Skip to main content
Menu

Is é Uisce Éireann an comhlacht reachtúil atá freagrach as seirbhísí uisce a bhainistiú agus a sholáthar go tithe agus gnólachtaí in Éirinn. Áirítear leis seo, bainistíocht a bhaineann le soláthar uisce, sceite, naisc shéarachais agus cóireáil fuíolluisce.

Tá na húdaráis áitiúla freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar líon teoranta sheirbhísí uisce, lena n-áirítear dul i ngleic le draenáil uisce dromchla agus tuile, truailliú uisce, imscrúdú ar dhabhcha séarachais agus grúpscéimeanna uisce.

Sa chuid seo

Draenáil uisce dromchla agus tuile

Nuair a thiteann báisteach nó nuair a leánn sneachta nó oighear, is féidir le huisce bailiú ar dhromchla na talún. Mura bhfuil áit ar bith gur féidir leis an uisce seo imeacht, is féidir leis méadú agus d’fhéadfadh tuile a bheith ann mar thoradh. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as cinntiú go bhfuil córais draenála uisce dromchla éifeachtúla in áiteanna poiblí lena ndéantar tionchar tuile a chosc agus a laghdú. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo tóchair, píopaí draenacha gus cineálacha limistéar stórála éagsúla.

Tá go leor údaráis áitiúla ag obair i dtreo Córas Draenála Inbhuanaithe (CIDUnna) a thabhairt isteach, a bhaineann úsáid as modhanna nádúrtha dhraenáil uisce dromchla trí phábháil scagach (úsáid a bhaint as ábhar inar féidir le huisce sileadh tríd seachas coincréit chrua), locháin agus bogach, fásra agus saothrú báistí. Is bealach níos éifeachtúla é CIDUnna chun draenáil uisce dromchla a bhainistiú agus is féidir leis a bheith níos tairbhiúla dár mbithéagsúlacht, go háirithe in áiteanna foirgnithe.

Má tá deacrachtaí agat le draenáil uisce dromchla nó tuile, téigh i dteagmháil leis na seirbhísí uisce ag d’údarás áitiúil.

Cosc le tuile agus cosaint tuile

De réir mar a bhíonn níos mó teagmhas aimsire níos tromchúisí in Éirinn, tá níos mó tithe agus gnólachtaí i mbaol go ndéanfaidh tuile difear dóibh. Tá údaráis áitiúla freagrach as cosaint tuile a chothabháil agus a dheisiú lena n-áirítear bacainní tuile, draenacha, tóchair agus claífoirt.

Chun ceantair a aithint ina bhfuil riosca méadaithe tuile, cuireann an na húdaráis áitiúla measúnaithe riosca straitéiseacha i gcás tuilte i gcrích, rud a chabhraíonn le bonn eolais a dhéanamh maidir leis na háiteanna a bhfuil an riachtanas is mó acu maidir le cosc le tuile agus bearta cosanta.

Tríd na scéimeanna cosanta tuile, tugann na húdaráis áitiúla faoi obair chosanta tuile in áiteanna atá i mbaol. Is féidir le húinéirí réadmhaoine tacaíocht airgeadais a fháil freisin chun bacainní tuile a shuiteáil tríd na Scéimeanna Deontais um Bacainní Tuile atá ar fáil tríd an údarás áitiúil.

Nuair a ullmhaíonn údaráis áitiúla Pleananna Forbartha Cathrach agus Contae cinntítear go n-áirítear bearta cosanta tuile agus bearta CID.

Grúpscéimeanna uisce

Bunaítear grúpscéimeanna uisce i gceantair iargúlta ina bhfuil beagán rochtana nó gan aon rochtain ar chóras soláthar uisce iontu. Leis an scéim, cuirtear ar chumas baill rochtain a bheith acu ar a n-uisce ón bpríomhlíonra uisce poiblí más féidir, nó ó fhoinse phríobháideach amhail tobar nó locha. Is iad na pobail a bhunaíonn an scéim na daoine atá freagrach as bainistíocht agus cothabháil a bhfoinse uisce.

Grúpscéimeanna uisce príobháideacha

Is scéimeanna faoi úinéireacht agus oibríocht phríobháideach iad na grúpscéimeanna uisce a bhunaíonn pobail i gceantair iargúlta, déanann siad a gcuid uisce a fhoinsiú, a chóireáil agus a dháileadh ó fhoinse phríobháideach. D’fhéadfadh go n-áireofar leis seo locha, tobar nó fuarán.

Grúpscéimeanna uisce poiblí

Maidir leis an ngrúpscéimeanna uisce poiblí, dáiltear uisce ar bhaill ina ngrúpa tríd a líonra dáileacháin áitiúil féin, atá ceangailte le soláthar uisce poiblí. Cé go bhfuil foinse an uisce poiblí agus déanann Uisce Éireann é a chóireáil, tá an grúpscéim freagrach as dáileachán agus cothabháil a gcuid líonraí.

