Skip to main content
Menu

Cuirtear ar fáil le Ciste na Séadchomharthaí Pobail maoiniú chun cabhrú le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo. Tacaíonn an ciste le tionscadail a dhéanann séadchomharthaí áitiúla agus láithreáin stairiúla a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn.

Ar fáil do
Daoine Aonair
Grúpaí Pobail
Gnólachtaí
Ag baint le
Oidhreacht agus Caomhnú

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Más úinéir nó caomhnóir séadchomhartha seandálaíochta tú, is féidir leat tionscadal a mholadh le haghaidh maoinithe faoin scéim seo. Ní mór an séadchomhartha a bheith ar Thaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930, nó ar Thaifid na Láithreán agus Séadchomharthaí (TLS) a thiomsaigh an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta.

Cé mhéad atá ar fáil?

Tá maoiniú ar fáil faoi thrí shruth. Clúdaítear le deontais i ngach sruth suas le 100% de chostais incháilithe an tionscadail.

Sruth 1

Deontais suas le €100,000 le haghaidh deisiúchán riachtanach agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú.

Sruth 2

Deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais a fhorbairt agus Sonraíocht Mhionsonraithe ar Oibreacha dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus chun rochtain phoiblí a fheabhsú.

Sruth 3

Deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana a fheabhsú, do thionscadail léirmhínithe (lena n-áirítear fíorúil/ar líne), agus d’oibreacha caomhnaithe éigeandála ar scála beag ag séadchomharthaí seandálaíochta.

Conas a dhéantar measúnú ar iarratais?

Déantar measúnú ar iarratais bunaithe ar cheithre chritéar:

  • Tábhacht an tséadchomhartha seandálaíochta
  • Éifeachtach an tionscadail beartaithe chun cuspóirí an chiste a bhaint amach
  • Caighdeán na modheolaíochta agus fiúntas teicniúil an tionscadail molta
  • Leas poiblí nó pobail níos leithne

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Tá tionscadail molta ag údaráis áitiúla agus eagraíochtaí oidhreachta státmhaoinithe don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.  Más úinéir nó caomhnóir séadchomhartha tú, is féidir leat iarratas a dhéanamh le d’údarás áitiúil chun tionscadal a mholadh. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil.