Skip to main content
Menu

Chun níos mó tithe a chur ar fáil do dhaoine chun cónaí iontu in Éirinn, tá bearta i bhfeidhm atá dírithe ar thithíocht fholamh agus/nó láithreáin fhoilmhe atá criosaithe um úsáid chónaithe, a chur ar fáil don tithíocht.

Sa chuid seo

Deontas um Athchóiriú Ionad Réadmhaoine Folamh

Más mian leat teach cónaithe a dhéanamh as ionad réadmhaoine folamh tá an Deontas um Athchóiriú Aonad Réadmhaoine Folamh ar fáil le dul i dtreo an chostais as é a athchóiriú ionas gur féidir leat cónaí ann nó é a ligean ar cíos.

Tá deontas suas le €50,000 ar fáil d’ionaid réadmhaoine fhoilmhe agus tá suas le €70,000 ar fáil d’ionaid réadmhaoine dearóile.

Chun cáiliú ní mór go mbeadh an t-ionad réadmhaoine folamh ar feadh dhá bhliana ar a laghad agus ní mór gur tógadh roimh 2008 é. Ní mór duit bheith in ann a chruthú go bhfuil tú i d’úinéir ar an ionad réadmhaoine agus go bhfuil tú i mbun é a cheannach. Nuair a bheidh na hathchóirithe déanta, ní mór duit cónaí i d’ionad réadmhaoine mar do phríomháit chónaithe phríobháideach nó é a chur ar fáil le ligean ar cíos. Má ligeann tú ar cíos é ní mór duit an tionóntacht a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe.

Chunníos mó a fhoghlaim faoin Deontas um Athchóiriú Ionad Réadmhaoine Folamh agus chun foirmeacha iarratais a íoslódáil, téigh chuig gov.ie/vacancy.

Deisiú agus ligean ar cíos

Má tá tú i d’úinéir ar ionad réadmhaoine atá folamh ar feadh aon bhliana amháin ar a laghad agus gur gá deisiúcháin chun go mbainfeadh sé amach an caighdeán le ligean ar cíos, d’fhéadfadh go mbeifeá incháilithe don Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe

Má tá an t-aonad réadmhaoine oiriúnach do thithíocht shóisialta, is féidir le húdaráis áitiúla íocaíocht a dhéanamh roimh ré as deisiúcháin i gcás ina aontaíonn an t-úinéir é a ligean ar cíos leis an údarás áitiúil ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 25 bliana. Déantar costas na ndeisiúchán a chúiteamh in aghaidh na híocaíochta comhaontaithe as ligean ar léas go dtí go n-aisíoctar costas na n-oibreacha.

Tá go leor tairbhí ag baint leis d’úinéirí réadmhaoine lena n-áirítear ioncam cíosa ráthaithe.

Chun níos mó a fhoghlaim faoin Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe, tabhair cuairt ar gov.ie/vacancy.

Scéim Cheannaigh agus Athnuaigh

Féadann údaráis áitiúla freisin aonaid réadmhaoine cónaithe foilmhe a cheannach ar gá iad a dheisiú faoin Scéim Ceannaigh agus Athnuachana agus na deisiúcháin a dhéanamh tar éis ceannaigh. Baineann an scéim sin le haonaid réadmhaoine atá folamh go fadtéarmach nó atá dearóil.

Chun níos mó a fhoghlaim faoin Scéim Ceannaigh agus Athnuachana, téigh chuig gov.ie/vacancy.

Tithe folmha a aithint

Céim thábhachtach i dtreo tithe a chur in úsáid arís é tithe foilmhe a aithint. Más eol duit nó má mheasann tú go bhfuil teach folamh, is féidir leat é sin a thuairisciú do d’údarás áitiúil tríd an tairseach VacantHomes.ie Fiosróidh an t-údarás áitiúil an bhfuil an t-ionad réadmhaoine folamh agus oibreoidh sé le húinéirí chun é a chur in úsáid arís.