Údaráis áitiúla agus grúpscéimeanna uisce

Tá ról maoirseachta údaráis ag údaráis áitiúla thar na grúpscéimeanna uisce, rud a chiallaíonn go ndéanfaidh siad maoirseacht ar sholáthair uisce agus cuirfear an grúpscéim ar an eolas má thiteann caighdeán an soláthair uisce faoi na Caighdeáin maidir le Rialachán Uisce Óil. Más rud é go dtarlaíonn sé seo, rachaidh an t-údarás áitiúil i dteagmháil le baill den ghrúpscéim agus tabharfar na sonraí dóibh maidir leis an saincheist mar aon leis na bearta atá de dhíth agus dáta ina mbeidh ar an saincheist a bheith réitithe.

Soláthraíonn údaráis áitiúla fóirdheontais i dtreo chostas oibríochta agus bainistíochta grúpscéim uisce chun tacú le cáilíocht agus iontaobhas an tsoláthair uisce a chothabháil agus a fheabhsú.

Chun níos mó a fhoghlaim faoi ghrúpscéim uisce a thosú, téigh i dteagmháil le  Cónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce.

Soláthar uisce príobháideach agus tobair

Mura bhfuil tú ceangailte le soláthar uisce poiblí trí Uisce Éireann, agus mura ball de ghrúpscéim uisce thú, beidh ort soláthar príobháideach uisce a fhoinsiú trí thobar.

Mura bhfuil tobar oiriúnach ar do réadmhaoin cheana féin, beidh ort do thobar féin a dhruileáil. Ní mór d’aon tobair phríobháideacha atá in úsáid le haghaidh soláthair uisce a bheith séalaithe i gcoinne truaillithe agus caithfear an t-uisce a dhíghalrú. Is féidir sampla den uisce a thástáil.

Tá úinéir an tobair freagrach as cothabháil a sholáthar uisce féin. É sin ráite, má éiríonn an t-uisce truaillithe de bharr faillí, tá an t-údarás áitiúil in ann an t-úinéir a ionchúiseamh faoin Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977. Ní dhéanann an t-údarás áitiúil cáilíocht an uisce óil ó thobar a thástáil, mar sin moltar go ndéanann úinéir an tobair samplaí a thástáil go minic chun éilliú a sheachaint.

Deontais toibreacha

Más mian leat tobar nua a thochailt, tobar atá ann cheana a uasghrádú, nó córas cóireála a shuiteáil, is féidir iarratas a dhéanamh ar dheontas toibreacha chuig an údarás áitiúil. Leis an Scéim Deontais Toibreacha, cabhraítear le líonta tí atá ag brath ar sholáthar uisce príobháideach a chinntiú go bhfuil a gcuid uisce glan agus go bhfuil go leor ann chun freastal ar riachtanais an lín tí.

Clúdóidh an deontas toibreacha:

  • 85% de na costais cheadaithe le haghaidh oibreacha athshlánaithe suas le huasmhéid €3,000
  • 85% de na costais cheadaithe chun tobar nua a chur ar fáil suas le huasmhéid €5,000
  • 100% den mhaoiniú le haghaidh cóireála ar cháilíocht uisce suas le huasmhéid €1,000

Is é €750 íostairseach an deontais.

Chun iarratas a dhéanamh ar dheontas toibreacha nó chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an rannóg uisce tuaithe de chuid d’údaráis áitiúil.

Imscrúdú ar dhabhcha séarachais

Cé go mbíonn fuíolluisce fhormhór na dteaghlach in Éirinn á bhailiú agus á chóireáil ag an gcóras poiblí á oibriú ag Uisce Éireann, tá a gcórais bhailithe príobháideacha féin ag go leor teaghlaigh faoin tuath, trí dhabhach shéarachais de ghnáth. Déantar an t-uisce i ndabhach shéarachais a thástáil ar an láthair.

Tá an t-úinéir freagrach an dabhach shéarachais a chothabháil. D’fhéadfadh an t-údarás áitiúil imscrúduithe a chur i gcrích le cinntiú nach ngabhann riosca don sláinte nó don chomhshaol leis an dabhach shéarachais.

Má roghnaítear tú le haghaidh imscrúdaithe, chuirfidh an t-údarás áitiúil ar an eolas tú i scríbhinn agus tabharfar fógra deich lá ar a laghad duit. Faigh amach faoi conas ullmhú le haghaidh imscrúdú ar an dabhach shéarachais.

Deontas Grúpscéim Séarachais Príobháideach

Sa chás go dtagann dhá líon tí nó níos mó le chéile chun a gcóras fuíolluisce féin a bhunú agus a bhainistiú, tugtar grúpscéim séarachais air sin. Tá deontais ar fáil dóibh siúd ar mian leo tús a chur lena ngrúpscéim séarachais féin a chlúdaíonn 75% den chostas faofa, suas le teorainn €6,500 in aghaidh an cheangail tí, cibé acu is ísle.

Más spéis leat grúpscéim shéarachais a thosú, téigh i dteagmháil leis an rannóg uisce tuaithe de chuid an údaráis áitiúil.

Cáilíocht uisce

Tá údaráis áitiúla freagrach as monatóireacht, feabhsú agus tuairisciú cháilíocht uisce sna aibhneacha, locha agus cóstaí ina gceantar údarás áitiúil. Foghlaim níos mó faoi cháilíocht uisce sa rannán maidir le truailliú ar an suíomh gréasáin seo.