Skip to main content
Menu

Teastaíonn cead pleanála le haghaidh aon oibreacha forbartha nó tógála nach meastar mar ‘fhorbairt dhíolmhaithe’ iad.

Go bunúsach, cinntítear le cead pleanála maidir le forbairtí ar bith a dhéantar gurb iad na forbairtí cearta don cheantar agus go bhfuil siad ar an dul le treoirlínte an phlean forbartha contae nó cathrach agus treoirlínte eile.

Sa chuid seo

Cad dó a theastaíonn cead pleanála uaim?

Teastaíonn cead pleanála le haghaidh forbartha ar bith nach bhfuil aicmithe mar díolmhaithe. Mar shampla, bheadh cead pleanála ag teastáil uait chun:

  • Teach a thógáil
  • Síneadh mór a thógáil nó athruithe móra a dhéanamh ar do theach
  • An chaoi a n-úsáideann tú d’ionad réadmhaoine a athrú go mór (mar shampla, gnóthas nó seirbhís a oscailt)
  • Forbairt mhór gnó nó tithíochta a thógáil.
  • D’fhéadfadh go mbeadh cead pleanála ag teastáil le haghaidh scartáil i roinnt cásanna
  • D’fhéadfadh go mbeadh gá le cead pleanála chun do réadmhaoin a ligean ar cíos go gearrthéarmach

Tá cineálacha áirithe forbairtí ann nach dteastaíonn cead pleanála lena n-aghaidh. Tugtar ‘forbairt dhíolmhaithe’ orthu seo agus leagtar amach iad i reachtaíocht agus i rialacháin.

Tá sé tábhachtach dul i gcomhairle le d’údarás áitiúil sula dtosaíonn tú ar aon obair thógála le fáil amach an bhfuil cead pleanála de dhíth ort.

Má tá cead pleanála ag teastáil, ní féidir tosú ar an obair thógála go dtí go dtugtar cead pleanála. Má thosaíonn tú ar an obair sula dtugtar cead pleanála is baolach go ngearrfar pionóis shuntasacha ort.

Cineálacha cead pleanála

Tá dhá phríomhchineál ceada pleanála ann:

  • Cead
  • Cead imlíne

Cead

Is é Cead, nó Lánchead, an cineál is coitianta de chead pleanála. Má fhaomhtar d’iarratas agus má fhaigheann tú cead, beidh sé i bhfeidhm ar feadh cúig bliana. D’fhéadfadh go mbeadh coinníollacha ag gabháil leis an bhfaomhadh, áfach, agus d’fhéadfadh mar gheall air sin go mbeadh roinnt athruithe ag teastáil ar do chuid tograí.

Cead imlíne

Is é atá i gceist le cead imlíne fiafraí den údarás áitiúil an aontaíonn siad i bprionsabal le teach nó síneadh mór a thógáil. San iarratas sin, beidh ort eolas a thabhairt faoin láithreán a bhfuil tú ag iarraidh tógáil air, nó síneadh a dhéanamh air, leagan amach na forbartha nó aon eolas ábhartha eile. Má fhaigheann tú cead imlíne, beidh sé i bhfeidhm ar feadh trí bliana.

Nuair atá tú réidh le tógáil, ní mór duit líníochtaí agus tograí mionsonraithe a chur isteach le faomhadh sula dtosaítear aon obair tógála. Má fhaomhtar iad siúd, tabharfar ‘cead mar thoradh ar dheonú ceada imlíne’ duit. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cead pleanála agat bunaithe ar fhaomhadh do cheada imlíne.

Conas iarratas ar chead pleanála a dhéanamh

Tá roinnt céimeanna nach mór cloí leo agus iarratas á dhéanamh ar chead pleanála.

Ní mór duit d’iarratas ar chead pleanála i bhformhór na gcásanna a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil sa cheantar ina bhfuil sé de rún agat an teach a thógáil. Ach más forbairt an-mhór nó an-chasta í, amhail forbairt bonneagair straitéisigh, b’fhéidir go mbeadh ort d’iarratas a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Mura bhfuil tú cinnte faoi d’iarratas nó faoi na rialacha pleanála, is féidir leat dul i dteagmháil le rannóg pleanála d’údaráis áitiúil sula ndéanann tú an t-iarratas má tá aon cheist agat. Is féidir leat cruinniú comhairliúcháin réamhphleanála a iarraidh freisin. Le linn an chruinnithe seo is féidir leat comhairle agus treoir a fháil ó phleanálaithe maidir le conas iarratas a dhéanamh, cé acu an láidre an seans go gcloífidh do thograí leis an bplean forbartha nó nach gcloífidh, cé na doiciméid eile a bheidh de dhíth ort, cén táille a bheidh i gceist, agus aon riachtanais eile.

