Skip to main content
Menu

Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do chuideachtaí chun feabhas a chur ar chuma aghaidh siopaí agus maoin tráchtála ar shráideanna poiblí.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cabhróidh an deontas seo le cuideachtaí feabhas a chur ar aghaidh an tsiopa agus cur le mealltacht an cheantair, ionas gur áit níos tarraingtí é chun cónaí, siopadóireacht agus obair ann.

Cad é is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Is féidir an deontas a úsáid chun cuma sheachtrach na siopaí a fheabhsú trí aghaidh an tsiopa a phéinteáil, nó trí chomharthaí siopa a dheisiú nó a athrú.

Cé mhéad airgid a íoctar mar dheontas?

D'fhéadfadh méid an deontais a bheith éagsúil de réir bliana agus de réir údarás áitiúil, ach is iondúil go gclúdaíonn sé 50% de chostas iomlán na hoibre feabhsúcháin suas go dtí uasmhéid ar leith. Mar sin, más é €1200 costas iomlán na n-oibreacha, íocann an deontas €600 agus íocann úinéir an ghnó €600.

Conas iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh ar an deontas seo, déan teagmháil leis an rannóg forbartha geilleagraí nó tacaíochta gnó san údarás áitiúil. Tabharfaidh siad na sonraí agus na treoracha iomlána duit maidir le conas iarratas a dhéanamh. Tabhair faoi deara nach mór an deontas a cheadú sula dtosófar ar na hoibreacha feabhsúcháin.