Skip to main content
Menu

Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn chun saothair a chruthú thar gach foirm ealaíne, lena n-áirítear ceol, damhsa, scannán, litríocht, amharclann agus taibhiú.

Ar fáil do
Daoine Aonair
Ag baint le
Na hEalaíona agus Cultúr

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Is féidir le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn i ngach cineál ealaíne iarratas a dhéanamh. Caithfidh na hiarratasóirí a bheith ina gcónaí sa limistéar údaráis áitiúil.

Cá mhéad atá ar fáil?

D’fhéadfadh na méideanna a bheith éagsúil. Is féidir le d’údarás áitiúil eolas a thabhairt duit faoi sin sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach.

Conas a dhéantar measúnú ar iarratais?

Is féidir é a dhéanamh ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an údarás áitiúil, ach is gnách gur féidir le hiarratasóirí a bheith ag súil go ndéanfaidh painéal ar a mbeidh oifigeach ealaíon an údaráis áitiúil agus measúnóir seachtrach measúnú cúramach ar a n-iarratas i bpróiseas iomaíoch.

Cad dó ar féidir an maoiniú a úsáid?

Is é is aidhm don deontas tacú le healaíontóirí áitiúla ina gcleachtas ealaíne. Is féidir an deontas a úsáid chun tacú saothar nua a chruthú nó a chur i láthair nó chun tacú le deis forbartha gairmiúla.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Seiceáil an rannóg ealaíon agus cultúir ar shuíomh gréasáin d’údarás áitiúil lena fháil amach an bhfuil an scéim deontais ar fáil i do limistéar údaráis áitiúil. Déantar na deontais atá ar fáil a fhógairt ar bhonn bliantúil, agus má tá sé beartaithe agat iarratas a dhéanamh beidh ort d’iarratas a chur isteach roimh an spriocdháta le go mbreithneofar thú. Gheobhaidh tú eolas ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil freisin maidir leis an bpróiseas iarratais.