Skip to main content
Menu

Tá ról lárnach ag údaráis áitiúla maidir le vótáil in Éirinn toisc go bhfuil sé de fhreagracht orthu Clár na dToghthóirí a uasdátú agus a choinneáil ar bun ina gceantar féin. Le vóta a chaitheamh in Éirinn, caithfidh do chuid sonraí a bheith ar an gClár. Ag brath ar do incháilitheacht, seans go bhfuil tú cláraithe le haghaidh vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla, sna toghcháin don Dáil, sna toghcháin Eorpacha, sna toghcháin uachtaránachta, agus i reifrinn.

Sa chuid seo

Cé atá i dteideal vóta a chaitheamh in Éirinn?

Le vóta a chaitheamh in Éirinn, caithfidh tú a bheith:

  • Cláraithe le haghaidh vótála
  • 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá an toghcháin nó an reifrinn
  • I do chónaí in Éirinn, is é sin, gurb í Éire an áit ina gcónaíonn tú de ghnáth

An bhfuil cead agam vóta a chaitheamh i ngach toghchán má chláraím le haghaidh vótála?

Braitheann na cineálacha toghcháin ina bhfuil cead acu vóta a chaitheamh ar do stádas saoránachta.

  • Tá cead ag saoránaigh na hÉireann vóta a chaitheamh i ngach toghchán agus reifreann
  • Tá cead ag saoránaigh na Breataine vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla agus don Dáil.
  • Tá cead agus saoránaigh AE vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla.
  • Tá cead ag saoránaigh neamh-AE vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla.

Mura raibh tú i do shaoránach na hÉireann nuair a chláraigh do le haghaidh vótála den chéad uair ach go ndearnadh saoránach na hÉireann díot ina dhiaidh sin, beidh ort do chuid sonraí ar Chlár na dToghthóirí a nuashonrú le go mbeadh cead agat vóta a chaitheamh i ngach toghchán agus reifreann. Faigh tuilleadh amach ag CheckTheRegister.ie.

Conas clárú le haghaidh vótála den chéad uair

Is féidir clárú le haghaidh vótála ar líne ach dul chuig CheckTheRegister.ie nó foirm iarratais a chomhlánú agus í a chur chuig d’údarás áitiúil. Tá foirmeacha le fáil ag ChecktheRegister.ie.

Má théann tú chuig CheckTheRegister.ie le clárú, iarrfar na sonraí seo a leanas ort:

  • D’uimhir PSP
  • D’Éirchód
  • Do stádas cónaitheachta/nó saoránachta

Is clárú ar líne an bealach is saoráidí lena dhéanamh. Mura mian leat clárú ar líne, is féidir an fhoirm ERF1 a phriontáil amach agus í a sheoladh ar ais chuig d’údarás áitiúil.

Réamhchlárúchán do dhaoine 16 agus 17 mbliana d’aois

Más duine thú atá 16 nó 17 mbliana d’aois, is féidir leat iarratas a chur isteach ar réamhchlárúchán le haghaidh vóta a chaitheamh. Fágann sé seo go gcuirtear do chuid sonraí ar Chlár na dToghthóirí roimh ré agus beidh tú in ann vóta a chaitheamh a luaithe agus a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe agat dá réir.

Seoladh baile a thabhairt

Braithfidh an toghcheantar ina bhfuil cead agat vóta a chaitheamh ar an seoladh baile a thugann tú. Má tá níos mó ná seoladh baile amháin agat, tabhair an seoladh baile go mba mhaith leat go gclárófaí é.

Mura bhfuil seoladh baile agat, beidh tú fós in ann clárú le haghaidh vótála ach ‘gan aon seoladh seasta agam’ a roghnú agus d’iarratas á líonadh isteach agat. Beidh ort seoladh baile a thabhairt ina mbeidh tú in ann comhfhreagras a fháil – is chuig an áit sin a sheolfar do chárta vótaíochta. Mura bhfuil seoladh baile le tabhairt agat, tá de rogha agat sonraí teagmhála a thabhairt don údarás áitiúil le gur féidir leo tú a chur ar an eolas faoi nuair atá do chárta vótaíochta réidh le bailiú.

Cathain is féidir liom clárú le haghaidh vótála?

Tá fáilte romhat clárú le haghaidh vótála pé uair is mian leat ach, más amhlaidh gur fógraíodh toghchán le déanaí, beidh spriocdháta i gceist faoina gcaithfidh tú d’iarratas a chur isteach chuig an údarás áitiúil, is é sin, 15 lá roimh an imeacht toghcháin, gan Domhnaí, laethanta saoire poiblí, agus Aoine an Chéasta a áireamh.

