Skip to main content
Menu

Tá an deontas seo ar fáil d’úinéirí réadmhaoine a bhfuil sé ar intinn acu maoin fholamh a athchóiriú chun teach buan a dhéanamh di nó chun í a chur amach ar cíos do thionóntaithe.

Ar fáil do
Úinéirí Tí
Daoine Aonair
Ag baint le
Tithíocht

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Is féidir iarratas a dhéanamh má tá an réadmhaoin cheana féin faoi d’úinéireacht nó má tá tú á ceannach.

Má tá tú ag ceannach na réadmhaoine, beidh gá duit fianaise a chur ar fáil go bhfuil tú i mbun idirbheartaíocht ghníomhach chun an ceannach a dhéanamh. Mar shampla, dearbhú ón ngníomhaire eastáit nó ón úinéir reatha. Ní íocfar an deontas go dtí go dtéann an ceannach tríd.

Cén cineál réadmhaoine atá incháilithe don deontas?

Ní mór go mbeidh réadmhaoine incháilithe tógtha suas go dtí 2007 agus an bhliain sin san áireamh.

Ní mó don réadmhaoin a bheith folamh ar feadh dhá bhliain ar a laghad nuair a dhéanann tú d’iarratas. Ní féidir réadmhaoin a fhágáil folamh d’aon ghnó ar mhaithe le cáiliú don deontas.

Féadfaidh réadmhaoin nach raibh in úsáid ar bhonn cónaithe roimhe seo a bheith incháilithe don deontas, fad atá an cead pleanála cuí anois i bhfeidhm.

Beidh ort a dheimhniú i d’iarratas cibé an bhfuil sé ar intinn agat an réadmhaoin a ghlacadh mar d’áit bhuanchónaithe nó an bhfuil sé ar intinn agat í a chur amach ar cíos. Má tá sé ar intinn agat an tionóntacht a chur amach ar cíos, beidh ort an tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) sula n-íoctar an deontas.

Cé mhéad atá ar fáil?

Is féidir suas le €50,000 a bhronnadh faoin scéim.

Más réadmhaoin thréigthe í an réadmhaoin, d’fhéadfadh deontas breisithe breise de €20,000 a bheith ar fáil, rud a fhágfaidh gur suas le €70,000 an t-uasmhéid deontais a bhronnfar i gcás réadmhaoin thréigthe. Chun cáiliú don bhreisiú, beidh fianaise uait a léiríonn go bhfuil an réadmhaoin neamhfhónta agus contúirteach ó thaobh struchtúr de, nó go bhfuil an réadmhaoin ar Chlár na Láithreán Tréigthe de chuid an údaráis áitiúil.

Ní mór duit a bheith i do chónaí sa réadmhaoin nó a bheith á cur amach ar cíos ar feadh 5 bliana ar a laghad i ndiaidh don deontas a bheith íoctha. Tá dálaí aisghlámtha i bhfeidhm. Ciallaíonn sé sin má dhíolann tú an réadmhaoin, má bhogann tú aisti, nó mura bhfuil sé ar fáil a thuilleadh ar cíos laistigh de 10 mbliana, beidh ort cuid den deontas nó an deontas ina iomláine a íoc ar ais leis an údarás áitiúil.

Cad is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Is féidir an deontas a úsáid chun athchóiriú a dhéanamh ar an réadmhaoin agus í a dhéanamh oiriúnach lena húsáid mar theach baile. Ní mór do na hoibreacha beartaithe uile a bheith faofa ag an údarás áitiúil roimh ré.

Conas a dhéantar measúnú ar iarratais?

Nuair a dhéanann d’údarás áitiúil athbhreithniú ar d’iarratas agus nuair a dhéanann siad cinnte go gcomhlíonann d’iarratas coinníollacha na scéime, eagróidh siad go dtiocfaidh an fhoireann theicniúil ar cuairt agus go ndéanfaidh an fhoireann sin costais an tionscadail a mheas Má bhíonn d’iarratas rathúil, cuirfidh siad tú ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Chun iarratas a dhéanamh ar an deontas, ní mór duit d’fhoirm iarratais agus doiciméid tacaíochta a chur isteach chuig d’údarás áitiúil.

Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo: https://www.gov.ie/ga/seirbhis/deontas-athchoirithe-do-readmhaoin-fholamh/?#doicimeid