Sula ndéanann tú an t-iarratas

Sula ndéanann tú iarratas ar chead pleanála, ní mór duit fógra poiblí a thabhairt maidir le do thogra chun teach a thógáil nó chun síneadh a chur leis.

Chun é seo a dhéanamh ní mór duit fógra láithreáin a chur suas a bheidh feiceálach agus soléite do dhaoine den phobal. Ní mór don fhógra láithreáin fanacht i bhfeidhm ar feadh cúig seachtaine tar éis don údarás áitiúil d’iarratas pleanála a fháil, ní chuirtear 24 Nollaig - 1 Eanáir san áireamh.

Más iarratas suntasach é b’fhéidir go mbeadh ort fógra a chur i nuachtán áitiúil. Is féidir leis an údarás áitiúil na nuachtáin atá inghlactha a chur ar do shúile duit.

Ní mór duit d’iarratas pleanála a chur isteach laistigh de dhá sheachtain tar éis d’fhógra láithreáin a chur suas agus d’fhógra a chur sa nuachtán.

Tá sonraí maidir leis an eolas atá le cur san áireamh i do chuid fógraí ar fáil san fhoirm iarratais pleanála a fhaigheann tú ón údarás áitiúil.

Iarratas pleanála a chur isteach

Chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála, ní mór duit foirm ceada pleanála a chomhlánú, an t-eolas riachtanach go léir a sholáthar agus an táille chuí a chur isteach.

Beidh liosta san fhoirm de na doiciméid go léir is gá a chur le d’iarratas. Áirítear leis na doiciméid sin:

  • Léarscáil de shuíomh an láithreáin
  • Pleananna agus líníochtaí
  • Sonraí den fhógra láithreáin agus den fhógra nuachtáin

Ag brath ar chineál agus ar scála na forbartha atá beartaithe, b’fhéidir go mbeadh ort roinnt doiciméid eile a sholáthar, mar shampla measúnacht iompair nó measúnacht timpeallachta.

Braitheann an táille le cur isteach ar chead pleanála ar an gcineál forbartha atá i gceist. Is féidir le rannóg pleanála d’údaráis áitiúil liosta iomlán táillí a sholáthar.

Iarratas a dhéanamh ar líne

Ligeann go leor údaráis áitiúla duit iarratas a dhéanamh anois ar chead pleanála ar líne ar an suíomh gréasáin Planning.LocalGov.ie. Cuirfear an áis seo ar fáil ar deireadh thiar do gach údarás áitiúil in Éirinn. Chun a sheiceáil go bhfuil sé á thairiscint ag d’údarás áitiúil cheana féin féach an leathanach ‘maidir le’ ar Planning.LocalGov.ie.

Iarratais phleanála d’Fhorbairtí Cónaithe Mórscála (LRD)

Tá riachtanais agus amlínte ar leith i gceist le hiarratais phleanála ar Fhorbairtí Cónaithe Mórscála (LRDanna).

Is forbairtí 100 aonad tithíochta nó níos mó iad Forbairtí Cónaithe Mórscála, nó forbairtí cóiríochta do mhic léinn ina bhfuil 200 spás leapa nó níos mó, nó meascán díobh sin.

Iarrtar orthu siúd a chuireann isteach forbairtí beartaithe a thagann leis an sainmhíniú ar Fhorbairtí Cónaithe Mórscála dul i mbun comhairliúchán réamhphleanála agus nochtfaidh an t-údarás áitiúil a thuairim maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an togra atá leagtha amach ina bhunús réasúnach d’iarratas pleanála sula gcuirtear iarratas pleanála isteach.

Cinntí ar iarratas pleanála

Nuair a gheofar an t-iarratas pleanála, scrúdófar an t-iarratas lena chinntiú go bhfuil gach rud ceart agus in ord, bailí nó neamhbhailí. Má fhaightear amach go bhfuil sé neamhbhailí, seolfar an t-iarratas ar ais.

