Skip to main content
Menu

Más mian leat tobar nua a thochailt, tobar atá ann cheana a uasghrádú, nó córas cóireála a shuiteáil, is féidir iarratas a dhéanamh ar dheontas toibreacha chuig an údarás áitiúil. Cabhraíonn an Scéim Deontais Toibreacha le líonta tí atá ag brath ar sholáthar uisce príobháideach a chinntiú go bhfuil a gcuid uisce glan agus go bhfuil go leor ann chun freastal ar riachtanais an lín tí.

Ar fáil do
Úinéirí Tí
Ag baint le
Seirbhísí Uisce

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an deontas seo faoi na coinníollacha seo:

  • Ní chomhlíonann an soláthar uisce i do theach na caighdeáin cháilíochta riachtanacha, nó níl an méid uisce a sholáthraítear maith go leor chun freastal ar riachtanais an lín tí.
  • Is é an teach ina bhfuil an obair le déanamh an áit a bhfuil cónaí ort.
  • Ní féidir do theach a cheangal le hUisce Éireann ná le grúpscéim uisce.
  • Tógadh do theach ar a laghad 7 mbliana ó shin, agus níor íocadh deontas chun an soláthar uisce a chur ar fáil nó a fheabhsú le 7 mbliana anuas.

Ní thugtar deontas le haghaidh tithe saoire faoin scéim seo.

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

Clúdóidh an deontas toibreacha:

  • 85% de na costais cheadaithe le haghaidh oibreacha athshlánaithe suas le huasmhéid €3,000
  • 85% de na costais cheadaithe chun tobar nua a chur ar fáil suas le huasmhéid €5,000
  • 100% den mhaoiniú le haghaidh cóireála ar cháilíocht uisce suas le huasmhéid €1,000

Is é €750 íostairseach an deontais.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Chun iarratas a dhéanamh ar dheontas toibreacha nó chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an rannóg uisce tuaithe de chuid an údaráis áitiúil.