Mura bhfaightear an t-iarratas roimh an spriocdháta, ní bheifear in ann tú a chlárú in am don imeacht toghcháin atá ar tí tarlú, ach beifear in ann tú a chlárú le haghaidh toghchán agus reifreann amach anseo.

An gá dom m’uimhir PSP a thabhairt?

Le clárú le vóta a chaitheamh ar líne, níl an dara rogha agat ach d’uimhir PSP a thabhairt. Tá sé seo ina chabhair don údarás áitiúil agus iad ag iarraidh do chuid sonraí a dheimhniú.

Má tá leisce ort d’uimhir PSP a thabhairt, ní bheidh tú in ann clárú ar líne ach beidh tú fós in ann clárú le haghaidh vótála ach leagan páipéir den fhoirm chláraithe a líonadh isteach. Le déanamh amhlaidh, úsáid an fhoirm ERF1 agus tabhair í chuig stáisiún na nGardaí nó chuig an údarás áitiúil. |Tabhair d’aitheantas fótagrafach leat freisin. Seiceálfaidh agus deimhneoidh siad d’aitheantas agus beidh siad mar fhinné ar do shíniú. Beidh tú in ann an fhoirm a chur ar ais chuig an údarás áitiúil ansin.

Conas do chuid sonraí ar Chlár na dToghthóirí a nuashonrú

Más rud é gur athraigh tú do sheoladh baile nó d’ainm nó má tá sé de rún agat do náisiúntacht a nuashonrú ar an gclár toghthóirí, is féidir é seo a dhéanamh ar líne ach dul chuig CheckTheRegister.ie nó má líonann tú foirm iarratais isteach agus má chuireann tú í chuig d’údarás áitiúil an limistéir ina gcónaíonn tú.

Má tá sé i gceist agat do chuid sonraí a nuashonrú ar CheckTheRegister.ie, ní mór na nithe seo a sholáthar:

  • D’uimhir PSP
  • An t-ainm atá ort anois agus an t-ainm a bhí ort roimhe seo (más bainteach i do chás-sa)
  • Do sheoladh baile nua, Éirchód san áireamh, agus do sheoladh baile roimhe seo (más bainteach i do chás-sa)

Do náisiúntacht a nuashonrú

Má tá sé i gceist agat do náisiúntacht a nuashonrú, beidh ort foirm ERF1  a líonadh isteach agus é a sheoladh ar ais chuig d’údarás áitiúil. Beidh ort sonraí do náisiúntachta nua a thabhairt mar aon le do náisiúntacht roimhe seo, maille le fótachóip de do phas nua nó cóip de do dheimhniú eadóirseachta.

Cathain is féidir liom mo chuid sonraí ar an gclár a nuashonrú?

Féadann tú do chuid sonraí ar an gclár a nuashonrú pé uair is mian leat ach, más amhlaidh gur fógraíodh toghchán le déanaí, beidh spriocdháta i gceist faoina gcaithfidh tú d’iarratas a chur isteach chuig d’údarás áitiúil, is é sin, 15 lá roimh an imeacht toghcháin, gan Domhnaí, laethanta saoire poiblí, agus Aoine an Chéasta a áireamh.

Mura bhfaightear an t-iarratas roimh an spriocdháta, ní nuashonrófar do chuid sonraí in am don imeacht toghcháin atá ar tí tarlú, ach tiocfaidh siad i bhfeidhm do thoghcháin agus do reifrinn amach anseo.

Má theipeann ort an spriocdháta a bhaint amach, fágfaidh sé sin gur faoi na sonraí a thug tú fút féin roimhe seo a bheidh tú cláraithe san imeacht toghcháin atá ar tí tarlú.

D’fhonn do chuid sonraí a nuashonrú ar líne, beidh ort d’uimhir PSP a thabhairt. Má tá leisce ort d’uimhir PSP a thabhairt, ní bheidh tú in ann do chuid sonraí a nuashonrú ar líne ach beidh tú fós in ann iarraidh ar páipéar a dhéanamh. Le déanamh amhlaidh, úsáid an fhoirm ERF1 agus tabhair í chuig stáisiún na nGardaí nó chuig d’údarás áitiúil. Tabhair leat d’aitheantas fótagrafach freisin. Déanfaidh siad d’aitheantas a sheiceáil agus a dheimhniú agus beidh siad ina fhinné ar do shíniú. Beidh tú in ann an fhoirm a chur ar ais chuig an údarás áitiúil ansin.