Is féidir le haon duine cóip de d’iarratas a fheiceáil agus aighneacht a dhéanamh nó tuairim a nochtadh ina leith suas le cúig seachtaine ón dáta a bhfaightear an t-iarratas.

Tar éis na tréimhse cúig seachtaine seo, cuirfidh pleanálaithe na n-údarás áitiúil tús leis an iarratas a mheasúnú agus tuairisc a scríobh ina ndéantar moladh.

Agus iad ag scríobh a dtuairisce, déanann pleanálaithe an t-iarratas a mheas i gcoinne roinnt critéar. Ina measc seo tá criosú talamhúsáide, dearadh na forbartha beartaithe agus a tionchar ar chúrsaí iompair agus ar chúrsaí timpeallachta. Scrúdaíonn siad aighneachtaí a fhaightear trí chomhairliúchán poiblí, agus más gá téann siad i gcomhairle le rannóga eile san údarás áitiúil agus le comhlachtaí seachtracha amhail an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Bonneagar Iompair Éireann agus Uisce Éireann.

Cuirtear d’iarratas agus an tuairisc seo ar aghaidh ansin chuig na leibhéil chuí le faomhadh agus le síniú nuair a dhéantar an cinneadh.

Tríd is tríd, ní mór don údarás pleanála áitiúil cinneadh a dhéanamh ar iarratas pleanála laistigh de 8 seachtaine ón dáta a bhfaightear an t-iarratas, ach is baolach go dtógfadh sé níos faide má bhíonn tuilleadh eolais de dhíth ar an údarás áitiúil.

n cásanna áirithe, féadfaidh an t-údarás pleanála tuilleadh eolais a iarraidh sula gcuirtear an cinneadh in iúl. Sa chás seo, tá 6 mhí ag an iarratasóir chun freagra a thabhairt ar an iarratas seo le haghaidh tuilleadh eolais.

A luaithe a dhéanfar cinneadh, cuirfear in iúl duit é.

Beidh ceann de na nithe seo a leanas i gceist leis an gcinneadh:

Cead a thabhairt

Má cheadaítear an t-iarratas, gheobhaidh tú fógra rúin chun cead pleanála a thabhairt.

Tá ceithre seachtaine ag aon duine a chuireann i gcoinne an cheada pleanála achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála. Mura ndéanann aon duine achomharc in aghaidh an chinnidh laistigh den tréimhse sin, tabharfar cead pleanála duit. Is iondúil go mbíonn an cead sin bailí ar feadh cúig bliana, ach amháin má thugann na pleanálaithe scála ama eile. Bíonn cead imlíne bailí ar feadh trí bliana.

Cead a thabhairt le coinníollacha

Is féidir nach gceadófar an t-iarratas ach faoi choinníollacha áirithe, rud a chiallódh go mbeadh athruithe le déanamh ar do phleananna. Mura bhfuil tú sásta leis na coinníollacha seo, tá ceithre seachtaine agat chun achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála maidir leis an gcinneadh. Beidh an cead bailí ar feadh cúig bliana, agus beidh an cead imlíne bailí ar feadh trí bliana.

Cead a dhiúltú

Má dhiúltaítear don iarratas, tabharfaidh an t-údarás áitiúil míniú ar an bhfáth. Tá ceithre seachtaine agat ó dháta an chinnidh chun achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Cinneadh pleanála a achomharc

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an údaráis áitiúil ar iarratas pleanála, féadfaidh tú achomharca a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála laistigh de 4 seachtaine ó dháta an chinnidh.

Is féidir leo siúd a rinne aighneacht ar an iarratas bunaidh achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála laistigh de 4 seachtaine.

Is féidir le haon duine ar spéis leis/léi talamh taobh le talamh a bhfuil cinneadh déanta cead a thabhairt ina leith, iarratas a dhéanamh freisin ar an mBord Pleanála maidir le cead achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

Ról an Bhoird Pleanála

Is é an Bord Pleanála an bord náisiúnta achomhairc pleanála. Is comhlacht neamhspleách é a bhunaigh an Rialtas chun córas achomhairc phleanála oscailte agus neamhchlaonta a fheidhmiú. Is féidir le haon duine a dhéanann iarratas ar chead pleanála, agus aon duine a rinne aighneachtaí nó a nocht tuairimí i bhfoirm scríofa leis an údarás pleanála ar iarratas pleanála, achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála ina dhiaidh sin. Déanann an Bord Pleanála measúnú freisin ar iarratais phleanála d'fhorbairt bonneagair straitéisigh.

