Seachtain na Gaeilge a Cheiliúradh
Is ábhar bróid é d’údaráis áitiúla ar fud na hÉireann tacaíocht a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge, ceiliúradh bliantúil bríomhar ar oidhreacht shaibhir theanga agus chultúrtha ár náisiúin. Leis an imeacht seo dírítear aird ar thábhacht na Gaeilge inár saolta laethúla agus spreagtar pobail chun a húsáid a ghlacadh chucu féin agus a cheiliúradh.
Tá údaráis áitiúla tiomanta do chothú na Gaeilge trí réimse leathan tionscnamh. Idir tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí cultúrtha i nGaeilge agus malartuithe Gaeilge a óstáil i leabharlanna áitiúla, spreagann údaráis áitiúla pobail chun teacht le chéile trí mheán na Gaeilge. Oibríonn údaráis áitiúla go dian freisin chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh a théann i dteagmháil lena n-údarás áitiúil sin a dhéanamh ina dteanga dhúchais.
Leis na glúnta, bhí ról tábhachtach ag údaráis áitiúla i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá an tiomantas sin chomh láidir inniu agus a bhí riamh, de réir mar a leanann comhairlí le tacú leis an teanga sa saol poiblí agus lena chinntiú go mbíonn sí fós ina cuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta.
Agus Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh againn, aithnímid an tábhacht a bhaineann lenár n-oidhreacht theanga a chosaint agus a chothú, ní amháin don aimsir seo - ach do na glúnta atá le teacht.