Skip to main content
Menu

Scéim bhliantúil is ea Scéim Deontais Éire Ildánach lena soláthraítear tacaíocht airgeadais i gcomhair tionscadal lena gcothaítear cruthaitheacht agus comhoibriú ealaíne sa limistéar údaráis áitiúil. Tá sí ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí pobail agus deonacha a bhfuil spéis acu sna healaíona agus sa chultúr.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Daoine Aonair
Ag baint le
Na hEalaíona agus Cultúr
Pobal

Ó bunaíodh an scéim, tá réimse leathan de thionscadail chruthaitheacha maoinithe uaithi, lena n-áirítear tionscadail lena ndéantar iniúchadh ar an gcultúr agus oidhreacht áitiúil.

Tá Scéim Deontais Éire Ildánach ina cuid d’Éire Ildánach, clár náisiúnta a cuireadh ar bun in 2017 agus a bhfaightear tacaíocht ina leith ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is é is aidhm don chlár daoine, áiteanna agus pobail a spreagadh agus a athrú chun feabhais trí chruthaitheacht. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gclár téigh chuig https://www.creativeireland.gov.ie/

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Cuireann na húdaráis áitiúla a bhfuil tionscadail á maoiniú acu mar chuid den scéim seo glaoch bliantúil amach ar thograí a luaithe a osclaítear an scéim d’iarratais gach bliain.

Nuair a bheidh an scéim oscailte d’iarratais, postálann gach údarás áitiúil na sonraí ar a suíomh gréasáin. Tugtar le fios sna sonraí cén cineál tionscadal a dtabharfar tús áite dóibh le haghaidh maoiniú sa bhliain ar leith, agus conas a dhéanfar measúnú ar na tograí. Soláthraítear treoracha leo le haghaidh d’iarratas a chur isteach, agus cuirtear an spriocdháta in iúl duit.

Tabhair faoi deara go riarann ​​gach údarás áitiúil an scéim ina aonar. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh difríocht a bheith idir na cineálacha tionscadal a dtugtar tosaíocht ina leith le haghaidh maoiniú, na critéir mheasúnaithe, agus an méid maoinithe atá ar fáil in aghaidh an tionscadail. D’fhéadfadh difríocht a bheith idir na critéir mheasúnaithe agus an méid maoinithe a bheidh ar fáil in aghaidh an tionscadail ó bhliain go bliain freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil seiceáil na rannóga pobail nó ealaíon, cultúir agus oidhreachta ar shuíomh gréasáin d’údarás áitiúil.