Skip to main content
Menu

Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó sa lá inniu. Teastaíonn gníomhaíocht phráinneach ar fud ár sochaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide. Tá na húdaráis áitiúla suite go huathúil chun ceannaireacht a sholáthar agus gníomhaíocht a bhrú chun cinn ar leibhéal áitiúil chun pobail atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus inbhuanaithe a chruthú ar fud na hÉireann.

Sa chuid seo

Tá údaráis áitiúla ag freagairt don athrú aeráide trí Phleananna Gníomhaíochta Aeráide a fhorbairt lena n-áirítear bearta chun tionchar an athraithe aeráide ar phobail a laghdú agus chun oiriúnú do na hathruithe atá tarlaithe cheana féin, agus obair chun gníomh aeráide a leabú ar fud an údaráis áitiúil agus laistigh dá bpobail.

Tacaíonn na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAROnna) le húdaráis áitiúla ina gcuid oibre ar ghníomhú ar son na haeráide.

Pleananna um Ghníomhú ar son na hAeráide

Leagtar amach i bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide na céimeanna a bhfuil sé d’aidhm ag údaráis áitiúla a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide ina gceantar.

 I measc na mbeart atá sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide tá:

  • Laghdú fuinnimh i bhfoirgnimh údaráis áitiúil
  • Laghduithe ar astuithe ar fud ghníomhaíochtaí údaráis áitiúil
  • Pobail a dhéanamh níos athléimní ó thaobh aeráide de trí ullmhú le haghaidh tionchair aeráide amhail tuilte nó aimsir foircneach
  • Tacú le pobail chun bheith páirteach sa ghníomhú ar son na haeráide
  • Páirt a ghlacadh i gcláir um ghníomhú ar son na haeráide don earnáil rialtais áitiúil

 Ceanglaítear ar údaráis áitiúla Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide a scaoileadh gach cúig bliana faoin mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2020.

 Chun féachaint ar Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide d’údaráis áitiúil, féach an rannán comhshaoil ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil.

Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhaithe ar son na hAeráide

Soláthraíonn na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAROnna) comhordú agus tacaíocht don earnáil rialtais áitiúil chun athrú claochlaitheach agus gníomhú intomhaiste ar son na haeráide a threorú ar fud ár gcathracha agus ár gcontaetha. Tugann CARO treoir, comhairle agus tacaíocht d’údaráis áitiúla, ag tacú leo deiseanna a ghiaráil chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar athrú aeráide.

 Tá ceithre CARO ag obair ar son na 31 údarás áitiúil. Seo a leanas iad:

 Tá tuilleadh eolais faoi na CAROnna ag caro.ie