Skip to main content
Menu

Is deontas nuathionscanta gnó é an Deontas Prímeála, atá ar fáil do mhicrifhiontair laistigh de na chéad 18 mí. Cuirtear ar fáil é trí Oifigí Fiontair Áitiúla mar chuid de réimse tacaíochtaí le cabhrú le gnólachtaí Éireannacha fás agus bláthú.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Féadfar Deontais Phrímeála a bhronnadh ar thrádálaithe aonair, ar chomhpháirtíochtaí nó ar chuideachtaí teoranta a chomhlíonann na critéir seo:

  • Fiontar nach bhfuil níos mó ná deichniúr ag obair ann. (I gcásanna áirithe, ag brath ar chritéir áirithe, d'fhéadfadh cuideachtaí a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu a bheith incháilithe. Chun tuilleadh eolais a fháil, labhair le d’Oifig Fiontair Áitiúil nó tabhair cuairt ar:
  • Fiontar a bunaíodh, a cláraíodh agus a bhíonn ag oibriú laistigh de shuíomh geografach na hOifige Fiontair Áitiúil.
  • Fiontar a reáchtáiltear ar bhonn tráchtála.
  • Fiontar a léiríonn go bhfuil margadh aige dá tháirge nó dá sheirbhís.
  • Fiontar a bhfuil acmhainneacht aige maidir le fás gnó agus cruthú post.

Féadfar Deontas Prímeála a bhronnadh ar chliaint incháilithe laistigh den chéad ocht mí dhéag ó bhunú na cuideachta.

Cé mhéad atá ar fáil?

Is é an t-uasmhéid Deontais Leathnaithe Gnó atá ar fáil 50% den infheistíocht nó €80,000, cibé acu is lú.

I gcásanna eisceachtúla d'fhéadfadh deontais os cionn €80,000 agus suas le €150,000 a bheith ar fáil. Ní bhronntar iad sin ach ar thionscadail a léiríonn go soiléir go bhféadfadh céim a bhaint amach i bhFiontraíocht Éireann agus/nó easpórtáil go hidirnáisiúnta.

Faoi réir na teorann 50%, beidh feidhm ag deontas uasta €15,000 le haghaidh gach post lánaimseartha a chruthófar maidir le haon tacaíocht fostaíochta a thugtar.

Cad is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Féadfar caiteachas a mheas faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Míreanna caipitil
  • Costais tuarastail
  • Costais Chomhairleoireachta/ Nuálaíochta/ Margaíochta
  • Forchostais ghinearálta

Conas iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas ar dheontas féideartha a phlé, déan teagmháil le d'Oifig Fiontair Áitiúil agus iarr cruinniú. Faigh a gcuid sonraí teagmhála anseo.

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.