Skip to main content
Menu

Le go dtiocfadh pobail faoi bhláth, caithfear féachaint chuige gur áiteanna breátha iad ár sráidbhailte, bailte móra, agus cathracha le bheith i do chónaí ann. Tuigeann údaráis áitiúla go maith á thábhachtaí agus atá grúpaí pobail agus deonacha agus soláthraíonn siad roinnt tacaíochtaí do ghníomhaíochtaí agus d’fhorbairt pobail dá réir.

Sa chuid seo

Tacú le pobail

Infheistíonn údaráis áitiúla i bpobail i bhfoirm tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí áitiúla agus deonacha, spásanna a chur ar fáil don phobal sa cheantar áitiúil, agus trí deis a thabhairt do mhuintir na háite páirt a ghlacadh sna próisis chomhairliúcháin agus chinnteoireachta.

Tionscnaimh agus deontais phobail

Infheistíonn údaráis áitiúla in áiseanna áitiúla agus i gcaitheamh aimsire, tacaíonn siad le tionscnaimh phobail agus maoiníonn siad grúpaí pobail áitiúla ar mhaithe le pobail bhríomhara, ghníomhacha agus ionchuimsitheacha a chruthú.

Mar chuid de seo tacaítear le:

  • Grúpaí agus gníomhaíochtaí pobail
  • Ionaid phobail
  • Grúpaí óige

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí agus imeachtaí a mhaoiniú nó deontais a thabhairt d’fhoirgnimh agus do threalamh a bheith i gceist leis an tacaíocht seo.

Más mian leat tuilleadh a fháil amach faoin obair a dhéanann grúpaí pobail i do cheantar, nó má tá tionscadal ar leith ar intinn agat a mbeadh gá agat le tacaíocht ina leith, tabhair cuairt ar an rannán pobail ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Aoisbhá Éireann

Is é is aidhm le Aoisbhá Éireann ár gcathracha agus ár gcontaetha a dhéanamh níos inrochtana agus níos ionchuimsithí do dhaoine breacaosta atá ina gcónaí sa phobal. Cuireann cláir Aoisbhá Éireann ar chumas daoine breacaosta maireachtáil go neamhspleách agus saol fónta a chaitheamh ar bhealach ina spreagtar don phobal maireachtáil ar scáth a chéile agus ina dtugtar aghaidh ar neamhionannas le gur féidir le daoine idir óg agus aosta saol níos folláine, níos gníomhaí agus níos muinteartha a chaitheamh.

Is seirbhís í Aoisbhá Éireann a roinntear ar fud na hearnála rialtais áitiúil go léir agus a thacaíonn le gach ceann de na 31 údarás áitiúil Cláir áitiúla Aoisbhá Éireann dá gcuid féin a fhorbairt. Mar chuid de seo d’fhéadfadh gníomhaíochtaí a bhaineann le tithíocht, seirbhís sláinte, spásanna agus foirgnimh amuigh faoin spéir, iompar agus fostaíocht a bheith i gceist.

Faigh amach tuilleadh ag AgeFriendlyIreland.ie

Bailte Slachtmhara

Is comórtas é na Bailte Slachtmhara atá ar an bhfód le fada an lá agus a fhéachann le pobail ar fud na hÉireann a spreagadh chun aire a thabhairt don timpeallacht áitiúil le mórtas pobail a spreagadh iontu. Aon phobal a ghlacann páirt san chomórtas, déantar iad a mheas de réir réimse catagóirí amhail sráid-dreacha agus áiteanna poiblí, spásanna glasa, dúlra agus bithéagsúlacht, néatacht agus bruscar, agus tuilleadh nach iad.

Tá comórtas na mBailte Slachtmhara á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Agus iad a iarraidh tacú le hobair ghrúpaí Bailte Slachtmhar, fógraíonn na húdaráis áitiúla a ngaiscí don saol mór, baineann siad leas as na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail le cinntiú go mbíonn na grúpaí céanna páirteach sna próisis chinnteoireachta, chomh maith le trealamh a thabhairt leithéidí bainteoirí bruscair agus málaí, agus tionscadail aonuaire a mhaoiniú i gcásanna áirithe.

Más spéis leat grúpa Bailte Slachtmhara a thosú nó dul i bpáirt le ceann atá ar an bhfód le fada, tabhair cuairt ar TidyTowns.ie.

