Skip to main content
Menu

Cuirtear maoiniú ar fáil trí Scéimeanna Deontais Taitneamhachta do ghrúpaí áitiúla pobail chun cabhrú leo a dtimpeallacht a fheabhsú.

Spreagann siad rannpháirtíocht an phobail, agus tacaíonn siad le gníomhaíochtaí chun comharsanachtaí a fheabhsú ar mhaithe leo siúd a mhaireann agus a oibríonn iontu.

Ar fáil do
Grúpaí Pobail
Ag baint le
Pobal

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá grúpaí deonacha a tháinig le chéile chun a bpobal a fheabhsú i dteideal iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi Scéimeanna Deontais Taitneamhachta. Is iad seo a leanas samplaí de ghrúpaí den chineál sin.

    • Cumainn Áitritheoirí

    • Grúpaí Timpeallachta

    • Coistí na mBailte Slachtmhara

Cad is féidir a dhéanamh leis an deontas?

Is féidir an deontas a chaitheamh ar na gnáthghníomhaíochtaí a chuireann cuma níos taitneamhaí ar an timpeallacht. Tá glantachán, péinteáil, garraíodóireacht, agus cothabháil spásanna poiblí ina measc sin.

Is gnách nach mbaineann scéimeanna deontais taitneamhachta le tionscadail a bhfuil obair thógála i gceist leo.

Cé mhéad airgid atá ar fáil?

Braitheann méid an deontais a chuirtear ar fáil ar líon na ngrúpaí i limistéar an údaráis áitiúil a léiríonn spéis sa scéim, agus d’fhéadfadh an méid sin athrú ó bhliain go bliain. Cuir ceist ar d’údarás áitiúil sula gcuireann tú d’iarratas isteach.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Féach ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil chun foirm iarratais a fháil. Is ar bhonn bliantúil a fhógraítear scéimeanna deontais taitneamhachta, agus ní mór duit d’iarratas a chur isteach chuig an údarás áitiúil roimh an dáta deiridh. Tá treoracha ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin d’údaráis áitiúil. Ní mór duit na treoracha sin a leanúint chun go n-íocfar an deontas.