Skip to main content
Menu

Cabhraíonn an Deontas um Éifeachtúlacht Fuinnimh le cuideachtaí beaga infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí agus i dtrealamh tar éis Tuarascáil Green for Micro a chur isteach, Tuarascáil GreenStart nó iniúchadh fuinnimh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Is é aidhm na scéime tionchar na bhfiontar ar an gcomhshaol a laghdú, agus ar an gcaoi sin sofhreagrúlacht agus athléimneacht na ngcuideachtaí sin a mhéadú.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Is féidir le fiontair bheaga (a fhostaíonn idir 1 agus 50 duine) a rinne Green for Micro, GreenStart nó iniúchadh fuinnimh cláraithe ÚFIÉ le déanaí cur isteach ar an deontas seo má chomhlíonann siad na coinníollacha seo:

  • Fiontar atá ag trádáil le 6 mhí ar a laghad agus láimhdeachas bliantúil os cionn €30,000 acu.
  • Fiontar a bunaíodh, a cláraíodh agus atá ag feidhmiú laistigh de shuíomh na hOifige Fiontair Áitiúla.
  • Fiontar nach bhfuil ina chliaint de chuid Fhiontraíocht Éireann ná an IDA faoi láthair.

Ní thairgtear deontais do chuideachtaí a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a mheasann an Oifig Fiontair Áitiúil a bheith neamh-incháilithe agus dóibh siúd a bhfuil riosca do-ghlactha clú ag baint leo. Chun tuilleadh sonraí a fháil, téigh i dteagmháil leis an Oifig Fiontair Áitiúil.

Cé mhéad atá ar fáil?

Maoiníonn an deontas 50% de na costais incháilithe ó dheontas íosta €1,000 go huasmhéid €5,000.

Cad é is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Tá an deontas ann le héifeachtúlacht fuinnimh an ghnó a fheabhsú agus is féidir é a úsáid le haghaidh uasghrádú trealaimh, lena n-áirítear:

  • Méadair le haghaidh leictreachais, gáis, díosail, ola, uisce
  • Rialuithe cliste fuinnimh
  • Uasghrádú ar shoilsiú dé-óid astaithe solais (mar chuid de phacáiste de bhearta costais incháilithe amháin)
  • Uasghrádú ar chóras atá níos tíosaí ar fhuinneamh, mar shampla teaschaidéil
  • Aisghabháil teasa
  • Mionchóras gaoithe agus uisce, faoi réir measúnaithe féidearthachta
  • Athsholáthar seantrealamh neamhéifeachtúil amhail aonaid chuisniúcháin, coirí gaile leictreacha, trealamh innealtóireachta agus mar sin de
  • Uasghrádú ar chomhpháirteanna an chórais, mar shampla mearthiomáintí athraitheacha, caidéil, gaothráin, comhdhlúthadáin, córais eastarraingthe, doirse seomra fuar

Conas iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas ar dheontas féideartha a phlé, déan teagmháil le d'Oifig Fiontair Áitiúil agus iarr cruinniú. Faigh a gcuid sonraí teagmhála anseo.

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údaráis áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.