Skip to main content
Menu

Tá suíomh gréasáin LocalGov.ie tiomanta dá shuíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí) 2020.

Tá an suíomh gréasáin seo comhlíontach i bpáirt le caighdeán WCAG 2.1 leibhéal AA. Ciallaíonn comhlíontach i bpáirt nach bhfuil codanna áirithe den ábhar comhlíontach go hiomlán leis an gcaighdeán inrochtaineachta. Áirítear PDFanna leis na míreanna ábhair nach bhfuil inrochtana. Tá foireann na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil i mbun athbhreithnithe ar inrochtaineacht comhad PDF féachaint le feabhas a chur uirthi.

D’fhéadfadh naisc a bheith ar an suíomh seo chuig suíomhanna gréasáin eile nach bhfuil smacht againn orthu.  Níl foireann LocalGov.ie freagrach as cleachtais phríobháideachais ná as ábhar suíomhanna gréasáin dá leithéid.

Aiseolas

Agus an suíomh gréasáin seo á úsáid agat, má fhaigheann tú rochtain ar ábhar nach féidir leat a úsáid i ngeall ar chúinse inrochtaineachta, déan teagmháil linn agus déanfaimid iarracht do riachtanas a shásamh ar bhealach éigin eile.

Sonraí Teagmhála: Oifigeach Ábhair Dhigitigh, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, Teach Rialtais Áitiúil, 35-39 Cé Uiséir, Baile Átha Cliath 8 D08 H56R.

Teileafón: 01-6332200

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin tríd an leathanach Déan Teagmháil Linn ar an suíomh gréasáin seo.