Skip to main content
Menu

Tá údaráis áitiúla freagrach as pleanáil do thodhchaí ár gcontaetha, ár gcathracha agus ár gceantar, lena n-áirítear an cineál forbartha a tharlóidh. Tugtar pleanáil chun cinn agus straitéiseach air seo.

Oibríonn an rannóg pleanála ar Phleananna Forbartha, Pleananna Ceantar Áitiúil, Criosanna Forbartha Straitéisí agus polasaithe pleanála straitéiseacha eile chun pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe an chontae nó na cathrach a chinntiú.

Baineann pleanáil chun cinn freisin le forbairt maidir le pobail agus fiontair inbhuanaithe a chur chun cinn agus a éascú, agus oidhreacht nádúrtha agus tógtha agus foinsí taitneamhachta an chontae a chosaint.

Sa chuid seo

Pleananna forbartha cathrach agus contae

Is doiciméid reachtúla iad pleananna forbartha a leagann amach creat straitéiseach do phleanáil agus d’fhorbairt inbhuanaithe i gceantar údaráis áitiúil.

Bíonn tionchar ag an bplean forbartha ar gach rud ó úsáid talún go fostaíocht agus forbairt eacnamaíoch, go páirceanna agus clóis súgartha, cúrsaí iompair, cúrsaí turasóireachta, acmhainní nádúrtha, forbairt pobail, cúrsaí teileachumarsáide, cúrsaí cultúir, cúrsaí timpeallachta, agus straitéis miondíola.

Leagann an plean forbartha amach na beartais phleanála fhoriomlána d’fhorbairt an cheantair do na sé bliana dár gcionn. Leagann sé beartais an údaráis amach maidir le húsáid talún agus rialú forbartha sa cheantar, agus leagann sé cuspóirí amach maidir leis an úsáid a bhaintear as limistéir ar leith, mar shampla le haghaidh úsáid chónaithe, tráchtála, tionsclaíochta, talmhaíochta. Tugtar criosú air seo ar uairibh.

Déantar iarratais phleanála a thomhas in aghaidh an phlean forbartha, agus is iondúil nach dtugtar cead ach amháin nuair a bhíonn an t-iarratas de réir an phlean, mar shampla nuair a bhíonn an fhorbairt ag teacht leis an gcriosú don cheantar.

Ní mór don phlean a bheith ag teacht le straitéisí forbartha náisiúnta agus réigiúnacha níos fadtéarmaí amhail an Creat Pleanála Náisiúnta agus na Straitéisí Réigiúnacha Spásúlachta agus Eacnamaíochta.

Is feidhm do chomhaltaí tofa na comhairle é an plean a chur le chéile, a athbhreithniú agus a athrú, ach beidh comhairliúchán poiblí suntasach i gceist leis.

De bharr go bhfuil impleachtaí fadtéarmacha ag baint leis an bplean forbartha do phleanáil agus d’fhorbairt i do chontae nó i do chathair, tá comhairliúchán poiblí ina ghné fhíorthábhachtach de phróiseas an phlean forbartha.

Tá trí phríomhchéim ann maidir le hullmhú an phlean forbartha, agus téitear i gcomhairle leis an bpobal le linn na dtrí chéim:

