Skip to main content
Menu

Déileálann údaráis áitiúla le láithreáin thréigthe chun limistéir a dhéanamh níos sábháilte, chun a gcuma a fheabhsú, nó chun cabhrú le tithíocht a chruthú. 

Sa chuid seo

Láithreáin thréigthe

Is éard is láithreán tréigthe ann ná talamh a bhfuil bail chomh dona sin air go dtógann sé ó charachtar, ó dhreach agus ó thaitneamhachtaí an cheantair ina bhfuil sé suite. D'fhéadfadh na nithe seo leanas a bheith i measc na láithreán tréigthe:

  • Struchtúir chontúirteacha nó fhothracha lena n-áirítear foirgnimh
  • Talamh a ndearnadh faillí ann nó struchtúir a bhfuil drochbhail orthu
  • Láithreáin inar bailíodh bruscar, smionagar nó dramhaíl

D’fhéadfadh láithreáin thréigthe a bheith ina gcontúirt don phobal agus is baolach go gcuirfidís cuma ghránna ar cheantar. Má thugtar aghaidh ar láithreáin thréigthe féadann sé cuidiú le ceantair a dhéanamh níos sábháilte, feabhas a chur ar chuma an bhaile, an tsráidbhaile nó na cathrach, agus féadann sé cabhrú le tithíocht a chruthú i gceantair ina bhfuil gá leis.

Tá údaráis áitiúla freagrach as déileáil le láithreáin thréigthe faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990. Ligeann an tAcht seo d’údaráis áitiúla glantachán na láithreán seo a chur i bhfeidhm.

Is féidir le hÚdaráis Áitiúla na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Fógraí a sheirbheáil ar úinéirí chun láithreáin thréigthe a ghlanadh
  • An dlí a chur ar úinéirí nach gcloíonn leis na fógraí a sheirbheáiltear
  • Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a Dhéanamh
  • Oibreacha a dhéanamh chun an láithreán tréigthe a ghlanadh agus táille a ghearradh ar úinéir na talún as costas na n-oibreacha

Clár Láithreán Tréigthe

Ní mór do gach údaráis áitiúla Clár Láithreán Tréigthe poiblí a choinneáil. Is féidir le baill den phobal an clár seo a fheiceáil. Tá na nithe seo a leanas ar fáil sa Chlár:

  • Suíomh an láithreáin thréigthe
  • Ainm agus seoladh an úinéara
  • Sonraí faoi aon ghníomhaíocht a rinne an t-údarás áitiúil
  • Luach margaidh reatha an láithreáin

Is féidir le láithreáin atá faoi úinéireacht an údaráis áitiúil a bheith ar Chlár na Láithreán Tréigthe, agus ní mór sonraí a chur san áireamh maidir leis an úsáid atá á baint ag an údarás áitiúil as an láithreán agus cad atá beartaithe acu a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist.

Cad a tharlaíonn nuair a chuirtear láithreán ar Chlár na Láithreán Tréigthe?

Má chuirtear talamh faoi d’úinéireacht ar Chlár na Láithreán Tréigthe, gheobhaidh tú sraith fógraí reachtúla. Orthu sin tá:

  • Fógra á chuireann in iúl duit go bhfuil do réadmhaoin curtha le Clár na Láithreán Tréigthe
  • Fógra a insíonn duit cad iad na céimeanna atá an t-údarás áitiúil ag iarraidh ort a ghlacadh chun do láithreán a ghlanadh

D’fhéadfadh go gcinnfeadh an t-údarás áitiúil freisin seilbh a ghlacadh ar an talamh trí Ordú Ceannaigh Éigeantaigh. Is féidir leat cur i gcoinne Ordú Ceannaigh Éigeantaigh.

Freagra a thabhairt ar fhógra reachtúil

Tá sé de cheart agat freagra a thabhairt ar fhógra reachtúil Mura n-aontaíonn tú le luacháil do thalún mar atá sé liostaithe ar Chlár na Láithreán Tréigthe, is féidir leat achomharc a dhéanamh air seo leis an mBinse Luachála.

Tobhach láithreán tréigthe

Ní mór d’úinéirí talún uirbí a chuirtear ar chlár na láithreán tréigthe tobhach bliantúil a íoc leis an údarás áitiúil. Is ionann an tobhach seo agus 7% de luach margaidh na talún.

