Skip to main content
Menu

Tá na húdaráis áitiúla uile tar éis Foirne Údaráis Áitiúil um Imeascadh (LAITanna) a chur ar bun. Is é is aidhm leo cabhrú leis na tacaíochtaí a chomhordú atá ar fáil do lucht iarrtha cosanta idirnáisiúnta, do dhídeanaithe, agus do dhaoine eile i gcásanna comhchosúla.

Is é an sprioc a leagann LAITanna rompu féin ná cabhrú le hiarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta agus le teifigh éirí neamhspleách, socrú síos i measc a bpobail nua, agus páirt a ghlacadh i saol na hÉireann. Chuige seo cuireann siad daoine i dtreo seirbhísí príomhshrutha agus seirbhísí atá ar fáil ó eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna).

Cé hiad na daoine dá dtugann LAITanna tacaíocht?

Tugann LAITanna tacaíocht do:

  • Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta (IP)
  • Daoine ar bronnadh stádas dídeanaí orthu nó cineálacha cosanta eile, amhail cosaint choimhdeach nó cead chun fanacht
  • Teifigh ar athlonnaíodh in Éirinn iad trí bhíthin clár rialtais
  • Daoine dár Deonaíodh Cosaint Shealadach (BOTPanna)

Conas a chuirtear an tacaíocht ar fáil?

Is iad na LAITanna a sholáthraíonn seirbhísí faoin Múnla um Imeascadh Áitiúil. Feidhmíonn an múnla seo ar an mbonn ‘Imeascadh ón gCéad Lá', rud a chiallaíonn go ndéantar iarracht leis cabhrú le daoine imeascadh agus saol neamhspleách a chaitheamh a luaithe agus a fhaigheann siad a stádas.

Cad iad na seirbhísí a sholáthraíonn LAITanna?

Níl sé i gceist leis an obair a dhéanann LAITanna teacht in áit na seirbhísí atá ann cheana féin. Ina ionad sin, is é an chaoi ina gcabhraíonn LAITanna ná daoine a chur i dtreo na seirbhísí atá ann cheana is mó a oireann dá riachtanais. Ar na nithe seo tá:

  • A bheith ina theagmhálaí díreach do dhaoine atá díreach tagtha thar tír isteach agus pé cabhair atá de dhíth orthu chun plé le seirbhísí poiblí a thabhairt dóibh.
  • Daoine atá díreach tagtha thar tír isteach a chur ar an eolas faoi chúnamh dlí, faoi chúram sláinte agus faoi chúram súl agus fiacla.
  • Comhairle a chur ar dhaoine atá díreach tagtha thar tír isteach faoi sheirbhísí a chuirfeadh lena gcumas maireachtáil go neamhspleách, amhail jaboiliúint, ranganna Béarla, oideachas, agus printíseachtaí.
  • Treoir a thabhairt do dhaoine atá díreach tagtha thar tír isteach maidir leis an bpróiseas a bhaineann le cur isteach ar chabhair leighis, ar shochair linbh, agus ar pé seirbhísí eile atá de dhíth orthu.
  • Cruinnithe a reáchtáil in gceantair áitiúla agus leas a bhaint as prionsabail forbartha pobail chun cabhrú le hiadsan a fhreastalaíonn orthu.
  • Tacú le daoine má tá siad thíos le ciníochas nó má chaitear go héagórach leo ar bhealach ar bith eile. Cabhraítear leo a gcás a thuairisciú do na húdaráis chearta más gá sin.
  • Cabhrú le daoine atá díreach tagtha thar tír isteach, más leochaileach iad, dul i dteagmháil le hENRanna agus le seirbhísí eile má tá breis cabhrach de dhíth orthu.
  • Conas a théim i dteagmháil le Foireann Údaráis Áitiúil um Imeascadh (LAIT)?
  • Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le LAITanna trí ríomhphost. Tá liosta de na seoltaí ríomhphoist le fáil anseo.

Conas a théim i dteagmháil le Foireann Údaráis Áitiúil um Imeascadh (LAIT)?

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le LAITanna trí ríomhphost. Tá liosta de na seoltaí ríomhphoist le fáil anseo.