Skip to main content
Menu

Cabhraíonn an scéim deontais seo le grúpaí pobail feachtais feasachta frithbhruscair agus frith-graifítí a dhéanamh ina gceantar áitiúil. Díríonn sé go háirithe ar thionscnaimh dheonacha, agus ar rannpháirtíocht scoileanna agus daoine óga i ngníomhaíochtaí frithbhruscair agus frith-graifítí.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Comhshaol
Pobal

I measc na samplaí de na cineálacha tionscnamh a fhaigheann tacaíocht ón scéim deontais, tá:

  • Ábhair feachtais frithbhruscair a sholáthar, amhail póstaeir agus greamáin frithbhruscair
  • Comórtais deartha póstaer a eagrú
  • Cainteanna nó drámaí idirghníomhacha a eagrú a bhfuil baint ag scoileanna agus daoine óga i ngníomhaíochtaí frithbhruscair
  • Úinéirí madraí freagracha a spreagadh le glanadh suas i ndiaidh a gcuid peataí in áiteanna poiblí

Clúdaíonn an deontas suas le 70% de chostas iomlán an tionscadail atá á mhaoiniú. Beidh ar na grúpaí pobail a fhaigheann deontas fuílleach na gcostas a chlúdach ó acmhainní eile, lena n-áirítear cómhaoiniú gnó áitiúil mar shampla.

Conas iarratas a dhéanamh?

Seiceáil an rannán comhshaoil ar shuíomh gréasáin d'údaráis áitiúil chun sonraí iomlána a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh.

Agus d’iarratas á dhéanamh agat, beidh ort cur síos a dhéanamh ar an tionscnamh atá á phleanáil agat, ar na costais a bhaineann leis agus ar an toradh a bhfuil tú ag súil leis. 

Go hiondúil reáchtáiltear an scéim ar bhonn bliantúil, mar sin b’fhéidir go mbeidh ort d’iarratas a chur isteach faoi spriocdháta áirithe i rith na bliana.