Skip to main content
Menu

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) d’ionad ilfhreastail áitiúil má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le gnólacht a chur ar bun nó a fhorbairt in Éirinn. Tá OFÁ ann i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 fhoireann thiomnaithe i mbun seo ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an OFÁ.

Cad iad na tacaíochtaí atá ar fáil ó na OFÁnna?

Cuireann na hOifigí Fiontair Áitiúla réimse tacaíochtaí agus seirbhísí ar fáil mar chabhair do ghnólachtaí teacht i mbláth agus faoi rath.

Ar na seirbhísí sin tá:

  • Meantóireacht Cuireann OFÁnna clár meantóireachta ar fáil mar chabhair d’úinéirí gnóthais bhig tairbhe a bhaint as taithí cleachtóra seanchleachta. Cuirtear úinéirí ghnóthais bhig i mbeirteanna le meantóirí le go bhfaighidís comhairle phraiticiúil agus straitéiseach faoi réimsí amhail straitéis ghnó, pleanáil airgeadais, taighde margaidh nó pleanáil táirgeachta fiú.
  • Oiliúint: Cuireann OFÁnna deiseanna oiliúna ar fáil do dhaoine ar mian leo gnólacht a chur ar bun nó gnólacht atá ar an bhfód cheana féin a mhéadú. Is iomaí cúrsa oiliúna a chuirtear ar siúl i rith na bliana agus reáchtáiltear dhá chúrsa lárnacha gach bliain: An Clár Do Ghnó Féin a Chur ar Bun (clár a fhónann d’fhiontraithe atá ag teacht i gcrann ullmhú do ghnólacht nua a chur ar bun), agus an Clár um Scileanna Bainistíochta a Fhorbairt (clár atá ina chabhair do ghnóthais bheaga na scileanna is gá le dul ó neart go neart a fhorbairt).
  • Tacaíochtaí d’earnáil an bhia Bíonn a gcuid dúshlán agus luach saothair féin roimh lucht thionscal an bhia. Cuireann OFÁnna réimse clár agus tacaíochtaí ar fáil mar chabhair ag gach céim den aistear bia.
  • Tacaíochtaí airgeadais: Cuireann OFÁnna réimse tacaíochtaí airgeadais ar fáil do ghnóthais bheaga mar chabhair dóibh iad féin a fhorbairt.   Tá tuilleadh faoi seo sa rannán “Deontais agus Maoiniú” s’againne.
  • Imeachtaí: Reáchtálann OFÁnna sraith clár agus imeachtaí gach bliain d’fhonn an fhiontraíocht a chur chun cinn ar fud gach earnáil agus réigiún. I measc seo tá Seachtain na Fiontraíochta Áitiúla, na Dámhachtainí Náisiúnta Fiontar. Lá Náisiúnta Fhiontraíocht na mBan, Clár Fiontraíochta Daltaí, agus tuilleadh lena chois.

Cá háit ar féidir tuilleadh a fháil amach faoi seo?

Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ag LocalEnterprise.ie