Cuireann údaráis áitiúla na healaíona agus an chruthaitheacht chun cinn trí thacaíocht d’fhéilte agus d’imeachtaí, d’ionaid ealaíon agus chultúir, agus trí dheontais d’ealaíontóirí.
Chun cabhrú le gnólachtaí fás, is féidir le húdaráis áitiúla tacaíocht agus comhairle a thairiscint agus deontais ghnó a sholáthar tríd an Oifig Fiontair Áitiúil.
Agus ról tábhachtach acu ag tacú le daonlathas na hÉireann, déanann údaráis áitiúla Clár na dToghthóirí a bhainistiú agus a nuashonrú do na vótálaithe go léir ina gceantar.
Gach lá oibríonn d’údarás áitiúil chun an comhshaol a chosaint trí dhul i ngleic le truailliú, dramhaíl a bhainistiú agus bithéagsúlacht a chur chun cinn.
Oibríonn údaráis áitiúla chun an timpeallacht thógtha stairiúil a cheiliúradh agus a ardú, agus chun í a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.
Soláthraíonn agus bainistíonn údaráis áitiúla 140,000 teach ar fud na hÉireann, agus soláthraíonn siad raon seirbhísí agus tacaíochtaí do thionóntaí agus úinéirí tí.
Taobh istigh agus amuigh araon, cuireann údaráis áitiúla áiseanna éagsúla fóillíochta, aclaíochta agus caithimh aimsire ar fáil do dhaoine de gach aois agus cumas.
Is spás fáilteach iad leabharlanna do gach duine sa phobal. Faigh amach conas ballraíocht a ghlacadh, cad is féidir leat a fháil ar iasacht, agus faoi na seirbhísí ar féidir leat a úsáid.
Faigh amach conas a rachaidh pleanáil cheart chun tairbhe an phobail ar fad, cad a bhfuil cead pleanála riachtanach dó agus conas a théann údaráis áitiúla i ngleic le tréigean.
Ó uasghrádú agus cothabháil a dhéanamh ar ár mbóithre go dtí bonneagar taistil ghníomhach a sholáthar, cabhraíonn údaráis áitiúla le gach duine dul ó A go B.
Tacaíonn údaráis áitiúla le turasóireacht inbhuanaithe ina gceantair, agus cabhraíonn siad le gnólachtaí áitiúla leas a bhaint as an earnáil bhríomhar seo den gheilleagar.
Cuireann údaráis áitiúla úinéireacht fhreagrach madraí agus capall chun cinn, agus déanann siad cigireacht ar leas ainmhithe agus sábháilteacht bia ag saoráidí seamlais beaga.
Chun cáilíocht uisce a chinntiú agus tuilte a laghdú, bainistíonn údaráis áitiúla draenáil uisce dromchla agus déanann siad iniúchadh ar umair mhúnlaigh agus ar ghrúpscéimeanna uisce.