsire. Bíonn baill foirne agus oibrithe deonacha ag obair gan stad gan staonadh chun timpistí a chosc, freagairt d’éigeandálaí, agus iad ag iarraidh gach duine ina bpobal féin a choinneáil slán ó bhaol.

Sa chuid seo

Seirbhísí dóiteáin

Bíonn comhraiceoirí dóiteáin ag obair leo chun líon na ndaoine a ghortaítear nó a fhaigheann bás a laghdú, ionaid réadmhaoine a chosaint, agus an timpeallacht a choinneáil slán nuair a tharlaíonn éigeandáil. Feidhmíonn an tseirbhís dóiteáin tríd an údarás áitiúil agus iad ag freagairt do thinte, do thimpistí bóthair, do thuilte, do theagmhais cheimiceacha agus ghuaiseacha, agus d’éigeandálaí eile.

I measc na seirbhísí a sholáthraíonn an tseirbhís dóiteáin tá:

  • Práinnfhreagairt dóiteáin agus tarrthála
  • Bearta chun tine a chosc amhail deimhnithe um shábháilteacht ó dhóiteán a eisiúint agus athbhreithniú á dhéanamh ar iarratais ar cheadúnas agus ar iarratais phleanála
  • Iniúchadh foirgneamh agus forfheidhmiú le cinntiú go gcloíonn foirgnimh le rialacháin agus rialuithe
  • Tuiscint a chothú ar shábháilteacht agus ar chosc dóiteáin

Má bhaineann tubaiste duit agus má tá gá agat le cabhair na seirbhíse dóiteáin áitiúla, glaoigh ar 999/112 agus iarr orthu tú a chur ar aghaidh chuig an tseirbhís dóiteáin.

Más spéis leat dul i mbun oibre leis an tseirbhís dóiteáin áitiúil mar chomhraiceoir dóiteáin lánaimseartha nó mar chomhraiceoir dóiteáin ar áirithíocht, tá eolas faoi dheiseanna oscailte le fáil ar LocalGovernmentJobs.ie.

Cosaint Shibhialta

Tacaíonn oibrithe deonacha sa Chosaint Shibhialta le seirbhísí éigeandála duine le duine a sholáthar i réimsí amhail freagairt leighis, freagairt éigeandála, cuardach agus tarrtháil, faireachán a dhéanamh ar radaíocht, agus cúnamh pobail. Is eagraíocht náisiúnta í an Chosaint Shibhialta arb iad oibrithe deonacha a reáchtálann í agus arb iad údaráis áitiúla a dhéanann í a éascú.

Má tá fonn ort obair dheonach a dhéanamh leis an gCosaint Shibhialta, is féidir leat dul isteach inti agus teacht ar oiliúint ina leith trí d’údarás áitiúil. Le heolas a fháil faoi conas éirí i d’oibrí deonach leis an gCosaint Shibhialta nó le hiarraidh go rachadh comhalta den Chosaint Shibhialta i dteagmháil leat, is féidir iarraidh a chur isteach trí shuíomh gréasáin na Cosanta Sibhialta.

Sábháilteacht san uisce

Bítear ag brath go mór ar shábháilteacht san uisce chun timpistí a chosc agus le nach marófaí daoine san uisce.

Bíonn údaráis áitiúla ag obair leo chun daoine a chur ar an eolas faoi shábháilteacht san uisce, timpistí a chosc, agus freagairt d’éigeandálaí i bhfoirm tionscnaimh um shábháilteacht san uisce.

I measc na dtionscnamh um shábháilteacht san uisce idir lámha ag údaráis áitiúla bíonn:

  • Gardaí tarrthála a chur ar dualgas ar thránna agus ag áiteanna snámha amuigh faoin spéir i rith an tsamhraidh
  • Baoithe tarrthála a chur suas agus a choinneáil i gcaoi mhaith chun oibre ag droichid, ag céanna, agus ag tránna
  • Eolas a thabhairt do dhaoine agus comhairle a chur orthu faoi shábháilteacht san uisce
  • Tionscnaimh sábháilteachta i leith uisce reatha a reáchtáil i bpáirt le Sábháilteacht Uisce na hÉireann, cúrsaí oiliúna agus feachtas sábháilteachta san áireamh

Freagairt d’éigeandálaí

Is cloch mhór ar phaidrín na n-údarás áitiúil daoine a choinneáil slán ó dhíobháil, agus is beart tábhachtach é i dtreo daoine a chosaint ar ghortú nó ar bhás a fháil pleananna a bheith i bhfeidhm acu i leith freagairt do theagmhais éigeandála.

Freagairt Éigeandála in Aimsir Throm

Is den ríthábhacht freagairt phras chomhordaithe a thabhairt ar éigeandálaí adhaimsire má táthar chun beatha daoine, bonneagar agus réadmhaoin a chosaint. Oibríonn údaráis áitiúla i gcomhar le gníomhaireachtaí poiblí agus le seirbhísí éigeandála d’fhonn freagairt d’eachtraí aimsire tromchúiseacha, stoirmeacha, tuilte, agus titim sneachta throm.

 Mar chuid den obair seo déantar iarracht cur isteach ó na heachtraí adhaimsire seo a mhaolú a oiread agus is féidir, tríd an eolas is deireanaí faoin aimsir a scaipeadh, faoiseamh tuile a thabhairt, lucht cónaithe agus ainmhithe a aistriú amach, smionagar a ghlanadh chun siúil, agus oighear a bhaint de mhórbhealaí.

Bainistiú Móréigeandála

Is éard is móréigeandáil ann eachtra a tharlaíonn gan choinne nó geall leis, eachtra ina bhfuil baol mór ann go ngortófaí daoine nó go bhfaighidís bás, go ndéanfaí dochar do réadmhaoin, nó go gcuirfí isteach go mór ar sheirbhísí riachtanacha agus go bhfuil baol ann go rachadh sé thar acmhainn gníomhaireachta amháin dul i ngleic léi ar a haonar.

Tá údaráis áitiúla i measc na ngníomhaireachtaí príomhfhreagartha ar ainmnigh an rialtas iad le freagairt do mhóréigeandálaí. Is iad An Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an dá ghníomhaireacht phríomhfreagartha eile.

Forbraíonn na gníomhaireachtaí príomhfhreagartha pleananna éigeandála le go dtabharfar freagairt do mhóréigeandálaí ar bhealach comhordaithe.