Forbairt Pobail

Ar cheann de na rúin is mó atá ag an údarás áitiúil tá féachaint chuige go bhforbraítear an pobal ar bhonn geilleagrach, áitiúil, agus pobail.

Oibríonn údaráis áitiúla i bpáirt le grúpaí pobail agus deonacha agus le comhlachtaí poiblí eile le tacú leis na hiarrachtaí pobail a fhorbairt agus muintir na háite a spreagadh le bheith rannpháirteach ina bpobal féin. Leis seo a dhéanamh, baintear feidhm as tionscnaimh amhail:

  • Pleananna Gníomhaíochta Pobail
  • Gradaim Phobail agus Oibrithe Deonacha
  • Tacaíocht airgeadais do ghrúpaí pobail
  • Ionaid phobail
  • Áiseanna agus saoráidí nua a sholáthar
  • Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte

Tá roinnt próiseas foirmeálta ann trínar féidir le muintir agus grúpaí na háite páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán, i ndéanamh cinntí agus i bhforbairt an cheantair ina bhfuil cónaí orthu. I measc seo tá Coistí um Pobail na hÁite a Fhorbairt (LCDCanna), Pleananna Gheilleagar agus Phobal na hÁite (LECPanna), agus Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (PPNanna).

Coistí um Pobal na hÁite a Fhorbairt (LCDCanna)

Tugtar Coistí um Pobal na hÁite a Fhorbairt isteach d’fhonn forbairt pobail a fheabhsú agus le go mbeadh údaráis áitiúla i gcroílár iarrachtaí forbartha áitiúla agus pobail.

Oibríonn Coistí um Pobal na hÁite a Fhorbairt i dteannta a chéile d’fhonn:

  • Maoiniú i gcomhair forbairt áitiúil agus pobail a chomhordú agus a bhainistiú
  • Cláir áitiúla agus phobail a chur i gcrích agus a reáchtáil
  • Muintir na háite a spreagadh le bheith páirteach i bhforbairt an cheantair agus phobal na háite ar bhealach fóinteach.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi ina ndéantar cláir áitiúla agus phobail a reáchtáil
  • A chinntiú go mbítear tíosach sa chaoi ina gcuirtear cláir i gcrích
  • Na naisc idir soláthar seirbhísí, forbairt beartas, agus pobal na háite a neartú
  • An chaoi ina gcuirtear Plean Gheilleagar agus Pobail na hÁite (LECP) i bhfeidhm a fhorbairt chomh maith le hathbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh air.
  • An Clár um Chuimsiú Sóisialta (SICAP) a bhainistiú ar bhonn áitiúil sa chaoi is go dtacaítear le daoine faoi mhíbhuntáiste nó imeallaithe.

Cuirtear Coistí um Pobail na hÁite a Fhorbairt (LCDCanna) ar bun i ngach limistéar údaráis áitiúil. Ar na coistí seo bíonn:

  • Comhaltaí an údaráis áitiúil
  • Príomhfheidhmeannach an údaráis áitiúil nó a (h)ionadaí
  • Baill foirne ó na comhlachtaí poiblí a mhaoiníonn gníomhaíochtaí nó a sholáthraíonn seirbhísí sa cheantar áitiúil
  • Daoine ó phobal na háite a thuigeann na nithe ríthábhachtacha ar a mbíonn muintir na háite ag brath agus daoine a thuigeann leasanna na hearnála

Más spéis leat tuilleadh a fháil amach faoi Choistí um Pobal na hÁite a Fhorbairt, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Pleananna Gheilleagar agus Phobal na hÁite (LECPanna)

Maidir le Pleananna Gheilleagar agus Phobal na hÁite (LECPanna), leagtar amach iontu na cuspóirí agus gníomhaíochtaí is gá chun forbairt gheilleagrach agus pobail i limistéar údaráis áitiúil a chur chun cinn d’fhonn tacú le pobail a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. Agus iad ag obair i bpáirt le páirtithe leasmhara geilleagracha agus pobail leithéidí grúpaí pobail agus gnólachtaí áitiúla, tá údaráis áitiúla in ann obair chun caighdeán na beatha a fheabhsú i bpobail.

