Skip to main content
Menu

Cuirtear maoiniú ar fáil tríd an gclár seo do ghrúpaí beaga pobail, i gceantair faoi mhíbhuntáiste go háirithe, chun feabhas a chur ar a gcuid saoráidí agus chun trealamh a cheannach le haghaidh úsáid an phobail.

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chuireann an maoiniú ar fáil, agus is iad Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁnna) a riarann é.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Pobal

Cad is féidir a dhéanamh leis an maoiniú?

Is féidir an maoiniú a chaitheamh ar threalamh le haghaidh úsáid an phobail (mar shampla, garraíodóireacht, TF, nó trealamh spóirt) agus chun spásanna poiblí a athchóiriú nó a fheabhsú (mar shampla athchóiriú foirgneamh nó feabhsúcháin inrochtaineachta).

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá grúpaí seachbhrabúsacha pobail agus deonacha i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Níl eagraíochtaí tráchtála ná daoine aonair i dteideal iarratas a dhéanamh.

Conas a dhéantar measúnú ar iarratais?

​Déanann CFPÁnna measúnú ar iarratais chun a chinntiú go bhfuil siad incháilithe agus go bhfuil siad dírithe ar mhíbhuntáiste a réiteach mar atá leagtha amach ina gcuid Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail (CFPÁnna). Ní mór do na tionscadail a bheith ag teacht le haidhm an chláir, is é sin cistiú caipitil a chur ar fáil do phobail ar fud na hÉireann chun saoráidí a fheabhsú i gceantair faoi mhíbhuntáiste.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Téigh chuig suíomh gréasáin d’údaráis áitiúil agus lean na treoracha maidir le hiarratas a dhéanamh. Déantar an clár a fhógairt ar bhonn bliantúil agus ní mór duit d’iarratas a chur isteach faoi dháta deiridh sonraithe nó ní ghlacfar leis. Má tá dáta deiridh na bliana seo thart, ní bheidh an dara rogha agat ach fanacht go bhfógrófar an clár arís an bhliain dár gcionn agus d’iarratas a chur isteach ansin.