Skip to main content
Menu

Tá oidhreacht shaibhir ag Éirinn i dtaca leis na healaíona agus an cultúr de. Tá clú agus cáil ar Éirinn as bheith ina fód dúchais do dhrámadóirí, d’údair d’fhilí, d’aisteoirí, d’ealaíontóirí agus de thionscail chruthaitheacha eile. Tá údaráis áitiúla ag obair leo fud fad na tíre chun tacú leis na tionscail seo i bhfoirm maoinithe, imeachtaí a reáchtáil, agus spásanna a chur ar fáil inar féidir leo a gcuid saothar ealaíne a chruthú agus a chur os comhair an tsaoil mhóir. Is iomaí údarás áitiúil, leis, a bhfuil oifig ealaíon acu atá freagrach as na healaíona agus an cultúr a chur chun cinn sa chathair nó sa chontae ina bhfuil siad lonnaithe.

Sa chuid seo

Na hEalaíona agus ionaid chultúir

Tá neart ionad ealaíon agus cultúir ann ar fud na hÉireann ina gcuirtear taispeántais, léirithe, ceardlanna agus aonaigh ar siúl. Is spásanna iad seo inar féidir le daoine foghlaim faoi stair chultúrtha na hÉireann, triail a bhaint as a bhféith chruthaitheach, agus iad féin a fhorbairt mar ealaíontóirí. Tá cuid mhaith de na hionaid seo faoi bhainistiú d’údaráis áitiúil.

Ar na hionaid seo tá:

  • Dánlanna
  • Músaeim
  • Amharclanna
  • Ionaid agus moil ealaíon

Má tá fonn ort breathnú thart ar ionad ealaíon nó cultúir, nó dá mba mhaith leat taispeántas nó léiriú a chur ar siúl, tabhair cuairt ar an rannán ealaíon ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Imeachtaí ealaíon agus cultúir

Cuidíonn imeachtaí ealaíon agus cultúrtha le stair shaibhir chultúrtha na hÉireann agus ealaíontóirí, cruthaitheacha agus ceardaithe cumasacha an lae inniu a chuireann leis na healaíona ar fud na tíre a thaispeáint. Reáchtáiltear na himeachtaí seo ó cheann ceann na bliana in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann; féilte, margaí, léirithe sráide agus amharclainne, agus imeachtaí ar líne ina measc. Is minic gurb é d’údarás áitiúil a reáchtálann na himeachtaí seo.

Cuireann eagraíochtaí eile imeachtaí ar siúl amhail Oíche Chultúir agus Seachtain na hOidhreachta agus cuireann an t-údarás áitiúil tacaíocht ar fáil chun na himeachtaí seo a chur chun cinn agus a reáchtáil.

Le fáil amach faoi na himeachtaí atá ar siúl i do cheantar, tabhair cuairt ar rannán na n-ealaíon ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil nó lean iad ar na meáin shóisialta. Má tá fonn ort imeacht ealaíon nó cultúir a chur ar siúl i do cheantar, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil le fáil amach faoi na tacaíochtaí ar féidir leo a thabhairt duit.

Scéimeanna deontais agus tionscnaimh

Is cuid thábhachtach de stair na hÉireann iad na healaíona, agus cuireann ealaíontóirí go mór lenár sochaí. Nuair a thacaítear leis na healaíona, ligtear dár bpobal ealaíonta leanúint ar aghaidh ag cur leis an stair seo agus ár gcultúr a iniúchadh ar bhealaí nua.

Tacaíonn údaráis áitiúla leis na healaíona go háitiúil i bhfoirm roinnt deontas agus tionscnamh.

I measc seo tá:

  • Dámhachtainí agus scéimeanna sparánachtaí do lucht na n-ealaíon
  • Cláir chónaitheachta
  • Cláir cheoil
  • Cláir ealaíon na n-óg
  • Chláir um páirt a ghlacadh i saol na n-ealaíon
  • Cláir ealaíne poiblí
  • Tacaíochtaí d’fhéilte ealaíon agus cultúir

Le fáil amach faoi na deontais agus na tionscnaimh atá ar fáil i do cheantar, tabhair cuairt ar rannán na n-ealaíon ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil nó breathnaigh thart sa rannán maoinithe ar an suíomh gréasáin.