Skip to main content
Menu

Reáchtáiltear toghcháin áitiúla gach cúig bliana i mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh. Ní mór duit a bheith i dteideal vótáil agus cláraithe le vótáil i do thoghcheantar áitiúil chun vótáil sa toghchán áitiúil. Ní mór duit dul trí phróiseas ainmniúcháin chun seasamh mar iarrthóir sa toghchán áitiúil.

Sa chuid seo

Conas vótáil sna toghcháin áitiúla

Ní mór duit na nithe seo a leanas a chomhlíonadh chun vótáil sna toghcháin áitiúla:

  • Cónaitheoir in Éirinn
  • A bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá an toghcháin
  • Cláraithe le vótáil

Ní gá duit a bheith i do shaoránaigh Éireannach chun vótáil sna toghcháin áitiúla.

Is féidir leat clárú le vótáil nó is féidir leat do shonraí a nuashonrú ar an gclárúchán toghcháin ag CheckTheRegister.ie.

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le clárú le vótáil féach an airteagal Cláraithe Toghcháin inár roinn maidir le seirbhísí.

Conas a sheasamh mar iarrthóir i dtoghchán áitiúil

Más mian leat seasamh mar iarrthóir sa toghcháin áitiúil, ní mór duit a bheith ainmnithe.

Tarlaíonn ainmniúcháin thar thréimhse seachtaine, ceithre seachtaine roimh lá na vótaíochta.

Is féidir leat tú féin a ainmniú nó féadfar go n-ainmneoidh duine eile tú, duine atá cláraithe le vótáil sa toghcheantar áitiúil. Féadfar go n-ainmneofar tú chun seasamh don toghchán i níos mó ná toghcheantar áitiúil amháin.

Conas duine éigean eile a ainmniú do na toghcháin áitiúla

Ní mór duit foirm ainmniúcháin (LE1) a chomhlánú chun tú féin nó duine éigin eile a ainmniú do na toghcháin áitiúla. Is féidir an fhoirm LE1 a íoslódáil ó shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil, nó is féidir rochtain a fháil uirthi trí theagmháil a dhéanamh leis an gCeann Comhairimh do d’údarás áitiúil. Nuair a chomhlánaítear an fhoirm, ní mór í a thabhairt ar ais don Cheann Comhairimh, agus ní mór dó/di a dhearbhú má tá an fhoirm bailí laistigh d'uair an chloig tar éis dó/di í a fháil. D’fhéadfadh go mbeadh ort coinne a dhéanamh chun d’fhoirm a sheoladh chuig an gCeann Comhairimh.

Ag seasamh don toghchán áitiúil mar bhall de pháirtí polaitíochta

Más ball de pháirtí polaitíochta thú, ní mór duit Deimhniú Cleamhnaithe Páirtí a sholáthar in éineacht le d’fhoirm ainmniúcháin.

Ag seasamh don toghchán áitiúil mar iarrthóir neamhspleách

Más iarrthóir neamhspleách thú gan aon chleamhnú agat le páirtí polaitíochta, is féidir leat cur síos a dhéanamh ort féin mar ‘Neamh-Pháirtí’ nó an chuid a fhágáil bán ar d’fhoirm. Beidh ort ceann de na nósanna imeachta seo a leanas a chur i gcrích, áfach, chun seasamh mar iarrthóir neamhspleách:

  • Rogha 1: Comhlánaíonn 15 aontaitheoir dearbhuithe reachtúla, aontaitheoirí atá cláraithe sa toghcheantar áitiúil, arna bhfianú ag Coimisinéir Mionnaí, ag Coimisinéir Síochána, ag Nótaire Poiblí, ag ball den Gharda Síochána nó ag oifigeach de chuid an údaráis clárúcháin.
  • Rogha 2: Déanann an t-iarrthóir nó duine éigin a fheidhmíonn thar ceann an iarrthóra éarlais de €100 a thaisceadh don Cheann Comhairimh.

Ní gá duit ach ceann amháin de na nósanna imeachta seo a leanúint.

Téigh i dteagmháil leis an gCeann Comhairimh do d’údarás áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le seasamh mar iarrthóir i dtoghchán áitiúil.