Skip to main content
Menu

Dearadh Scéim na nDearbhán Trádála ar Líne, a thairgtear trí Oifigí Fiontair Áitiúla, chun cabhrú le cuideachtaí beaga a bhfuil suas le 10 bhfostaí acu níos mó trádála a dhéanamh ar líne, borradh a chur faoi dhíolacháin agus margaí nua a bhaint amach. Trí pháirt a ghlacadh sa scéim seo beidh an próiseas trádála ar líne i bhfad níos éasca duit.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá na dearbháin dírithe ar chuideachtaí a bhfuil an phróifíl seo a leanas acu:

  • Láithreacht theoranta nó gan aon láithreacht ríomhthráchtála
  • 10 bhfostaí nó níos lú
  • Láimhdeachas níos lú ná €2m
  • Fiontar atá ag trádáil le 6 mhí ar a laghad
  • Ní mór do chuideachtaí a bheith lonnaithe sa limistéar atá clúdaithe ag an OFÁ lena ndéanann siad a n-iarratas. Ní féidir le OFÁnna glacadh le hiarratais ó chuideachtaí atá lonnaithe lasmuigh dá gceantair.

Is féidir le faighteoirí dearbháin roimhe seo iarratas a dhéanamh ar an dara dearbhán. Ní féidir le faighteoirí dearbháin roimhe seo iarratas a dhéanamh ar an dara dearbhán sula mbeidh a n-éileamh deiridh ar a gcéad dearbhán curtha isteach acu.

Cad é is féidir a dhéanamh leis an dearbhán?

Is féidir maoiniú a úsáid chun áiseanna íocaíochta nó córais áirithinte a chur leis an láithreán gréasáin nó chun aipeanna nua a fhorbairt do na custaiméirí. Is féidir an dearbhán a úsáid freisin i dtreo síntiúis le haghaidh réitigh ardáin mhiondíola ar líne ar chostas íseal, chun cabhrú le cuideachtaí láithreacht mhiondíola a bhunú go tapa ar líne. Is féidir le cuideachtaí a bhfuil Dearbhán Trádála ar Líne acu cheana féin iarratas a dhéanamh ar an dara dearbhán, áit a bhfuil uasghrádú ag teastáil.

Cé mhéad a thairgeann an scéim seo?

Cuireann an scéim seo cúnamh airgeadais suas le €2,500 ar fáil le cómhaoiniú 50% ón ngnó, chomh maith le hoiliúint agus comhairle chun cabhrú le trádáil ghnó ar líne.

Cuirtear oiliúint freisin

Tá sé ríthábhachtach do gach gnó cinntí eolasacha a dhéanamh. Mar sin, cuireann an chabhair agus an oiliúint saor in aisce a sholáthraíonn an oifig fiontair áitiúil i seachadadh na scéime seo ar do chumas cinneadh a dhéanamh faoi cad é an rogha is fearr do do ghnó. Clúdaíonn na seisiúin oiliúna ábhair éagsúla, lena n-áirítear suíomh gréasáin a fhorbairt, margaíocht dhigiteach, na meáin shóisialta le haghaidh gnó agus optamú inneall cuardaigh. Tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil neamhchlaonta agus cabhróidh sí leat cinneadh a dhéanamh maidir leis na roghanna trádála ar líne atá ceart do do ghnó.

Conas iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a phlé, téigh i dteagmháil le d'Oifig Fiontair Áitiúil. Gheobhaidh tú a gcuid sonraí teagmhála anseo: https://www.localenterprise.ie/Find-Your-Local-Enterprise-Office/

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.