Skip to main content
Menu

Is tacaíocht é an Ciste Nuálaíocht Shofhreagrúil a chuirtear ar fáil do ghnólachtaí beaga agus do mhicrifhiontair lena chur ar a gcumas taighde a dhéanamh nó próisis nua ghnó a fhorbairt lena ngnó a leathnú. Tá sé ar fáil do chliaint na nOifigí Fiontair Áitiúla, agus tugann sé rochtain thapa ar mhaoiniú nuálaíochta.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá an deontas seo oscailte do chliaint na nOifigí Fiontair Áitiúla.  Tacaítear le cuideachtaí nach bhfuil eolas acu ar Thaighde agus Forbairt (T&F), atá ag feidhmiú i saolréanna gearra táirgí nó atá ag tabhairt faoi thionscadail bheaga. Tá sé oiriúnach freisin do chuideachtaí in earnálacha a bhfuil saolréanna gasta dearaidh acu lena seasamh teicneolaíochta a choinneáil.

Cad é is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Is é aidhm an chiste cabhrú le cuideachtaí freagairt níos tapa do dheiseanna agus do dhúshláin mhargaidh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an mBreatimeacht. Tacaítear le táirgí, seirbhísí nó próisis nua nó feabhsaithe a fhorbairt, áit a bhfuil costas iomlán an tionscadail níos lú ná €300,000. Clúdaíonn na tionscadail sin idir réiteach dúshláin theicniúla (T&F) agus nuálaíochtaí i seachadadh seirbhísí nó samhlacha gnó (Nuálaíocht Próisis Dhigití).

Cé mhéad atá ar fáil?

Tá rátaí deontais idir 25% agus 45% de chostas an tionscadail ar fáil, ag brath ar mhéid na cuideachta.

Conas iarratas a dhéanamh?

Is féidir le cuideachtaí iarratas a dhéanamh ag am ar bith trí fhoirm iarratais chuíchóirithe ar líne. Is gné é ceadú mear freisin. Chun tuilleadh eolais a fháil, labhair le d'Oifig Fiontair Áitiúil nó tabhair cuairt ar: LocalEnterprise.ie

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údarás áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.