Iasacht tí ón údarás áitiúil
Is féidir le húdaráis áitiúla Iasacht Tí Údaráis Áitiúil (morgáiste) a thairiscint do cheannaitheoirí céaduaire incháilithe nó d’iarratasóirí ‘tús úr’.
Is morgáiste é seo a fhaigheann tacaíocht ón rialtas atá ar fáil chun réadmhaoine nua nó ar athlámh nó tithe féintógála a cheannach a bheidh áitithe ag an sealbhóir morgáiste. Is féidir Iasacht Tí an Údaráis Áitiúil a úsáid freisin chun tithe a cheannach trí scéimeanna stáit mar scéimeanna ceannaigh tionóntaí nó scéimeanna tithíochta inacmhainne.
Tá Iasacht Tí Údaráis Áitiúil oscailte do cheannaitheoirí céaduaire agus d’iarratasóirí ‘tús úr’ (daoine atá colscartha nó scartha agus nach bhfuil aon spéis acu i dteach an teaghlaigh, nó a ndeachaigh faoi shocrú dócmhainneachta pearsanta nó féimheachta nó faoi imeachtaí nó próiseas dlíthiúil eile).
Ní mór duit a chruthú nach bhfuil dóthain tairiscintí airgeadais faighte agat ó dhá institiúid airgeadais.
Tá feidhm ag critéir incháilitheachta eile – féach ar LocalAuthorityHomeLoan.ie le tuilleadh faisnéise a fháil.
Féadfaidh tú suas le 90% de luach margaidh na maoine a fháil ar iasacht.
Is iad seo a leanas uasluachanna margaidh na maoine is féidir a cheannach nó a fhéintógáil:
- €360,000 – Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Áth Cliath Theas, Cathair Bhaile Átha Cliath, Fine Gall, Cill Mhantáin, Cill Dara
- €330,000 – Cathair na Gaillimhe, Cathair Chorcaí, Lú, An Mhí, Contae na Gaillimhe, Contae Chorcaí
- €300,000 – Luimneach, Port Láirge, An Clár, Loch Garman, An Iarmhí, Cill Chainnigh
- €275,000 – Uíbh Fhailí, Laois, Muineachán, Cabhán, Dún na nGall, Tiobraid Árann, Ciarraí, Maigh Eo, Ros Comáin, Sligeach, Liatroim, Longfort, Ceatharlach
Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit foirm Iarratais Iasachta Tí Údaráis Áitiúil a chomhlánú agus a chur isteach chuig d’údarás áitiúil agus doiciméid tacaíochta a sholáthar.
Chun eolas iomlán a fháil féach LocalAuthorityHomeLoan.ie.