Skip to main content
Menu

Ní hamháin go ndéanann truailliú dochar don timpeallacht ach cuireann sé isteach ar ár sláinte agus ar an taitneamh a bhainimid as ceantair áitiúla. Is féidir le truailliú díobháil a dhéanamh don aer a análaímid, dár n-uiscebhealaí agus don timpeallacht máguaird.

Tá údaráis áitiúla i mbun truailliú a chosc agus dul i ngleic léi trí mhonatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh agus dálaí a fheabhsú ar fud limistéar an údaráis áitiúil. Mar chuid den obair seo tugtar aghaidh ar chaighdeán an aeir, truailliú uisce, agus truailliú de dheasca torainn.

Má tá tú míshásta faoi chaighdeán an aeir, an uisce, nó an méid torainn atá i do cheantar, is féidir dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil le gearán a dhéanamh faoi.

Sa chuid seo

Caighdeán an aeir

Braitheann dea-sláinte agus ár bhfolláine go mór ar chaighdeán an aeir. Má choinnítear dea-chaoi ar chaighdeán an aer, is lú seans go bhfaigheadh daoine stróc, nó go dtiocfadh galar croí, ailse scamhóg, nó galair análaithe ghéara nó ainsealacha eile orthu, asma san áireamh.

Is é d’údarás áitiúil atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán, tuairisciú air agus é a fheabhsú faoin Acht um Thruailliú Aeir, 1987.

Áirítear iad seo a leanas:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar chaighdeán an aeir
  • Plé le géaráin a dhéantar faoi aerthruailliú
  • Ceadúnais astaíochtaí a eisiúint do ghléasraí tionsclaíocha a scaoileann astaíochtaí isteach san atmaisféar
  • Rialacháin maidir le hastaíochtaí aeir a fhorfheidhmiú le cinntiú go gcloíonn gléasraí tionsclaíocha leis na rialacháin
  • Limistéir faoi rialacháin speisialta a fhógairt d’fhonn aerthruailliú a chosc nó srian a chur air.
  • Cosc a chur ar bhreoslaí áirithe, cuir i gcás, gual toiteach a dhíol, a phoibliú, a leithdháileadh agus a dhó i limistéir faoi rialacháin speisialta.
  • Taighde ar aerthruailliú a eagrú, a dhéanamh agus tacú lena leithéid
  • Cláir oideachasúla faoi aerthruailliú a reáchtáil

Rialacháin maidir le haerthruailliú a chur i bhfeidhm

Tá údaráis áitiúla freagrach as an Acht um Thruailliú Aeir, 1987, a chur i bhfeidhm, rud a fhágann gur féidir leo duine ar bith a ionchúiseamh más rud é gur sháraigh sé nó sí na rialacha a leagtar amach san Acht. D’fhéadfadh fíneáil nó príosúnacht a bheith mar thoradh air seo.

Ceanglaítear ar chuideachtaí srian a chur ar thruailliú óna n-áitreabh féin nó é a chosc. Más léir go bhfuil cuideachta ag sárú na rialacha, is féidir leis an údarás áitiúil fógra a sheirbheáil orthu, fógra ina leagfar amach na bearta a bheidh le déanamh acu chun an t-aerthruailliú a chosc, agus sprioc-am faoina gcaithfidh siad an fhadhb a leigheas. Má dhéantar neamhaird de seo, tá cead ag an údarás áitiúil an chuideachta a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte. Má tá baol ann go gcuirfí isteach go mór ar shláinte an phobail, is féidir leis an Ard-Chúirt urghaire a eisiúint, rud a chuirfeadh ar chumas an údaráis áitiúil é aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.

Ceadúnais astaíochtaí a eisiúint

Bíonn ceangal ar ghléasraí tionsclaíocha uaireanta ceadúnas astaíochtaí aeir a fháil ón údarás áitiúil má chuireann siad astaíochtaí amach mar chuid dá bpróiseas tionsclaíoch. Mar chuid den phróiseas seo, beidh air an gléasra cuntas a thabhairt ar cá gcuirtear na hastaíochtaí amach chomh maith le fógra a chur san nuachtán áitiúil le lucht cónaithe a chur ar an eolas faoi. Na sonraí a choinníonn údaráis áitiúla faoi aerthruailliú, tá teacht ag an bpobal orthu.