Liosta na bPostvótálaithe agus na Vótálaithe Speisialta

Mura féidir leat dul chuig do stáisiún vótála áitiúil lá vótála, seans go mbeidh tú incháilithe le haghaidh tú ar chur ar Liosta na bPostvótálaithe agus na Vótálaithe Speisialta

Liosta na bPostvótálaithe

Caithfidh formhór na ndaoine dul chuig a stáisiún vótála áitiúil le vóta a chaitheamh. Ach tá roinnt grúpaí ann go mb’fhéidir go bhfuil siad incháilithe le hiad a chur ar Liosta na bPostvótálaithe. Más mian leat cur isteach ar d’ainm a chur ar Liosta na bPostvótálaithe, líon isteach foirm PV2 nó PV4. Braithfidh an fhoirm a bheidh le líonadh isteach agat ar do chúinsí féin.

Má chláraíonn tú mar vótálaí poist, ní bheidh tú in ann vóta a chaitheamh ag stáisiún vótála. Beidh ort do vóta a chur isteach tríd an bpost.

Tá roinnt gairmeacha beatha ann lena mbeadh cead agat cur isteach ar d’ainm a chur ar Liosta na bPostvótálaithe:

  • Taidhleoir Éireannach atá ag fónamh thar lear
  • Céile nó páirtí sibhialta Taidhleora atá ina c(h)ónaí thar lear leis nó léi
  • Comhalta den Gharda Síochána
  • Comhalta lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann

Tá cead agat cur isteach ar d’ainm a chur ar Liosta na bPostvótálaithe má tá imthosca speisialta i gceist, lena n-áirítear:

  • Má tá tinneas coirp ort nó más duine faoi mhíchumas thú
  • Más ag staidéar go lánaimseartha in Éirinn atá tú agus tú ag cur fút in áit i bhfad ón seoladh baile faoina bhfuil tú cláraithe le haghaidh vótála.
  • Tá tú i bpríosún mar gheall ar ordú ó chúirt.

Más mian leat clárú mar vótálaí poist, caithfidh tú é sin a dhéanamh roimh an spriocdháta. Braithfidh an spriocdháta faoin gcaithfear clárú mar vótálaí poist ar an gcineál toghcháin atá ar tí tarlú:

  • Olltoghchán: Tráth nach déanaí ná dhá lá tar éis don Dáil a lánscor (is éard atá i gceist leis seo ná nuair atá an Taoiseach tar éis an Dáil a lánscor nó deireadh a chur léi agus tá ceangal ann toghchán a ghairm faoi cheann 30 lá)
  • Corrthoghchán Dála Tráth nach déanaí ná dhá lá tar éis do lá vótála a ordú (an lá ar a mbeidh an toghchán ag tarlú a fhógairt) do chorrthoghchán Dála.
  • Toghchán uachtaránachta: Tráth nach déanaí ná 22 lá roimh lá na vótála. Ní áirítear Domhnaí, Aoine an Chéasta, ná Laethanta Saoire Poiblí leis an 22 lá seo.
  • Toghchán áitiúil nó Eorpach: Tráth nach déanaí ná 22 lá roimh lá na vótála. Ní áirítear Domhnaí, Aoine an Chéasta, ná Laethanta Saoire Poiblí leis an 22 lá seo.
  • Reifreann: Tráth nach déanaí ná 22 lá roimh lá na vótála. Ní áirítear Domhnaí, Aoine an Chéasta, ná Laethanta Saoire Poiblí leis an 22 lá seo.

Liosta na Vótálaithe Speisialta

Má tá tú i do chónaí in ospidéal, teach altranais nó in institiúid éigin dá shórt, seans go mbeifeá i dteideal d’ainm a chur ar Liosta na Vótálaithe Speisialta. Nuair atá d’ainm ar Liosta na Vótálaithe Speisialta, beidh tú in ann vóta a chaitheamh ón áit ina bhfuil cónaí ort, seachas iallach a bheith ort dul chuig stáisiún vótála. Is é an bealach ina gcuireann tú isteach ar d’ainm a chur ar Liosta na Vótálaithe Speisialta ná foirm SV1 a líonadh isteach.

