Skip to main content
Menu

Is tionscnamh atá treoraithe ag an rialtas é Éire Shláintiúil atá ag iarraidh sláinte agus folláine gach duine a chónaíonn in Éirinn a fheabhsú. Chun tacú lena chur i bhfeidhm, chruthaigh an rialtas an Ciste Éire Shláintiúil, a ligeann d’údaráis áitiúla tionscadail agus cláir a chur i gcrích a imríonn tionchar dearfach ar shaolta daoine ar fud na tíre.

Tá sláinte agus folláine mhaith ríthábhachtach do dhaoine maidir le barr a gcumais a bhaint amach, poist a choinneáil, agus daoine leochaileacha sa tsochaí a thacú. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir ar aghaidh a thabhairt ar go leor fadhbanna sláinte, tá na dúshláin chéanna roimh Éirinn agus atá roimh thíortha forbartha eile, leibhéil galair ainsealaigh inchoiscthe atá ag dul i méid agus neamhionannais sláinte atá ag fás.

Chun cabhrú dul i ngleic leis na dúshláin seo, cuireadh an tionscnamh Éire Shláintiúil ar bun ag an rialtas. Samhlaíonn sé sochaí ina bhfuil gach duine in ann taitneamh a bhaint as sláinte agus folláine fhisiceach, chomh maith le meabhairshláinte chuig barr a gcumais.

Tá ceithre phríomh-chuspóir ag Éire Shláintiúil:

  • An méid daoine atá sláintiúil ag gach céim a saoil a mhéadú
  • Neamhionannais sláinte a laghdú
  • An pobal a chosaint in aghaidh baoil ar an tsláinte agus folláine
  • Timpeallacht a chruthú ina bhfuil gach duine aonair agus earnáil na sochaí in ann a ról a ghlacadh maidir le hÉirinn sláintiúla a bhaint amach

Mar chuid den tionscnamh, cruthaíodh an Ciste Éire Shláintiúil. Tacaíonn an ciste le tionscadail agus cláir a chuireann stíleanna maireachtála níos sláintiúla ar fud na tíre chun cinn, agus chuir sé ar chumas gach údaráis áitiúil comhordaitheoir Éire Shláintiúil a fhostú, agus is é an post atá acu ná an clár sláinte agus folláine a chur chun cinn ina gceantar féin .

Le maoiniú ó Chiste Éire Shláintiúil, is féidir le húdaráis áitiúla dúshláin sláinte agus folláine a aithint ina gceantair féin agus freagra cuí a thabhairt dóibh de réir mar is gá.

Tacaíodh le réimse leathan tionscadal ag údaráis áitiúla ó cuireadh tús leis an tionscnamh. Áirítear le samplaí:

  • Ceardlanna a ligeann do dhaoine tuilleadh eolais a fháil maidir le nósanna bia sláintiúil, nó straitéisí chun éirí as an tobac.
  • Cúrsaí oideachasúla ina bhfoghlaimíonn daoine faoi aire a thabhairt dá meabhairshláinte
  • Deontais chun grúpaí deonacha agus pobail a chuidiú chun tionscadail sláinte agus folláine áirithe a chur i gcrích

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le tionscadail Éire Shláintiúil i do cheantar áitiúil, is féidir leat breathnú ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir leis an tionscnamh féin Éire Shláintiúil sa cháipéis Creat Éire Shláintiúil: https://www.gov.ie/en/publication/e8f9b1-healthy-ireland-framework-2019-2025/

Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann

Chomh maith le tionscadail thábhachtacha a cuireadh i gcrích ag údaráis áitiúla, cuireann an tionscnamh Éire Shláintiúil acmhainní an-úsáideacha ar fáil chomh maith i leabharlanna poiblí.

Nuair a théann tú chuig do leabharlann áitiúil, gheobhaidh tú an méid seo a leanas faoin mbratach ‘Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann’. Cuirtear na hacmhainní seo ar fáil saor in aisce, agus roghnaítear iad go cúramach le bheith iontaofa agus mealltach do dhaoine idir óg agus aosta agus daoine ó gach cúlra.

  • bailiúchán ainmnithe leabhar ar thopaicí a bhaineann leis an tsláinte agus folláine. Bíonn sé éasca mar sin teacht ar eolas maith maidir leis an bhfolláine, bia sláintiúil, agus aire a thabhairt do do mheabhairshláinte.
  • Bíonn imeachtaí poiblí, ar nós cainteanna agus ceardlanna a dhíríonn ar an tsláinte fhisiceach agus an mheabhairshláinte, ar siúl i leabharlanna mar chuid den chlár.
  • baill foirne oilte ar fáil chun eolas, treoir agus cúnamh á chur ar fáil d'úsáideoirí a bhfuil ceisteanna sláinte agus folláine acu agus chun feasacht sláinte sa phobal a chur chun cinn.
  •  Cuirtear roinnt acmhainní ar líne ar fáil chomh maith mar chuid den chlár. Is féidir leat rochtain a fháil ar r-leabhair, closleabhair, agus r-irisleabhair maidir le topaicí sláinte sa leabharlann, nó is féidir leat dul ar líne chun na hacmhainní seo a íoslódáil mura bhfuil an deis agat cuairt a thabhairt ar do leabharlann chomh minic agus ba mhaith leat.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann, labhair le baill foirne i do leabharlann, nó tabhairt cuairt ar shuíomh gréasáin Leabharlanna na hÉireann: https://www.librariesireland.ie/services/healthy-ireland-at-your-library