Skip to main content
Menu

Cabhraíonn Ciste RD&I le cuideachtaí táirgí, seirbhísí nó próisis nua nó fheabhsaithe a fhorbairt a mbeidh buntáiste iomaíoch acu ina spriocmhargadh.

Tá tacaíocht ón gciste ar fáil do ghnólachtaí beaga tríd an Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ).

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Is féidir le cliaint OFÁ atá ag trádáil go hidirnáisiúnta i ndéantúsaíocht nó i dtionscal seirbhísí incháilithe iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón gciste seo. Ní mór d'iarratasóirí acmhainní airgid leordhóthanacha a bheith acu chun an tionscadal beartaithe a chur i bhfeidhm.

Cad é an úsáid is féidir a bhaint as?

Ní mór don chiste roinnt dúshláin theicniúla a réiteach, a bheith neamhghnáthúil, agus dlús a chur leis an gcuideachta ó thaobh leibhéal cumais RD&I de.

Costais Incháilithe

  • Tuarastail
  • Comhairleacht theicniúil
  • Taighde conarthach
  • Trialacha cliniciúla
  • Costais chomhairleacha paitinne
  • Costais trealaimh
  • Forchostais
  • Ábhair

Cé mhéad atá ar fáil?

Braitheann rátaí deontais ar mhéid agus ar chomhoibriú na cuideachta. Cumhdaíonn deontais d'fhiontair bheaga suas le 45% den fhorbairt thurgnamhach, nó suas le 60% den fhorbairt thurgnamhach agus comhoibriú (faoi réir comhoibriú éifeachtach idir gnóthais, d'fhiontair mhóra, trasteorann nó le FBM amháin ar a laghad).

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Ar dtús labhair le Comhairleoir Gnó OFÁ chun tuilleadh plé a dhéanamh. Nuair atá tú réidh le hiarratas a dhéanamh, is féidir leat an córas iarratais ar líne a úsáid. Ní mór do thairbhithe iarratas a chur faoi bhráid Fhiontraíocht Éireann ar thacaíocht sula gcuirfear tús le haon obair ar an tionscadal.

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.