Má tá tú ag cur isteach ar d’ainm a chur ar Liosta na Vótálaithe Speisialta den chéad uair, beidh ort teastas leighis a chur isteach le d’iarratas.

Braithfidh an spriocdháta faoin gcaithfear clárú mar vótálaí speisialta ar an gcineál toghcháin atá ar tí tarlú:

  • Olltoghchán: Tráth nach déanaí ná dhá lá tar éis don Dáil a lánscor (is éard atá i gceist leis seo ná nuair atá an Taoiseach tar éis an Dáil a lánscor nó deireadh a chur léi agus tá ceangal ann toghchán a ghairm faoi cheann 30 lá)
  • Corrthoghchán Dála Tráth nach déanaí ná dhá lá tar éis do lá vótála a ordú (an lá ar a mbeidh an toghchán ag tarlú a fhógairt).
  • Toghchán uachtaránachta: Tráth nach déanaí ná 22 lá roimh lá na vótála. Ní áirítear Domhnaí, Aoine an Chéasta, ná Laethanta Saoire Poiblí leis an 22 lá seo.
  • Toghchán áitiúil nó Eorpach: Tráth nach déanaí ná 22 lá roimh lá na vótála. Ní áirítear Domhnaí, Aoine an Chéasta, ná Laethanta Saoire Poiblí leis an 22 lá seo.
  • Reifreann: Tráth nach déanaí ná 22 lá roimh lá na vótála. Ní áirítear Domhnaí, Aoine an Chéasta, ná Laethanta Saoire Poiblí leis an 22 lá seo.

Vótálaithe mac léinn in Éirinn

Más mac léinn thú atá i do chónaí i bhfad ón seoladh baile ina mbíonn cónaí ort de ghnáth, tá de rogha agat do sheoladh a athrú chuig an áit ina bhfuil tú i do chónaí faoi láthair (ar an gcoinníoll gurb í seo an áit a bhfuil gnáthchónaí ort, nó an áit ina gcaitheann tú an chuid is mó de do chuid ama, nó tá cead agat cur isteach ar d’ainm a chur ar Liosta na bPostvótálaithe.

Toghthóirí anaithnide

Is clár poiblí é an clár toghthóirí. Más dóigh leat go gcuirfeadh sé do chuid sábháilteachta pearsanta i mbaol dá bhfoilseofaí d’ainm agus do sheoladh ar an gclár seo, nó sábháilteacht duine éigin in aontíos leat i mbaol, tá cead agat cur isteach ar éirí i do thoghthóir anaithnid. Beidh tú fós in ann vóta a chaitheamh i dtoghcháin agus i reifrinn ach ní fhoilseofar d’ainm agus do sheoladh ar an gclár poiblí.

Le cur isteach ar éirí i do thoghthóir anaithnid, líon isteach an fhoirm PV7  agus seol í chuig an údarás áitiúil.

Cad chuige a bhfuil cead mo chuid sonraí ar Chlár na dToghthóirí a úsáid?

Is éard is aidhm le Clár na dToghthóirí eolas a stóráil faoi na daoine atá cláraithe le haghaidh vótála in Éirinn. Is cion é leas a bhaint as an gclár toghthóirí iomlán chun críocha margaíochta dírí.

Beidh roinnt sonraí pearsanta (d’ainm, seoladh baile, dáta breithe, uimhir PSP agus náisiúntacht san áireamh) de dhíth ar d’údarás áitiúil chun d’iarratas ar chead vótála a phróiseáil nó chun athruithe a dhéanamh ar thaifead atá ann cheana féin.

Féadfar an fhaisnéis seo a chomhroinnt le húdaráis áitiúla eile nuair is gá chun bainistíocht a dhéanamh ar an gclár toghcháin agus é a chothabháil.

Ar mhaithe leis an gclár a choinneáil cruinn, is féidir do shonraí aitheantais a chros-seiceáil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar bhonn teoranta díreach le haghaidh do shonraí aitheantais a dheimhniú (ainm, dáta breithe, uimhir PSP). Cé gur cáipéis phoiblí é an clár, ní fhoilseofar d’uimhir PSP ná do dháta breithe air.

Is cabhair é seo i ndáil le cinntiú:

  • nach bhfuil ach daoine incháilithe cláraithe le vótáil,
  • go gcoinnítear an clár cothrom le dáta
  • nach bhfuil duine ar bith ar an gclár faoi dhó nó nach bhfuil sonraí aon duine mícheart

Tá an bunús dlí maidir leis seo leagtha amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.