Skip to main content
Menu

Cuid riachtanach dár n-éiceachóras is ea crainn. Soláthraíonn crainn ocsaigin, feidhmíonn siad mar dhoirteal carbóin ríthábhachtach, is áit chónaithe iad don fhiadhúlra, agus tacaíonn siad leis an ithir trí chreimeadh a chobhsú agus trí chothaithigh riachtanacha a chur léi.

Sa chuid seo

Bainistiú crann

Tá údaráis áitiúla freagrach as crainn a chothabháil i spásanna poiblí. D’fhéadfadh cur crann agus bearradh crann a áireamh leis seo. Má tá na crann i do cheantar rófhásta nó má tá cothabháil de dhíth air, téigh i dteagmháil le rannán comhshaoil d’údaráis áitiúil.

I gcásanna áirithe, b'fhéidir go mbeadh gá le crann a ghearradh anuas. I measc na gcúiseanna leis seo tá nithe seo a leanas:

  • Tá an crann contúirteach anois (mar shampla, tá sé ag cruthú bacainn nó ag cur isteach ar shreanga teileafóin nó leictreach)
  • Tá galar ar an gcrann nó tá sé ag lobhadh
  • Cabhróidh gearradh síos an chrainn le sláinte fhoriomlán na foraoise nó na timpeallachta máguaird
  • Gnáthchothabháil ar thalamh talmhaíochta (do chrainn atá faoi bhun 5 bliana d'aois agus a tháinig chun cinn trí athghiniúint nádúrtha)
  • Is gá an crann a leagan le haghaidh tionscadal bonneagair riachtanach

Féadfaidh údaráis áitiúla crainn a bhaint i spásanna poiblí nuair a mheastar gur gá sin a dhéanamh.

Féadfaidh an t-údarás áitiúil Comhairliúchán ar Straitéis Bainistíochta Crann a dhéanamh chun deis a thabhairt don phobal a dtuairimí a roinnt ar an Straitéis um Bainistiú Crann.

Orduithe Caomhnaithe Crann (TPO)

Cuireann ordú caomhnaithe crann cosc ar aon duine crann ar leith a ghearradh anuas. Is féidir orduithe caomhnaithe crann a eisiúint nuair a mheastar crann a bheith tairbheach do thaitneamhacht nó do thimpeallacht an cheantair áitiúil.

Má eisítear ordú caomhnaithe crann, ní féidir an crann a ghearradh anuas, an barr a bhaint de, a theascadh, nó a mhilleadh ar bhealach ar bith gan cead a fháil ón údarás áitiúil a d’eisigh an t-ordú caomhnaithe.

Ní bhaineann orduithe caomhnaithe crann le crainn atá marbh, ata ag fáil bháis, atá contúirteach, nó ar dtugadh ordú iad a ghearradh anuas le fógra reachtúil.

Má chreideann tú gur gá crann a ghearradh anuas ach go bhfuil sé faoi TPO, is féidir leat dul i dteagmháil le rannán comhshaoil an údaráis áitiúil chun d’ábhar imní faoin gcrann a chur in iúl. Má chreideann tú gur ghearr duine éigin eile crann anuas a bhí faoi TPO, is féidir leat é seo a thuairisciú do rannán comhshaoil an údaráis áitiúil.

Coinníonn údaráis áitiúla clár de na crainn go léir atá faoi TPO. Chun an Clár um Orduithe Caomhnaithe Crann a fheiceáil, téigh i dteagmháil le rannán comhshaoil d’údaráis áitiúil.