Skip to main content
Menu

Soláthraíonn údaráis áitiúla os cionn 1,000 seirbhís riachtanach agus déantar iad a mhaoiniú ó roinnt foinsí lena n-áirítear rátaí tráchtála, muirir, Cáin Mhaoine Áitiúil agus maoiniú stáit.

Sa chuid seo

Soláthraíonn údaráis áitiúla breis agus 1,000 seirbhís riachtanacha. Déantar na seirbhísí seo a mhaoiniú trí roinnt foinsí éagsúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

Muirir ar earraí agus ar sheirbhísí

Cé go bhfuil formhór na seirbhísí a chuireann údaráis áitiúla ar fáil saor in aisce, tá roinnt seirbhísí ann a ngearrtar muirir orthu. Cuidíonn an t-airgead seo, dá réir sin, le costas cothabhála na seirbhísí a sholáthraíonn an t-údarás áitiúil a mhaoiniú.

I measc samplaí de mhuirir tá an méid seo a leanas:

  • Cíosanna tithíochta
  • Muirir pháirceála
  • Táillí ar iarratas pleanála

An Ciste Rialtais Áitiúil (CRÁ)

Is ciste lárnach é an CRÁ a mhaoiníonn cuid d’obair na n-údarás áitiúil. Tagann an ciste seo ó na trí phríomhfhoinse seo a leanas:

  • Ioncam cánach maoine áitiúil
  • Ioncam mótarchánach
  • Íocaíochtaí ón Státchiste (ciste lárnach an Rialtais)

Maoiniú stáit agus cláir

Mar gheall ar an réimse leathan seirbhísí a sholáthraíonn údaráis áitiúla, is minic a bhíonn forluí idir obair an Rialtais áitiúil agus obair roinnt ranna Rialtais éagsúla. Cuireann go leor ranna maoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla chun scéimeanna nó seirbhísí a sholáthar amhail tithíocht a fhorbairt nó bóithre a chothabháil.

Rátaí tráchtála

Bailíonn údaráis áitiúla íocaíocht ar a dtugtar rátaí tráchtála ar mhaoin thráchtála (airíonna atá beartaithe le haghaidh úsáide gnó).

Téann an t-airgead a ghintear ó rátaí tráchtála i dtreo seirbhísí laethúla a reáchtáil arna soláthar ag an údarás áitiúil, lena n-áirítear sráideanna a shoilsiú agus a ghlanadh, cosáin agus bóithre a chothabháil, páirceanna agus spásanna poiblí, an comhshaoil a chosaint, leabharlanna, seirbhísí dóiteáin, agus go leor eile.

Féach ar an leathanach Gnó agus Geilleagair inár rannán seirbhísí chun tuilleadh a fháil amach faoi rátaí tráchtála.

Buiséid údaráis áitiúil

Gach bliain, ullmhaítear buiséad bliantúil do gach údarás áitiúil ina leagtar amach an caiteachas reatha (an méid airgid atá á chaitheamh ar reáchtáil an údaráis áitiúil ó lá go lá) agus ioncam ó na foinsí éagsúla atá leagtha amach thuas.

Cinneann gach údarás áitiúil cad iad na tosaíochtaí caiteachais atá acu bunaithe ar riachtanais an cheantair áitiúil agus ar na hacmhainní atá ar fáil. Ní mór don chomhairle tofa vótáil maidir leis an mbuiséad bliantúil a ghlacadh.

Is féidir an buiséad bliantúil do d’údarás áitiúil a fháil ar shuíomh gréasáin d’údarás áitiúil.

Coistí iniúchóireachta

Tá coiste iniúchóireachta neamhspleách ag gach údarás áitiúil, arb é a ról comhairle a thabhairt don chomhairle maidir lena dtuairisciú airgeadais, bainistíocht riosca agus a nósanna imeachta rialachais. De réir an dlí, is iad seo a leanas feidhmeanna an choiste iniúchóireachta:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais agus ar nósanna imeachta tuairiscithe airgeadais agus buiséadacha.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar ráitis airgeadais a ndearnadh iniúchoíreacht orthu nó ar thuarascálacha iniúchóireachta chun measúnú a dhéanamh ar na bearta atá déanta ag an bpríomhfheidhmeannach mar fhreagra ar na tuarascálacha sin.
  • Éifeachtúlacht a chur chun cinn chomh maith le luach ar airgead san údarás áitiúil.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar na córais atá i bhfeidhm chun riosca a bhainistiú.
  • An cleachtas is fearr a spreagadh maidir le feidhm iniúchóireachta inmheánach an údaráis áitiúil.

Méadaíonn sé seo cuntasacht agus feabhsaíonn sé éifeachtúlacht laistigh den údarás áitiúil.