Skip to main content
Menu

Sa chás go dtagann dhá líon tí nó níos mó le chéile chun a gcóras uisce féin a bhunú agus a bhainistiú, tugtar grúpscéim uisce air sin. Tá deontais ar fáil chun cabhrú le grúpscéimeanna uisce a bhunú i gceantair nach bhfuil rochtain acu ar scéim phoiblí.

Ar fáil do
Úinéirí Tí
Ag baint le
Seirbhísí Uisce

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

Riarann gach údarás áitiúil an scéim deontais as féin, agus d'fhéadfadh éagsúlacht a bheith i méid iomlán an deontais atá ar fáil. Is iondúil go gclúdaíonn an deontas 85% de chostais na scéime, suas le huasmhéid seasta le haghaidh gach tí. Ní mór do na hiarrthóirí an 15% eile de na costais a chlúdach.

Cén chaoi a ndéantar measúnú ar iarratais?

Déanfaidh an t-údarás áitiúil athbhreithniú ar an iarratas lena chinntiú gur féidir leis dóthain uisce a sholáthar ar bhealach ar féidir brath air le haghaidh na dtithe go léir sa scéim, go bhfuil an t-uisce a sholáthraíonn sé ag teacht leis na caighdeáin riachtanacha cháilíochta, agus nach mbeidh tionchar diúltach ag an scéim ar thithe ar scéimeanna atá ann cheana féin.

Cén uair a n-íocfar an deontas?

Féadfaidh an t-údarás áitiúil íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh de réir mar a fhorbraíonn cúrsaí. Déanfar an íocaíocht deontais deiridh nuair a bheidh an scéim curtha i gcrích agus ag feidhmiú.

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach?

Is é an chéad chéim tú féin agus do chomharsana coiste a bhunú ionas gur féidir libh pleananna don scéim a fhorbairt. Nuair a bheidh an coiste curtha ar bun, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an rannóg uisce tuaithe de chuid an údaráis áitiúil chun tús a chur leis an iarratas.