Skip to main content
Menu

Tríd an Scéim um Bonneagar Áineasa Faoin Aer (ORIS) cuirtear maoiniú ar fáil chun saoráidí áineasa faoin aer nua a fhorbairt i láithreacha tuaithe. Cuirtear tacaíocht ar fáil léi freisin chun saoráidí áineasa faoin aer atá ann cheana a dheisiú, a chothabháil agus a fheabhsú.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Fóillíocht agus Áineas

Leis an scéim aithnítear an tábhacht a bhaineann le stíleanna maireachtála sláintiúla, gníomhacha agus tugtar tacaíocht léi do ghníomhaíochtaí amhail siúl, fálróid, rothaíocht, cadhcáil agus siúlóireacht. Cuidíonn an scéim le hacmhainneacht eacnamaíoch agus turasóireachta a fhorbairt i gceantair tuaithe, agus maoiníonn sí saoráidí lena ndéantar leas do phobail áitiúla agus do chuairteoirí turasóireachta araon.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le grúpaí pobail agus deonacha áitiúla tograí a chur isteach chuig a n-údarás áitiúil le haghaidh a mbreathnaithe. Ní ghlacfar le tionscadail ar a bhfuil gnólachtaí tráchtála i gceannas.

Cad dó ar féidir an maoiniú a úsáid?

Ní mór do na tionscadail a fhaigheann maoiniú faoin scéim sin bheith ar aon dul le straitéis náisiúnta na hÉireann um áineas faoin aer, Embracing Ireland’s Outdoors (Saol Amuigh Faoi Spéir na hÉireann a Ghlacadh Chugainn). Is straitéis trasrialtais é Embracing Ireland’s Outdoors a forbraíodh i gcomhar le Comhairle na Tuaithe. Chun sonraí breise a fháil maidir le Embracing Ireland’s Outdoors téigh chuig https://www.gov.ie/en/policy-information/43eee-embracing-irelands-outdo…

Trí thionscadail arna maoiniú ag an scéim sin tugtar tacaíocht do ghníomhaíochtaí áineasa a tharlaíonn faoin aer sa timpeallacht nádúrtha.

Ní thacaítear le gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl i gcúrsaí nó ar pháirceanna cúnga (amhail galf nó seóléimneach). Ní ghlacfar le gníomhaíochtaí mótair (amhail dul ar rothair streachailte) ach oiread.

Ba cheart go mbeadh na tionscadail suite go príomha i gceantair tuaithe. Ní ghlacfar le tionscadail atá suite laistigh de theorainneacha na gcúig phríomhchathair (Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Port Láirge).

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

Is scéim maoinithe mheaitseála í seo, agus mar sin de ní chumhdaítear 100% de chostais an tionscadail léi.

 Is féidir suas le 90% de chostais tionscadail a mhaoiniú tríd an scéim. Ní mór don 10% atá fágtha mar chostais teacht ó fhoinsí eile.

Tá maoiniú ar fáil faoi cheithre shruth.

  • Baineann Beart 1 le tionscadail ar an mionchóir óna dteastaíonn maoiniú suas le €30,000.
  • Baineann Beart 2 le tionscadail mheánmhéide óna dteastaíonn maoiniú suas le €200.000.
  • Baineann Beart 3 le tionscadail ar an mórchóir óna dteastaíonn maoiniú suas le €500,000.
  • Leis an mBeart Forbartha Tionscadail tugtar maoiniú suas le €50,000 do chostais forbartha le haghaidh tionscadail straitéiseacha ar an mórchóir.

Cén chaoi a ndéantar measúnú ar iarratais?

Roghnaítear tionscadail le haghaidh maoinithe i bpróiseas iomaíoch trína ndéantar measúnú maidir le cé chomh maith agus a chomhlíonann gach iarratas aidhmeanna na scéime. Is é an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann an roghnú deireanach maidir le tionscadail, i gcomhairle le Fáilte Éireann agus Spórt Éireann araon de réir mar is iomchuí.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Cuireann údaráis áitiúla atá ag glacadh páirt sa scéim seo gairm bhliantúil amach ar léirithe spéise a luaithe agus a fhógraítear an scéim. Déanfaidh gach údarás áitiúil na sonraí a phostáil ar a shuíomh gréasáin, agus comhairle á tabhairt aige maidir le cineál an tionscadail a dtabharfar tús áite dó i mbliain áirithe, agus conas a dhéanfar na tograí a mheasúnú. Soláthróidh siad treoracha le haghaidh d’iarratas a chur isteach, agus cuirfidh siad an dáta deiridh in iúl duit.

Tabhair faoi deara go mbainistíonn gach údarás áitiúil an próiseas iarratais ina cheantar leis féin, agus d’fhéadfadh dátaí deiridh éagsúla a bheith ann. Le haghaidh sonraí breise a fháil déan teagmháil le d’údarás áitiúil.