Cáilíocht uisce

Is ann d’éiceachórais mhéithe in uiscebhealaí na hÉireann, iad lán d’fheithidí, d’fhiadhúlra, de phlandaí, de chrainn, agus d’éisc a bhíonn ag brath ar an mbithéagsúlacht atá inár n-uiscebhealaí agus ag cur léi. Is údaráis áitiúla atá freagrach as truailliú uisce a rialú ina limistéar féin, dualgas a chuimsíonn aibhneacha, sruthanna, linnte, screamhuisce, uiscí inbhir, taoide, agus snámha a chosaint ar thruailliú.

Is féidir ceimiceáin, smionagar, bruscar, séarachas, nó lotnaidicídí a bheith taobh thiar de thruailliú uisce. Má chosnaítear uiscebhealaí ar thruailliú, ní hamháin go gcaomhnaítear bithéagsúlacht an cheantair ach caomhnaítear an timpeallacht, leis. Rud eile de, tá sé ina chabhair maidir le huiscí snámha agus foinsí uisce óil a chosaint ar thruailliú.

Déanann údaráis áitiúla monatóireacht ar chaighdeán an uisce i láithreacha snámha. Tá suíomh gréasáin faoi uiscí snámha na tíre seo https://www.beaches.ie/ trína scaiptear an t-eolas is déanaí faoi na 200 uisce snámha a ndéantar tástáil orthu le linn an tséasúir snámha.

Ionchúiseamh má thruaillítear uisce

Faoi Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990, tá de dhualgas ar na húdaráis áitiúla monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán an uisce ina limistéar féin chomh maith le hé a bhainistiú agus a chosaint. Áirítear iad seo a leanas:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar uisce dromchla, ar screamhuisce, agus ar uisce snámha chomh maith le hiad a thuairisciú
  • Bruscar agus smionagar a ghlanadh ó uiscebhealaí in áiteanna poiblí
  • Iniúchadh a dhéanamh nuair a tharlaíonn truailliú uisce agus an scéal a leigheas
  • Ceadúnais um Sceitheadh a Eisiúint
  • Dea-chaoi a choinneáil ar chaighdeán an uisce agus truailliú a chosc

Tá cion á dhéanamh ag aon duine a cheadaíonn uiscebhealaí a bheith truaillithe faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990, agus is féidir leis an údarás áitiúil iad a ionchúiseamh.

Má chuirtear ar a shúile d’údaráis áitiúil go bhfuil uiscebhealach ina dhlínse á thruailliú, tá de chead acu fógra Alt 12 a sheirbheáil ar an truaillitheoir, fógra ina leagtar amach na bearta a bheidh le déanamh chun an truailliú a leigheas. Aon duine nach gcomhlíonann fógra Alt 12, tá sé nó sí ciontach i gcion agus is féidir leis an údarás áitiúil é nó í a ionchúiseamh.

Gearáin maidir le truailliú uisce

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi eachtra inar tharla truailliú uisce, is féidir dul i dteagmháil leis an rannóg seirbhísí uisce nó an rannóg comhshaoil d’údaráis áitiúil agus déanfaidh siad ábhar do ghearáin a iniúchadh.

Ceadúnais um Sceitheadh

Más gá eisilteach (múnlach nó camras) a sceitheadh isteach in uiscí dromchla, screamhuisce, nó séarachais mar chuid d’oibríochtaí gnó, beidh ort cur isteach ar cheadúnas um sceitheadh. Tá sé seo riachtanach faoi Alt 4 agus Alt 16 de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990.

