Skip to main content
Menu

D'fhorbair Oifigí Fiontair Áitiúla (OFÁnna) Clár na nDearbhán Nuálaíochta chun naisc a chruthú idir soláthraithe eolais na hÉireann a mhaoinítear go poiblí (institiúidí ardoideachais agus comhlachtaí taighde poiblí) agus gnólachtaí beaga agus meánmhéide. Tá Dearbháin Nuálaíochta ar fiú €5,000 iad ar fáil chun cabhrú le cuideachta nó le cuideachtaí deis ghnó nó fadhb le soláthraí eolais cláraithe a fhiosrú.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cuspóir na scéime

Tá nuálaíocht riachtanach más mian leat fanacht i margaí iomaíocha atá ag athrú go tapa. Ach, b'fhéidir nach mbeadh an t-am ná an saineolas agat na cineálacha réitigh nuálacha a fhorbairt a d'fhéadfadh do chuideachta a dhéanamh difriúil ó chinn eile. Is é sin an chúis a bhfuil Dearbháin Nuálaíochta ann. Tugann gach Dearbhán Nuálaíochta luach ama €5,000 duit le saineolaí, taighdeoir tríú leibhéal chun cabhrú leat smaoineamh a scagadh, táirge nua a fhorbairt, nó dúshlán tábhachtach gnó nó teicniúil a oibriú amach.

Cén úsáid is féidir a bhaint as Dearbháin Nuálaíochta?

Is féidir Dearbháin Nuálaíochta a úsáid le haghaidh nuálaíochta de chineál ar bith, mar shampla:

  • forbairt táirgí/próisis nua;
  • forbairt samhail ghnó nua;
  • seachadadh seirbhíse nua agus idirphlé le custaiméirí;
  • forbairt seirbhíse nua;
  • oiliúint shaincheaptha i mbainistiú nuálaíochta;
  • iniúchadh nuálaíochta/ teicneolaíochta.

Is féidir dearbháin a mhalartú le haghaidh tionscadail aistrithe eolais ón soláthraí eolais.

Chun críocha an tionscnaimh seo, is é tionscadal aistrithe eolais tionscadal a aistríonn eolas eolaíoch, teicneolaíoch nó nuálach atá nua don ghnó. Féadfaidh an gnó an t-eolas nua a úsáid ansin chun táirge, próiseas nó seirbhís a chruthú.

Tá tionscnamh na nDearbhán Nuálaíochta oscailte do gach cuideachta theoranta bheag agus mheánmhéide atá cláraithe in Éirinn. Déan teagmháil le d'Oifig Fiontair Áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.