Skip to main content
Menu

Má tá sé beartaithe agat comharthaí nó fógraí a chur in áit phoiblí, nó más mian leat earraí a dhíol nó taibhiú a chur ar fáil i limistéar poiblí, b’fhéidir go mbeadh ort iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nó ar chead ón údarás áitiúil.

Ar na ceadúnais agus na ceadanna atá ar fáil ón údarás áitiúil, tá:

  • Ceadúnas comharthaíochta fógraíochta
  • Ceadúnas corrthrádála
  • Ceadúnas fálaithe
  • Cead scannánaíochta
  • Ceadúnas mórchláir fógraíochta
  • Ceadúnas fearas soghluaiste
  • Ceadúnas imeachtaí faoin aer
  • Ceadúnas um fhógraí dhá chlár
  • Ceadúnas scafaill
  • Ceadúnas socrúcháin scipe bruscair
  • Ceadúnas troscán sráide
  • Cead taibheoirí sráide
  • Ceadúnas bonneagair teileachumarsáide

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nó ar chead, déan teagmháil le rannóg pleanála d’údaráis áitiúil.