Skip to main content
Menu

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le Fáilte Éireann, tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí gnó agus pobail chun tacú le himeachtaí agus féilte i dturasóireacht bunaithe ar chultúr, bia, spórt agus gníomhaíochtaí chun cuairteoirí a mhealladh.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Turasóireacht

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir le grúpaí pobail atá ag eagrú féilte i limistéar an údaráis áitiúil iarratas a chur isteach ar mhaoiniú faoin scéim deontais seo. D’fhéadfadh grúpaí pobail agus deonacha a bhfuil comhpháirtíocht acu le gnólachtaí áitiúla a bheith in ann iarratas a dhéanamh freisin.

Cén chaoi a ndéantar measúnú ar iarratais?

D’fhéadfadh na critéir mheasúnaithe athrú de réir an údaráis áitiúil, ach is féidir le hiarratasóirí bheith ag súil go ndéanfar a n-iarratas a mheas bunaithe go príomha ar an méid a chuireann sé le turasóireacht agus leis an ngeilleagar áitiúil. Cuirtear an méid a chuireann sé leis an saol pobail agus cultúrtha san áireamh freisin.

Cad dó ar féidir an maoiniú a úsáid?

Nuair a fhógraíonn an t-údarás áitiúil gairm ar thograí faoin scéim, cuireann sé treoirlínte soiléire ar fáil maidir leis na nithe ar féidir an deontas a úsáid ina leith. Déanann gach údarás áitiúil an scéim a riar leis féin, agus d’fhéadfadh na coinníollacha a bhaineann leis an deontas athrú. Déan seiceáil le d’údarás áitiúil chun níos mó faisnéise a fháil.

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

Beidh méid an deontais a bheidh ar fáil ag brath ar an spéis a léirítear i limistéar an údaráis áitiúil, agus d’fhéadfadh sé athrú ó bhliain go bliain.

De ghnáth cuirtear maoiniú meaitseála ar fáil tríd an deontas. Ciallaíonn sé sin go gcumhdaítear cuid de na costais leis an deontas, agus go gcumhdaíonn eagraithe na féile an chuid eile de na costais ó fhoinsí eile.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil féach an rannán gnó nó turasóireachta ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil.