Skip to main content
Menu

Tríd an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte cuirtear maoiniú airgeadais ar fáil do thionscadail a chuidíonn le bailte agus sráidbhailte a athbheochan agus a athnuachan faoi tuath in Éirinn.

Is iad na húdaráis áitiúla a dhéanann an scéim a riar agus tá sí maoinithe ag Clár Infheistíochta um Fhorbairt Tuaithe na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Pleanáil agus Tógáil
Pobal

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le grúpaí i mbailte agus i sráidbhailte ina bhfuil daonraí de 10,000 nó níos lú tograí a chur isteach le haghaidh maoinithe faoin scéim sin.

D’fhéadfaí plé le tograí ó bhailte ina bhfuil daonraí de suas le 15,000 freisin nuair a bhíonn géarghá le hinfheistíocht agus nuair a bheidh tionchar suntasach ag an tionscadal ar an mbaile.

Cad iad na cineálacha tionscadal a mhaoinítear?

Maoinítear tionscadail faoin scéim sin a chuireann le beocht eacnamaíoch nó shóisialta an bhaile nó an tsráidbhaile. D’fhéadfadh tionscadail trína ndéantar an méid a leanas a bheith san áireamh le samplaí:

  • An sráid-dreach a fheabhsú
  • Spásanna glasa nó taitneamhachtaí áineasa a chruthú i lár an bhaile nó an tsráidbhaile
  • Bonneagar a chur ar fáil chun tacú le margaí sna bailte agus sna sráidbhailte, amhail margaí feirmeoirí nó margaí ceardaithe
  • Foirgnimh thréigthe nach bhfuil áitithe a athúsáid mar spásanna pobail
  • Ionaid pobail atá ann cheana a athchóiriú

Ní mór tionscadail a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama 12 mhí go 18 mí.

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

Is féidir leis an údarás áitiúil suas le cúig thionscadal a roghnú gach bliain:

  • Is féidir le ceann amháin de na cúig thionscadal deontas uasta de €500,000 a fháil.
  • Is féidir leis na ceithre thionscadal eile a roghnófar deontas uasta de €250,000 a fháil.
  • Is ionann an deontas íosta  atá ar fáil agus €20,000.

Cad é mar a roghnófar tograí?

Roghnófar tograí i bpróiseas iomaíoch trína ndéantar measúnú ar an méid a leanas:

  • Cé chomh maith agus a chomhlíonann an tionscadal aidhmeanna na scéime
  • Réasúnaíocht an tionscadail
  • Luach ar airgead
  • Cé chomh réadúil agus atá sé an tionscadal a bhaint amach laistigh den tréimhse ama riachtanach

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

A luaithe agus a fhógraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an scéim gach bliain, cuireann údaráis áitiúla gairm amach ar thograí ó ghrúpaí i mbailte agus i sráidbhailte.

Is féidir le gach údarás áitiúil suas le cúig thogra ar an iomlán a roghnú ó bhailte agus ó shráidbhailte i gceantar an údaráis áitiúil. Ní féidir leo níos mó ná togra amháin a roghnú ó bhaile nó sráidbhaile aonair.

Chun togra a chur isteach, déan an fhoirm um Léiriú Spéise a íoslódáil agus a chomhlánú ó shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil. Féach ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil le haghaidh sonraí iomlána mair le cur isteach d’iarratais, lena n-áirítear an dáta deiridh.