Skip to main content
Menu

Dearadh na Deontais um Staidéar Féidearthachta chun cabhrú le gnólachtaí beaga taighde a dhéanamh ar éileamh an mhargaidh maidir le táirgí nó le seirbhísí agus a gcuid inbhuanaitheachta a scrúdú. Áirítear leis sin cúnamh le nuálaíocht a fhéachann ar riachtanais shonracha chomhairleoireachta, saineolaithe a fhostú ó choláistí tríú leibhéal nó speisialtóirí príobháideacha, dearadh agus forbairt fréamhshamhlacha.

Ar fáil do
Gnólachtaí
Ag baint le
Gnó agus Geilleagar

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

D’fhéadfaí Deontais um Staidéar Féidearthachta Gnó agus Nuálaíochta a bhronnadh ar dhaoine aonair nó ar chuideachtaí a chomhlíonann na critéir seo:

  • Fiontar atá ag fiosrú féidearthacht ghnó déantúsaíochta nó earnála seirbhíse a thrádálann go hidirnáisiúnta.
  • Fiontar nach bhfuil níos mó ná deichniúr ag obair ann.
  • Fiontar a bunaíodh, a cláraíodh agus a bhíonn ag oibriú laistigh de shuíomh geografach na hOifige Fiontair Áitiúil.
  • Fiontar a reáchtáiltear ar bhonn tráchtála.
  • Fiontar a léiríonn go bhfuil margadh aige dá tháirge nó dá sheirbhís.

Cé mhéad atá ar fáil?

Athraíonn an deontas uasta iníoctha de réir suímh:

  • I réigiún an deiscirt agus an oirthir is é an deontas uasta 50% den infheistíocht nó €15,000, cibé acu is lú.
  • I réigiún na teorann, lár tíre agus an iarthair, is é an deontas uasta 60% den infheistíocht nó €15,000, cibé acu is lú.

Cad é is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Féadfar caiteachas a mheas faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Taighde Margaidh
  • Costais Sainchomhairleoireachta
  • Forbairt Theicniúil/ Fréamhshamhail/ Nuálaíocht
  • Tuarastal/ Taighde Féinsaothair
  • Costais Ilghnéitheacha

Conas iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas ar dheontas féideartha a phlé, déan teagmháil le d'Oifig Fiontair Áitiúil agus iarr cruinniú. Faigh a gcuid sonraí teagmhála anseo.

Foghlaim tuilleadh faoi d'Oifig Fiontair Áitiúil

Is í an Oifig Fiontair Áitiúil an t-ionad ilfhreastail má tá eolas nó tacaíocht de dhíth ort maidir le cuideachta a bhunú nó a fhorbairt in Éirinn. Tá Oifig Fiontair Áitiúil i ngach limistéar údarás áitiúil. Agus 31 foireann dírithe go hiomlán ar an gcineál sin oibre ar fud na n-údarás áitiúil in Éirinn, tá réimse leathan taithí, scileanna, agus seirbhísí faoi do réir ach iad a iarraidh ar an Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantar. Tá cuntas iomlán ar na tacaíochtaí atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil ar LocalEnterprise.ie.