Skip to main content
Menu

Cabhraíonn an Ciste Forbartha Uisce Pobail (CWDF) le grúpaí pobail agus le grúpaí deonacha tionscadail a chur i bhfeidhm a fheabhsaíonn cáilíocht uisce áitiúil nó a ardaíonn feasacht an phobail ar an tábhacht a bhaineann le dea-cháilíocht uisce.

Is é Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO) a riarann an Ciste thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Seirbhísí Uisce
Comhshaol

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir leis na grúpaí seo a leanas tionscadail le haghaidh maoinithe a mholadh:

  • Grúpaí pobail agus grúpaí deonacha neamhbhrabúis
  • Eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil
  • Líonraí tuaithe agus uirbeacha
  • Clubanna, cumainn nó comhlachtaí cuí eile

Tá an ciste oscailte le haghaidh iarrthóirí i bPoblacht na hÉireann amháin. Ní féidir le daoine aonair iarratas a dhéanamh.

Cad é dó ar féidir an maoiniú a úsáid?

Díríonn tionscadail a mhaoinítear leis an scéim seo ar cháilíocht uisce áitiúil a fheabhsú nó feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le dea-cháilíocht uisce.

Tugadh tacaíocht do thionscadail ábhartha éagsúla ó cuireadh tús leis an gciste, lena n-áirítear obair feabhsaithe na n-abhann agus na ngnáthóg, pleananna gníomhaíochta bithéagsúlachta, agus ceardlanna eolaíocht saoránach.

Tá smaointe le haghaidh tionscadal agus cás-staidéir ar fáil ar shuíomh gréasáin LAWPRO ag https://lawaters.ie/

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

D'fhéadfadh an méid a bheith éagsúil ó bhliain go bliain. In 2024, cuireadh deontais idir €1,000 agus €25,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail, ag brath ar scála an tionscadail.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Riarann Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO) an ciste. Gach bliain déantar glaoch amach le haghaidh iarratas agus cuirtear na sonraí ar a suíomh gréasáin: https://lawaters.ie/

Luaitear sa ghlaoch amach le haghaidh iarratas sonraí faoi leibhéal an mhaoinithe, na cineálacha tionscadal a mhaoineofar, agus an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

 Má tá sé i gceist ag do ghrúpa nó d'eagraíocht iarratas a dhéanamh nuair a dhéantar an glaoch amach bliantúil, is é an chéad chéim teagmháil a dhéanamh le d'Oifigeach Uisce Pobail (CWO). Ní mór teagmháil a dhéanamh le do CWO sula ndéanfaidh tú d'iarratas. Beidh a sonraí teagmhála le feiceáil ar an bhfoirm iarratais.

 Ba chóir duit d'iarratas comhlánaithe a chur isteach ar líne roimh an dáta deiridh ar https://lawaters.ie/