Freagra a thabhairt ar iarratas pleanála mar bhall den phobal

Cuid thábhachtach den phróiseas pleanála is ea an comhairliúchán.

Tá gach iarratas pleanála ar fáil don phobal lena scrúdú. Féadfaidh tú iarratais a scrúdú i d’oifigí údaráis áitiúil nó ar líne trí shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil nó trí chuairt a thabhairt ar Planning.LocalGov.ie.

I ndiaidh iarratas pleanála a chur isteach, is féidir le haon duine aighneacht a dhéanamh nó tuairim a nochtadh i bhfoirm scríofa. Is féidir cur i gcoinne an togra nó cás a dhéanamh chun tacú leis an togra. Cosnaíonn sé €20 chun aighneacht a dhéanamh.

Más mian leat do thuairimí a roinnt maidir le hiarratas pleanála i do cheantar, is féidir leat é sin a dhéanamh ach an táille €20 a íoc agus aighneacht i scríbhinn a dhéanamh leis an údarás áitiúil laistigh de chúig seachtaine ón dáta a bhfaigheann an t-údarás áitiúil an t-iarratas. Nuair a dhéanfar cinneadh i leith an iarratais, ní mór don údarás áitiúil tú a chur ar an eolas laistigh de thrí lá.

Má cheadaítear an cead pleanála ach má chuireann tú i gcoinne an obair thógála atá á déanamh fós, is féidir leat achomharc a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Teach a thógáil gan cead pleanála

Tá cinntí maithe pleanála fíorthábhachtach do chaighdeán ár mbeatha. Cinntíonn forfheidhmiú pleanála go dtéitear i mbun na forbartha de réir an cheada pleanála a tugadh. Tugann sé aghaidh ar dheacrachtaí nuair nach gcloíonn daoine leis an dlí pleanála.

Má chuireann tú na hoibreacha tógála i gcrích gan cead pleanála, meastar gur forbairt neamhúdaraithe é seo.

Is cion é obair thógála a dhéanamh a éilíonn cead pleanála gan dul tríd an bpróiseas pleanála agus gan an t-iarratas pleanála a bheith ceadaithe. Cuirfear é seo ar aghaidh chuig an rannóg forfheidhmithe pleanála agus d’fhéadfadh pionóis shuntasacha a bheith mar thoradh air.

Mar sin féin, sa chás go ndéantar botún bailí, is féidir iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chun an fhorbairt neamhúdaraithe a choimeád. Má cheadaítear é seo, is féidir leat an fhorbairt a choinneáil. Má dhiúltaítear é, ní mór an fhorbairt neamhúdaraithe a leagan.

Ní mór d’údarás pleanála caingean dlí a ghlacadh laistigh de sheacht mbliana ón tráth a dtarlaíonn an sárú ar an dlí pleanála. Má imíonn níos mó ná seacht mbliana thart, ní féidir leis an údarás pleanála caingean dlí a ghlacadh a thuilleadh, ach beidh an fhorbairt neamhúdaraithe fós, agus d’fhéadfadh impleachtaí a bheith aige seo ar dhíol na réadmhaoine sa todhchaí nó ar chomhlíontacht maidir le dlíthe eile.

Forfheidhmiú pleanála

Is é ról rannán forfheidhmithe na rannóige pleanála deimhin a dhéanamh de go gcloíonn aon duine a dhéanann obair thógála leis an gcód pleanála. Má fhaigheann siad amach nár chloígh duine éigin leis an nós imeachta pleanála agus go ndearna sé/sí forbairt neamhúdaraithe, is féidir leo nósanna imeachtaí forfheidhmithe a thionscnamh.

Is féidir leis an údarás áitiúil fógra a sheirbheáil freisin ar úinéirí réadmhaoine nuair atá réadmhaoin contúirteach, ag iarraidh orthu beart deisiúcháin a chur i gcrích chun an réadmhaoin a dhéanamh sábháilte.

Pleanáil le haghaidh forbairtí údaráis áitiúil

Ní mór d’údaráis áitiúla dul trí phróiseas pleanála dá bhforbairtí féin. Tugtar próiseas ‘Cuid 8’ air seo agus ceadaíonn sé comhairliúchán poiblí ar phleananna an údaráis áitiúil. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi seo sa chuid ar phleanáil dár gcathracha agus dár gcontaetha.