Skip to main content
Menu

Úsáidtear an scéim Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta chun riocht tí daoine scothaosta a fheabhsú trí oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin. Tá sé dírithe ar dhaoine d’aois 66+ a bhfuil cónaí orthu i ndrochdhálaí tithíochta.

Ar fáil do
Úinéirí Tí
Ag baint le
Tithíocht

Cén tithe atá incháilithe?

Tá an deontas seo ann le haghaidh tithe faoi úinéireacht phríobháideach, i gcás inar leis an duine aosta an teach, nó ina bhfuil ceart ag an duine sin cónaí ann.

Cad dó ar féidir an maoiniú a úsáid?

Áirítear ar na cineálacha oibreacha a fhaigheann cúnamh deontais faoin scéim deisiúcháin nó feabhsúcháin struchtúracha, mar shampla, athdhíonadh, athshreangú, tirimlíneáil, agus obair deisiúcháin nó feabhsúcháin eile a mheastar a bheith riachtanach.

Cé mhéad atá ar fáil?  

Tá an scéim deartha ionas gur féidir leis an deontas cion suntasach de costais na n-oibreacha, ach ní cumhdófar na costais uile leis.

Tá an deontas tástáilte ó thaobh acmhainne. Mar sin, braitheann cion na gcostas ar féidir a chumhdach ar d’ioncam bliantúil an teaghlaigh.

Má tá d’ioncam bliantúil teaghlaigh níos lú ná €8,000, d’fhéadfaí cúnamh deontais a thabhairt do 95% de chostas na n-oibreacha (suas go dtí uasmhéid an deontais de €30,000).

I gcás teaghlaigh le hioncam bliantúil de os cionn €50,001 go €60,000, laghdaítear an tsuim ar fáil ó 95% go 30% de chostas na n-oibreacha de réir a chéile.

Níl teaghlaigh le hioncam bliantúil de os cionn €60,000 incháilithe don deontas.

Conas iarratas a dhéanamh?

Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil ón rannóg maidir le deontais tithíochta ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil. Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil agus iarraidh orthu an fhoirm a sheoladh chugat. Nuair a líonann tú amach an fhoirm agus nuair a sheolann tú ar ais í, déanfaidh d’údarás áitiúil d’iarratas a mheas.