Skip to main content
Menu

Is iasachtóir neamhbhrabúis é Micreamhaoiniúchán Éireann (MFI) a thairgeann iasachtaí do ghnólachtaí beaga chun cabhrú leo fás. Bunaíodh é chun tacú le cuideachtaí a mbeadh deacrachtaí acu maoiniú a fháil ó bhainc agus ó iasachtóirí tráchtála eile murach sin. Oibrítear go dlúth le hOifigí Fiontair Áitiúla, agus tairgtear iasachtaí gnó ó €2,000 go €25,000.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Tá réimse tairiscintí iasachta ar fáil ag MFI chun cabhrú le gnólachtaí tosú, fás agus leathnú. Cuireann siad iasachtaí éigeandála ar fáil freisin do chuideachtaí a bhfuil tionchar ag COVID -19 agus an Breatimeacht orthu. Is féidir féachaint ar a gcuid tairiscintí iasachta go léir anseo https://microfinanceireland.ie/loan-packages-22/

Gnéithe agus sochair Iasacht MFI

  • Ráta úis laghdaithe ar phraghasriosca iomlán 5.5% má chuirtear isteach é trí d'Oifig Fiontair Áitiúil. (Beidh feidhm ag praghasriosca iomlán 6.5% má chuireann tú d'iarratas isteach go díreach chuig Micreamhaoiniúchán Éireann.)
  • Rochtain ar thacaíochtaí gnó, comhairle agus meantóireacht má dhéantar iarratas trí d'Oifig Fiontair Áitiúil
  • Suimeanna Iasachta Gnó idir €2,000 agus €25,000
  • Téarmaí iasachta idir 1 agus 5 bliana
  • Gan aon táillí ná muirir
  • Aisíocaíochtaí seasta gan aon phionós as aisíocaíocht luath

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Aon ghnó (trádálaí aonair, comhpháirtíocht nó cuideachta theoranta) atá lonnaithe in Éirinn a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí ann agus láimhdeachas bliantúil suas le €2m acu. Áirítear leis sin cuideachtaí nach bhfuil in ann maoiniú a fháil ó bhanc nó ó sholáthraí tráchtála.

Conas iarratas a dhéanamh?

Labhair le d'Oifig Fiontair Áitiúil faoi iarratas a dhéanamh ar iasacht MFI. Faigh a gcuid sonraí teagmhála anseo.

Is féidir le d'Oifig Fiontair Áitiúil sonraí a chur ar fáil maidir leis na téarmaí agus coinníollacha, agus conas iarratas a ullmhú agus a chur isteach.

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.