  • An chéad chéim: Le linn na chéad chéime, déantar athbhreithniú ar an bplean forbartha reatha, déantar suirbhé agus anailís mhionsonraithe ar an gceantar, agus tagann na comhaltaí tofa ar aontú ar shraith tosaíochtaí agus saincheisteanna straitéiseacha. Cuirtear iad seo le chéile i bplean a dtéitear i mbun comhairliúcháin poiblí ina leith. Tugann an comhairliúchán poiblí eolas d’ullmhú dréachtphlean forbartha, a gcuirtear faoi bhráid na gcomhaltaí tofa lena cheadú.
  • An dara céim: A luaithe agus a cheadaíonn na comhaltaí tofa an dréachtphlean, cuirtear ar taispeáint go poiblí é agus tá sé oscailte d’aighneachtaí poiblí ar feadh tréimhse 10 seachtaine ar a laghad. Is féidir le duine ar bith a t(h)uairim a nochtadh ar an dréacht, agus féadtar roinnt imeachtaí a thionól le linn na tréimhse comhairliúcháin seo chun freastal ar bhaill an phobail. Cuireann comhaltaí tofa tuairimí an phobail san áireamh agus féadann siad an dréachtphlean a leasú.
  • An tríú céim: Má dhéantar athrú suntasach nó ábhartha ar an bplean i gcomparáid leis an dréachtphlean, beidh na leasuithe a cheadaigh na comhairleoirí ar taispeáint tuilleadh ar feadh 4 seachtaine ar a laghad, agus le linn an ama sin is féidir leis an bpobal a dtuairimí a nochtadh ar na hathruithe seo. I ndiaidh aon tuairimí nua a bhreithniú, glacann na comhaltaí tofa go foirmiúil leis an bplean agus tá sé mar an plean oifigiúil forbartha don cheantar.

Tá pleananna forbartha laistigh d’ordlathas pleananna náisiúnta agus réigiúnacha agus ní mór go mbeadh a gcroí-chuspóirí ag teacht leis na cuspóirí atá leagtha amach i straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha.

Is éard atá san ordlathas náisiúnta pleananna spásúlachta ina bhfuil an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) a bhfuil na tosaíochtaí infheistíochta atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP) mar bhonn faoi. Leagann an Straitéis Réigiúnach Spásúlachta agus Eacnamaíochta (RSES) amach ansin an creat réigiúnach chun an Creat Pleanála Náisiúnta a chur i bhfeidhm agus a sheachadadh.

Pleananna Ceantair Áitiúil

Déantar Pleananna Ceantair Áitiúil do cheantair ar leith laistigh de chontae nó de chathair, go háirithe ceantair a bhfuil athnuachan de dhíth orthu nó a bhfuiltear ag súil le forbairt ar scála mór ann. Déanann an Plean Ceantair Áitiúil saincheisteanna ábhartha a shainaithint agus déanann sé anailís orthu sula mbunaítear agus leagtar amach prionsabail d’fhorbairt an cheantair amach anseo.

Déanfaidh an plean forbartha cathrach nó contae agus na beartais náisiúnta agus réigiúnacha don phleanáil, chomh maith le cuspóirí an phlean forbartha eolas don Phlean Ceantair Áitiúil.

Pleanáil le haghaidh forbairtí de chuid údarás áitiúil

Má bheartaíonn an t-údarás áitiúil tabhairt faoi fhorbairt, ní mór dóibh cead a fháil trí phróiseas atá leagtha amach i gCuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2015.

Tugann an próiseas ‘Cuid 8’ freagracht do chomhaltaí tofa na comhairle cead a thabhairt, tar éis comhairliúchán poiblí.

Ní mór don údarás áitiúil fógra faoin bhforbairt bheartaithe a sholáthar don phobal, agus is féidir leis an bpobal aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach a chuimseofar mar chuid de thuarascáil a chuirfear faoi bhráid chomhaltaí na comhairle le breithniú agus cinneadh á dhéanamh acu ar chead a thabhairt don fhorbairt dul ar aghaidh.

Leagtar amach sa tuarascáil ar cheart dul ar aghaidh le forbairt bunaithe ar an togra bunaidh, nó ar cheart togra leasaithe a leanúint ina ionad sin bunaithe ar aiseolas ón bpróiseas comhairliúcháin.

Tar éis breithniú a dhéanamh, cinneann na comhaltaí tofa ar cheart dul ar aghaidh mar a mholtar, nó an fhorbairt a leasú nó gan dul ar aghaidh.

Criosanna Forbartha Straitéisí (CFSanna)

Má bhreithníonn an rialtas go bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint le forbairt i gceantar ar leith, féadfaidh siad an ceantar sin a ainmniú mar chrios forbartha straitéisí (CFS). Ciallaíonn sé gur féidir le forbairtí ar scála mór sa chrios cead pleanála a fháil níos tapúla má chomhlíonann siad critéir áirithe.