Mura n-íocann úinéir na talún an tobhach nó mura gcloíonn sé/sí le fógra reachtúil tríd an obair a éilíonn an t-údarás áitiúil a dhéanamh, is féidir fíneáil a ghearradh orthu nó príosúnacht a chur orthu. Braitheann an méid ar féidir fíneáil a ghearradh ort ar an gcineál ciontaithe atá i gceist .

Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh

Is éard is Ordú Ceannaigh Éigeantaigh ann nuair a cheannaíonn comhlacht reachtúil, lena n-áirítear údarás áitiúil, teach nó tailte go héigeantach gan toiliú an úinéara.

Is féidir le húdaráis áitiúla Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí a bhaineann le láithreáin thréigthe agus struchtúir chontúirteacha nó áiteanna ina gceantar, nó más gá an talamh nó an foirgneamh chun píosa forbraíochta atá tábhachtach go straitéiseach a sholáthar. Beidh sé d’aidhm ag an údarás áitiúil i dtosach teacht ar chomhaontú leis an úinéir nó leis an áititheoir chun an talamh a cheannach. Mura féidir teacht ar an gcomhaontú seo, is féidir leis an údarás áitiúil Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a dhéanamh.

Nuair a dhéanann sé Ordú Ceannaigh Éigeantaigh, ní mór don údarás áitiúil na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Sonraí an cheannaigh éigeantaigh atá beartaithe a fhógairt sa nuachtán áitiúil
  • Fógra a chur chuig úinéir nó áititheoir na talún
  • Eolas a chur ar fáil don úinéir nó don áititheoir maidir le conas agóid a dhéanamh
  • I gcás áiteanna contúirteacha, ní mór fógra a chur ar an talamh nó in aice leis, ina gcuirtear síos ar rún an údaráis áitiúil chun Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a dhéanamh.

Cad ba ceart a dhéanamh má sheol údarás áitiúil fógra maidir le Ordú Ceannaigh Éigeantaigh beartaithe do do thalamh

Más úinéir nó áititheoir tailte tú a bhfuil sé beartaithe ag an t-údarás áitiúil é a cheannach go héigeantach, féadfaidh tú agóid a dhéanamh. Ní mór don údarás áitiúil tú a chur ar an eolas faoin gcaoi agus faoin áit ar cheart an agóid sin a dhéanamh.

A luaithe agus a dhéantar agóid, ní féidir leis an údarás áitiúil an talamh a cheannach gan cead a fháil ón mBord Pleanála. Má cheadaíonn an Bord Pleanála an Ordú Ceannaigh Éigeantaigh, agus mura bhfuil aon agóidí eile, is féidir leis an údarás áitiúil dul ar aghaidh leis an gceannach.

Áiteanna agus struchtúir chontúirteacha

Tá freagracht ar údaráis áitiúla a chinntiú nach bhfuil an pobal i gcontúirt ó áiteanna agus struchtúir chontúirteacha. I measc áiteanna agus struchtúir chontúirteacha tá cairéil, tochailtí, claiseanna, toibreacha, taiscumair, dumpaí, agus foirgnimh nó ballaí contúirteacha.

Má bhreithníonn údarás áitiúil go bhfuil do thalamh nó do réadmhaoin contúirteach, féadfaidh siad fógra reachtúil a sheirbheáil ort. Is féidir leis an bhfógra reachtúil cur in iúl duit cad iad na céimeanna is gá duit a ghlacadh chun do láithreán a dhéanamh sábháilte. Féadfaidh sé cur in iúl duit freisin nach mór duit stop a chur leis an láithreán a úsáid láithreach.

Mura gcomhlíonann úinéir an láithreáin fógraí ar láithreáin chontúirteacha, nó má chuireann sé/sí cosc ​​ar an údarás áitiúil nó ar aon duine eile rochtain a fháil ar an láithreán chun oibreacha a dhéanamh, is féidir fíneáil suas le €2,500 a ghearradh orthu. Is féidir leis an údarás áitiúil costas aon oibreacha a rinneadh chun an láithreán a dhéanamh sábháilte a aisghabháil ón úinéir freisin.