Le fáil amach faoin obair atá á déanamh ag d’údarás áitiúil i leith LECPanna, tabhair cuairt ar an rannán pobail ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Líonraí Rannpháirtíochta Pobail (PPNanna)

Nascann Líonraí Rannpháirtíochta Pobail an t-údarás áitiúil, grúpaí pobail na háite, agus eagraíochtaí deonacha le chéile. Is féidir le húdaráis áitiúla dul i gcomhairle le Líonraí Rannpháirtíochta Pobail d’fhonn eolas agus saineolas a bhailiú ó mhuintir na háite agus ó ghrúpaí deonacha sa cheantar.

Cuireann Líonraí Rannpháirtíochta Pobail ar chumas saoránach agus cónaitheoirí lámh a bheith acu i gcinnteoireacht an údaráis áitiúil. Roghnaíonn siad ionadaithe le fónamh ar choistí a chuirtear de chúram orthu beartas an údaráis áitiúil a fhorbairt agus athbhreithniú a dhéanamh air.

Cuireann Líonraí Rannpháirtíochta Pobail deiseanna oiliúna ar fáil do ghrúpaí pobail na háite.

Tá Líonra Rannpháirtíochta Pobail i ngach údarás áitiúil agus is féidir le grúpaí éirí ina mball dá Líonra Rannpháirtíochta Pobail áitiúil más mian leo a bheith páirteach i bpróisis chinnteoireachta an údaráis áitiúil.

I measc na ngrúpaí atá páirteach ina Líonra Rannpháirtíochta Pobail áitiúil tá:

  • Grúpaí pobail leithéidí Bailte Slachtmhara, clubanna spóirt, béilí ar rothaí, agus sochaithe cultúrtha
  • Eagraíochtaí timpeallachta áitiúla
  • Grúpaí a oibríonn i dtreo ionchuimsiú sóisialta i leith grúpaí imeallaithe amhail daoine faoi mhíchumas, imircigh, nó an Lucht Siúil.

Má tá fonn ort páirt a ghlacadh i Líonra Rannpháirtíochta Pobail trí bhíthin grúpa pobail nó deonach, is féidir liosta a aimsiú de na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail atá ann ar fud na tíre anseo.

Inrochtaineacht agus ionchuimsiú sa phobal

Is chun leasa gach duine atá ár bpobail ann. Le gur féidir le pobail barr a gcumais a bhaint amach, is den ríthábhacht é féachaint chuige go bhfuil gach duine in ann páirt a ghlacadh go hiomlán i ngníomhaíochtaí phobal na háite.

Is faoi údaráis áitiúla atá sé féachaint chuige go bhfuil gach duine ina gcónaí sa cheantar in ann páirt a ghlacadh in áiseanna agus i seirbhísí na háite agus teacht acu orthu.

Rochtain do dhaoine faoi mhíchumas

Cuireann údaráis áitiúla áiseanna agus seirbhísí inrochtana ar fáil mar thaca do dhaoine faoi mhíchumas. Áirítear leis seo na nithe seo a chur ar fáil:

  • Páirceáil inrochtana
  • Rampaí
  • Léirmhínitheoir comharthaí
  • Eolas i bhformáidí so-aimsithe
  • Áiseanna spóirt atá oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas
  • Teicneolaíocht oiriúnaitheach
  • Lúba fuaime

Pobal an Luchta Siúil agus pobal na Romach

Mar thaca d’imeascadh agus d’ionchuimsiú sóisialta a dhéanamh le daoine den lucht siúil, cuireann údaráis áitiúla na nithe seo a leanas ar siúl:

  • Ócáidí um Lá Náisiúnta a cheiliúradh
  • Seachtain Mhórtais na dTaistealaithe agus na Romach
  • an tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta
  • Tacaíocht Grúpa Idirghníomhaireachta don Lucht Taistil
  • Measúnú ar Riachtanais an Lucht Taistil
  • Cóiríocht don Lucht Siúil go sonrach

Pobail teifigh agus imirceach

Ar mhaithe le pobail inimirceach agus teifigh a imeascadh agus a ionchuimsiú, déanann údaráis áitiúla na nithe seo a leanas:

  • Cuireann siad Foirne Údaráis Áitiúil um Imeascadh ar bun (tá tuilleadh le léamh faoi seo i rannán na gClár Náisiúnta ar an suíomh gréasáin seo)
  • Cláir um Ionchuimsiú Sóisialta
  • Grúpaí a chur ar bun le hobair le pobail inimirceach
  • Straitéisí a fhorbairt i leith inimircigh a imeascadh
  • Cláir um chathracha idirchultúrtha
  • Cláir athlonnaithe teifeach