Skip to main content
Menu

Reáchtáiltear Comórtas na mBailte Slachtmhara gach bliain chun aitheantas a thabhairt do na cathracha, bailte agus sráidbhailte is slachtmhaire agus is tarraingtí in Éirinn. Tagann grúpaí pobail agus deonacha le chéile agus déanann siad oibreacha feabhsúcháin chun cuma níos deise a chur ar a gcomharsanacht le súil is go mbuafaidh siad duais. Tugtar tacaíocht dá gcuid iarrachtaí faoin scéim seo trí mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh cuid de na hoibreacha feabhsúcháin.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Pobal

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá cumainn áitritheoirí agus grúpaí pobail i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim seo sa chás go gcuireann siad a mbaile, a sráidbhaile nó a gcomharsanacht isteach ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara. Is gnách go mbíonn ar an ngrúpa fianaise a sholáthar gurb ann don ghrúpa cheana féin agus iarratas á dhéanamh aige ar an deontas, mar shampla trí mhiontuairiscí a CGB a chur ar fáil.

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

D’fhéadfadh méid an mhaoinithe athrú ó bhliain go bliain, agus braitheann sé seo ar líon na ngrúpaí i limistéar an údaráis áitiúil a léiríonn spéis sa scéim.

 Cad is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Tá roinnt catagóirí éagsúla i gComórtas na mBailte Slachtmhara, agus cabhraíonn an deontas le coistí a mbaile nó a sráidbhaile a chur isteach i gceann amháin de na catagóirí sin ar a laghad. Is féidir an deontas a chaitheamh ar thionscadail amhail bearradh fáil agus féir, plandaí a chur, péinteáil. Is buntáiste é má chuireann na tionscadail leis an mbithéagsúlacht agus le hinbhuanaitheacht timpeallachta. Níl tionscadail incháilithe faoin scéim seo sa chás go mbaineann aon obair thógála leo.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Téigh chuig an rannán pobail ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil chun d’iarratas a chur isteach. Fógraítear eolas faoin scéim ar bhonn bliantúil, agus ní mór duit d’iarratas a chur isteach faoi dháta deiridh sonraithe.