Ceadúnas doirte chuig uisce dromchla nó screamhuisce (Alt 4)

Is féidir iarratas a dhéanamh ar cheadúnas um dhoirteadh eisiltigh chuig uisce dromchla (lena n-áirítear séarach uisce dromchla) nó screamhuisce tríd an údarás áitiúil. Meastar gur cion é doirteadh chuig na huiscí seo gan cheadúnas, agus is féidir pionóis a ghearradh as sin a dhéanamh.

Ceadúnas doirte chuig séarach (Alt 16)

Déantar iarratais ar cheadúnais um dhoirteadh eisiltigh chuig séaraigh chuig Uisce Éireann. Tá sé seo le haghaidh doirteadh chuig séarach bréan/comhchóras séarachais. Is féidir iarratais ar cheadúnais doirte chuig séarach uisce dromchla a chur isteach chuig an údarás áitiúil. Tá táillí i gceist freisin as doirteadh isteach sa líonra séarachais. Meastar gur cion é doirteadh chuig an séarach gan cheadúnas, agus is féidir pionóis a ghearradh as sin a dhéanamh. Tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann.

Truailliú ó thorann

Is féidir le truailliú ó thorann tionchar mór a imirt ar fholláine daoine, ar a gcumas codladh nó aird a dhíriú, agus ar fhiadhúlra agus pheataí. Nuair a shroicheann torann leibhéal nó fad nó nuair a dhéantar é chomh minic sin go mbíonn sé suaiteach agus corraitheach, meastar gur núis é. D’fhéadfadh lagú nó damáiste do shláinte agus folláine a bheith mar thoradh ar thruailliú ó thorann mura dtugtar aghaidh air.

I measc na bhfoinsí truaillithe ó thorann tá:

  • Iompar (gluaisteáin, busanna, traenacha, longa agus eitleáin san áireamh)
  • Láithreáin tógála agus tionsclaíochta
  • Gnólachtaí lena n-áirítear bialanna, tithe tábhairne, agus clubanna oíche
  • Imeachtaí sóisialta agus fóillíochta, amhail ceol agus tinte ealaíne
  • Fearais agus córais aerála

Forbraíonn údaráis áitiúla pleananna gníomhaíochta torainn de réir mar a éilíonn an Treoir AE um Thorann Comhshaoil (atá trasuite i ndlí na hÉireann mar I.R. Uimh. 549/2018 agus I.R. Uimh. 663/2021). Tá sé mar aidhm ag pleananna gníomhaíochta torainn pobail áitiúla a chosaint ar thorann iomarcach lasmuigh arna chruthú ag gníomhaíocht an duine, amhail torann ó iompar.

Tá cumhachtaí ag údaráis áitiúla faoin Acht um Ghníomhaireacht Chomhshaoil 1992 chun torann ó áitribh, próisis nó obair ar bith a rialú agus a theorannú, agus gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche faoi núis torainn.

Is féidir le húdaráis áitiúla torann a chur san áireamh freisin agus iarratais phleanála á mbreithniú, sa chéim thógála agus in úsáid leanúnach an áitribh araon.

Gearáin faoi thruailliú ó thorann

Foilseoidh údaráis áitiúla beartas um ghearáin torainn ar a suíomh gréasáin ina leagfar amach na cineálacha gearán torainn a mbíonn siad ag plé leo agus nach mbíonn siad ag plé leo. Ba chóir go leagfadh sé síos freisin conas gearán um thorann a dhéanamh.

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi thorann, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil ar an gcoinníoll go bhfuil sé san áireamh ar liosta na ngearán a mbíonn siad ag plé leo. Faoin Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992, is féidir le húdaráis áitiúla dul i ngleic le truailliú torainn ó áitribh, próisis nó oibreacha tráchtála. Is féidir leis an maor madraí freagra a thabhairt ar ghearáin faoi thorann ó mhadraí a bhíonn ag tafann.

Mura ndéileálann an t-údarás áitiúil leis an gcineál gearáin torainn, féadfaidh siad tú a threorú chuig an ngníomhaireacht cheart chun déileáil leis an gceist. Féadfaidh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) nó An Garda Síochána a bheith i gceist leis seo.